Dáil debates

Wednesday, 17 December 2008

 

Coláistí Samhraidh.

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ar dtús ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Cheann Comhairle as an deis an cheist thábhachtach seo a thógáil. Is ceist thábhachtach í seo, ní hamháin don Ghaeilge, ach do oideachas na tíre agus don Ghaeltacht. Táim cinnte go n-aontóidh an tAire liom go bhfuil stair fhada glórmhar ag na coláistí Gaeilge sa tír, a théann siar breis agus céad bliain ó bunaíodh an chéad choláiste Gaeilge i mBéal Átha an Ghaorthaidh, i gContae Chorcaigh, Coláiste na Mumhan.

Bliain nó dhó ina dhaidh sin bunaíodh an dara choláiste Gaeilge i mo cheanntar féin, i nGort 'a Choirce, Coláiste Uladh. Coláistí iad seo a raibh freastal ag mór laochra agus pearsain mhór i staire réabhlóide na tíre seo orthu. Mar shampla, i gColáiste Uladh bhí daoine móra cosúil le Ruairí Mac Easmainn, an Piarsach féin agus ar ndóigh daoine ó Thuaisceart Éireann a bhain leis an aicme eile, an aicme dílseoirí.

Ainm amháin a thagann chun mo chuimhne ná Róis Ní Ógáin, Rose Young, sean-aintín leis an Tiarna Brookeborough, a tháinig go rialta chuig Gort 'a Choirce agus a d'foghlaim a cuid Gaeilge agus a chuir an Duanaire Gaeilge ar fail. Taispeánann sé sin an fiúntas, an feabhas agus an mhaitheas a rinne na coláistí Gaeilge ó bunaíodh iad breis is céad bliain ó shin. Tá áthas orm go dtí an lá inniu go bhfuil na coláistí sin ag gníomhú go héifeachtach ar fud na tíre.

'Sé an tAire féin a dúirt go raibh freastal de 6,020 dalta ar na coláistí Gaeilge i seachtan amháin i mbliana. Dúirt an tAire sa ráiteas sin gur fiú €50 milliún do cheantair Ghaeltachta na tíre seo tionscal na gcoláistí Gaeilge. Ní hamháin go mbíonn na daltaí ag freastal ar na coláistí, ach bíonn a gcuid tuismitheoirí agus a gcuid gaolta agus daoine eile ag tabhairt cuairteanna orthu i rith an tsamhraidh. Ar ndóigh, dúinne a bhfuil cónaí orainn sa Ghaeltacht, bíonn na coláistí Gaeilge agus teacht na ndaltaí cosúil le teacht na bhfáinleog sa samhradh, faoi mar a bhí ag an Phiarsach sa scéal sin Eoghainín na nÉan. Táim cinnte go bhfuil eolas ag an Aire ar an scéal sin.

Bhí trí fhoinse d'ioncaim ag na coláistí Gaeilge i gcónaí, an táille a dhíol na tuismitheoirí féin as na daltaí a chur chun na Gaeltachta, an táille a dhíol Roinn an Aire a chuaigh go dtí na mna tí agus an deontas caipitíochta a thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta le haghaidh gach dalta. Cuireadh ionadh an tsaoil orm nuair a tarraingíodh siar go huile agus go hiomlán san cháinaisnéis an deontas caipitíochta sin. Tá mé cinnte go n-aontaíonn sibh gur buille mór sin dos na coláistí Gaeilge a chuireann ar chumas daoine óga, ní hamháin dul agus an Ghaeilge a fhoghlaim ach eolas a chur ar chultúr agus thraidisiún na tuaithe agus na Gaeltachta agus an cheantair sin den tír. An méid atá á tarraingt siar le ciorrú an deontais seo ná €1.25 milliún, amach as €9.5 milliún, an caiteachas ar fad don Roinn. Suim an-bheag í don Roinn, ach is suim an-mhór í dos na coláistí Gaeilge.

Beidh roinnt de na coláistí Gaeilge ábalta é seo a sheasamh ar feadh bliana nó dhó. Sin iad na coláistí atá sean-bhunaithe a bhfuil airgead cruinnithe acu agus nead déanta acu mar go raibh siad ag cruinniú fá choinne na coise tinne. Ach ba mhaith liomsa go gcuimhneodh muid ar na coláistí atá ag na comharchumainn, na coláistí atá ag eagraíochtaí cosúil le Gael Linn, a threoraíonn an t-airgead agus an brabús a dhéanann sé bliain in aghaidh bliana isteach sna comhluadair agus na ceantair ina bhfuil siad lonnaithe.

B'fhiú smaoineamh freisin ar choláistí nach bhfuil ach i ndiaidh tosnú. I mo cheantar féin tá coláiste úr i mBun an Inbhir, a bhí ann don chéad uair athrú anuraidh. Is beag achmhainní atá ag an gcoláiste sin go fóill. Tá siad ag tógáil chomh maith agus is féidir leo agus ag iarraidh níos mó daltaí a fháil. Cuirfidh an tarraingt siar den deontas seo isteach go mór ar na haicmí sin.

Iarraim ar an Aire, cé go bhfuil a fhios agam nach eisean atá i gceannas na Roinne Oideachais agus Eolaíochta — ach tá sé i gceannas ar An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus tuigeann sé an cás agus cé chomh trom agus a bheidh an buille seo ar an chuid is mó de na coláistí — dul chuig a chomhghleacaithe agus an Rialtas agus iarradh orthu athmhacnamh a dhéanamh ar tharraingt siar an deontais seo agus é a thabhairt do na coláistí i mbliana. Níl i gceist ach €1.25 milliún, suim bheag i gcomhthéacs caiteachas na tíre seo, ach suim mhór chomh fada agus a bhaineann sí leis na coláistí.

Tá an tAire in ann agus san áit cheart le bronntanas breá Nollag a thabhairt dos na 633 teaghlach, de réir a fhocail féin, a dheineann freastal ar na daltaí seo i rith an tsamhraidh sna ceantair Ghaeltachta. Go raibh maith agat.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.