Dáil debates

Wednesday, 17 December 2008

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an dTeachta as ucht na ceiste seo a ardú anseo anocht. Táim anseo thar cionn an Aire Oideachais agus Eolaíochta mar go mbaineann an scéal leis an Roinn sin.

Go deimhin, bhí spéis agam sa mhéid a bhí le rá ag an dTeachta maidir le bunú na gcoláistí Gaeilge. Mar a tharlaíonn sé, sa bhliain 1903, bhí cruinniú i gCorcaigh, agus ag an gcruinniú sin, mhol mo sheanathair, Seán Ó Cuív, go mbunófaí coláiste Gaeilge. Ag éirí as sin, bunaíodh coláiste Gaeilge Béal Átha an Ghaorthaidh. Aisteach go leor, bhí an seanathair eile ag an gcomóradh a rinneadh in 1966 ar bhunú an choláiste agus bhí mise, mar Aire na Gaeltachta, ag an gcomóradh a rinneadh ar bhunadh an choláiste sin 100 bliain i ndiaidh a bhunaithe. Mar sin, tá ceangal fada ag mo mhuintir leis na coláistí Gaeilge. Go deimhin, d'fhreastal mé féin ar an gcoláiste i mBéal Átha an Ghaorthaidh ar feadh trí bliana, agus uair amháin sa Spidéal. Mar is eol don Teachta, caithfidh go ndeachaigh an Spidéal go mór i gcion orm, mar phós mé bean as an Spidéal ina dhiaidh sin.

Aithníonn an tAire Oideachais agus Eolaíochta ról tábhachtach na gcoláisti samhraidh Gaeltachta agus molann sé obair na gcoláistí as ucht Iíofacht a chothú i measc na mac léinn a dhéanann freastal orthu. Is ábhar dóchais é go leanann líon suntasach mac léinn orthu ag freastal ar na coláistf seo sa Ghaeltacht. Aithním chomh maith go mbíonn tionchar nach beag ag na coláistí ar eacnamaíocht na gceantar Gaeltachta in a bhfuil siad lonnaithe.

Ni raibh aon dul as, afach, ach roghanna deacra a dhéanamh thar gach réimse de chaiteachas poiblí i mbuiséad 2009. Rinneadh na cinntí seo chun srian a chur le caiteachas poiblí agus marthanacht a áirithiú sa fad-téarma. Ina leith seo, níorbh fhéidir an t-oideachas a sparáil ina iomláine cé gur cosnaíodh é níos mó ná formór na reimsí eile den chaiteachas poiblí.

Níor mhór roinnt bearta a chur i gcrích in earnáil an oideachais chun cabhrú le costais na hearnála poiblí a shrianadh agus soláthar a dhéanamh ag an am chéanna d'athruithe deimeagrafacha agus eile. In ainneoin an mhéadaithe de €302 milliún sa bhuiséad oideachais do 2009, éacht nach beag agus an eacnamaíocht mar atá sí, ni raibh aon dul as ach roinnt cinntí crua, deacra a dhéanamh.

Léiríodh na cinntí seo i mease na bhfógairtí lá an bhuiséid, agus ina measc bhí cealú an deontais a bhí á íoc ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta do na colaistí samhraidh Gaeilge. B'é ráta an chúnamh deontais seo, a cuireadh ar fail i 2008, ná tuairim is €53 in aghaidh gach mhic léinn a bhí rollaithe ar chúrsa trí seachtaine, méid ab ionann is cuid bheag go leor den chostas foriomlán a ghabhann le freastal ar an gcúrsa. Cuireadh an chabhair a soláthraíodh in aghaidh an mhic léinn ar fail ar bhonn an lín fhoriomláin a bhí rollaithe ins na cursaí samhraidh, is cuma faoi acmhainní na dtuismitheoirí.

Leanfar le tacaíocht an Stáit do mhic léinn a fhreastalaíonn ar na coláistí samhraidh Gaeltachta i bhfoirm na bhfóirdheontas a íoctar le teaghlaigh a chuireann cóiríocht ar fáil do na mic léinn. Ina theannta sin, leanfar leis an maoiniú a dhéantar ar fhreastal ábhar oidí ar na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht agus leis na socruithe maidir le saoire phearsanta bhreise a cheadú do mhúinteoirí bunscoile a mhúineann ins na coláistí samhraidh.

Tuigeann an tAire Oideachais agus Eolaíochta an tábhacht chultúrtha agus socheolaíoch a bhaineann leis na limistéir Gaeltachta d'fhoghlaimeoirí na teanga agus leanfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaiochta le tacaíochtaí Stáit a thabhairt de réir mar is féidir sin leis na hacmhainní mar atá siad ins na toscaí deacra eacnamaíochta atá ann faoi láthair.

Cuireann an Roinn raon bearta ar fáil chun tacú le múineadh agus foghlaim na Gaeilge agus le foghlaim trí Ghaeilge. Orthu seo tá: tacaíochtaí breisithe múinteoireachta agus maoinithe do Ghaelscoileanna; forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí ag an leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile tríd an gclár tacaíochta don churaclam bunscoile agus tríd an tseirbhís tacaíochta dara leibhéal, faoina gcuirtear 34 oiliúnóir lánaimseartha ar fáil; cláir mhodúlacha do mhúinteoirí tríd an nGréasán lárionad oideachais; agus soláthar téacsanna, ábhar agus acmhainní i nGaeilge trí fhorbairt Shéideán Sí agus obair na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Tá mórán athruithe tarlaithe sa bhliain a chuaigh thart agus is í an chéad aidhm atá ag an Rialtas ná an t-airgeadas poiblí a chosaint. Is é seo an t-aon bhealach inar féidir linn gnóthachain a choimeád agus cur ar ár gcumas féin feabhsúchain a dhéanamh amach anseo. Táimd ag déileáil, áfach, le staid eacnamaíochta a bhfuil deacracht gan fasach ag baint leis. Tá sé de dhualgas ar an Rialtas aghaidh a thabhairt ar seo agus cinntí fíor-dheacra a dhéanamh ar mhaithe leis an náisiún. Agus sin á dheanamh againn, tá iarracht déanta againn foscadh éigin a thabhairt don earnáil oideachais, ach i bhfianaise scála an chaiteachais phoiblí ar an oideachas, ní féidir cinntí crua a sheachaint.

Cabhróidh bearta an bhuiséid lena chinntiú go mbíonn Éire suite go maith chun tairbhe a bhaint as nuair a thiocfaidh feabhas ar an eacnamaíocht domhanda agus nuair a bheidh ar ár gcumas tógáil arís ar éachta móra na mblianta deireanacha agus déanamh amhlaidh i slí a bheidh i gcomhréir le bainistíocht chríonna eacnamaíochta na hÉireann ina iomláine.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil arís eile leis an dTeachta as ucht deis a thabhairt dom an fhreagra seo a thabhairt ar son mo chomhgleacaí, an tAire Batt O'Keeffe, agus an scéal a mhíniú ar a shon maidir leis na coláistí samhraidh Gaeilge agus a Roinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.