Dáil debates

Thursday, 25 February 2010

10:30 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Tánaiste faoi reachtaíocht atá geallta le fada - le roinnt blianta - reachtaíocht í a bhfuil suim ag an Tánaiste inti tá mé cinnte, mar go mbaineann sí leis an Ghaeltacht. An reachtaíocht atá i gceist ná Bille Údarás na Gaeltachta. Cén uair an mbeidh an Bille sin á chur i láthair sa Dáil agus an mbeidh sé i láthair roimh thoghchán Údarás na Gaeltachta, atá dlite níos moille i mbliana? Cén uair an mbeidh an toghchán ann agus an mbeidh an Bille anseo roimh an toghchán?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.