Dáil debates

Thursday, 26 June 2008

 

Plean Náisiúnta na Gaeilge.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Gabhaim buíochas leis an tAire as an t-eolas a thug sé dúinn ina fhreagra. Is é an rud a léiríonn sin ná an easpa práinne atá leis an bhfochoiste seo agus an obair atá idir lámha acu. Má thuigim i gceart an méid a dúirt an tAire, ní raibh ag an fochoiste ach cruinniú amháin ó bhunaíodh é i mí Aibreán seo caite. Tá práinn mhór le gníomh gan mhoill. Bheinn ag súil go mbeadh cruinnithe rialta ag an bhfochoiste idir seo agus deireadh na bliana. Dúirt an tAire go raibh an Taoiseach mar chathaoirleach ar an bhfochoiste agus go raibh an Tánaiste ar an gcoiste fosta. An é an Taoiseach úr atá mar chathaoirleach air agus an bhfuil an bhallraíocht chéanna ann? Tá géarghá le gníomh láithreach.

Mar eolas don Aire, fuair mé glaoch teileafóin ó mo dháilceantar inniu i dtaobh fógra atá lasmuigh den Teach. Bhí duine éigin ag siúl ar Shráid Chill Dara agus chonaic sé an fógra mór taobh amuigh den Dáil ag cur fáilte roimh a theaghlach teacht isteach anseo ag an deireadh seachtaine, mar go bhfuil lá oscailte sa Teach. Creid nó ná creid — ní fhaca mé an fógra go fóill — ach deirtear liom nach bhfuil sé ach i mBéarla amháin. Má tá sin fíor, is cúis scannail agus éadochais é go bhfuil muidne anseo ag iarraidh na Gaeilge a chur ar aghaidh le hAcht na Gaeilge agus Gaeilge ag leibhéal na hEorpa, ach nuair a chuirtear fógra suas do phobal na hÉireann taobh amuigh de Dáil Éireann, nach bhfuil sé ach i mBéarla amháin. Má tá sin fíor, tá géarghá le cruinnithe níos minicí agus le gníomh gan mhoill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.