Dáil debates

Thursday, 26 June 2008

 

Plean Náisiúnta na Gaeilge.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Faoi mar atá curtha in iúl don Teach cheana, bunaíodh an Coiste Rialtais a luann an Teachta chun breathnaithe ar shaincheisteanna a thagann chun cinn i gcomhthéacs na hanailíse agus na moltaí sa tuarascáil a d'eascair ón Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Bhí an chéad cruinniú den Choiste ann ar 10 Aibreán 2008.

Ag éirí as ath-ainmniú an Rialtais ar 7 Bealtaine 2008, tá cinneadh déanta go mbeidh ballraíocht ag an gCoiste mar seo a leanas: An Taoiseach (Cathaoirleach); An Tánaiste agus Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta; An tAire Airgeadais; An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil; An tAire Iompair; An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta; An tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh; An tAire Oideachais agus Eolaíochta; An tAire Gnóthaí Eachtracha; An tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha; agus An Príomh-Aoire. Tá mé ag súil leis go mbeidh an chéad chruinniú eile den choiste ann go luath.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá an chuid sin den phróiseas a bhaineann leis an gcéad chéim den chomhairliúchán phoiblí ag teacht chun deiridh. Tionóladh cruinnithe poiblí i gCorcaigh, Luimneach, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Sligeach sa tréimhse ó 30 Aibreán go 14 Bealtaine 2008.

Ina theannta sin, dearadh ceistneoir ar-líne i nGaeilge agus i mBéarla dóibh siúd nach raibh ar a gcumas teacht chuig na cruinnithe. Tá na ceistneoirí seo ar fáil ar an suíomh idirlín www.plean2028.ie. Chomh maith leis sin, is féidir leo siúd gur mian leo foirm chrua den cheistneoir seo a líonadh.

Ó thaobh na gcéad céimeanna eile den phróiseas, tá i gceist tosú ar phlé-pháipéar a ullmhú a leagfaidh síos na príomh-saincheisteanna don straitéis, ag cur san áirimh na moltaí a tháinig ón bpobal trí na cruinnithe poiblí agus na ceistneoirí, chomh maith le moltaí ó gheallsealbhóirí eile. Táthar ag súil go mbeidh an plé-pháipéar ullamh i gcóir comhairliúchán poiblí sa bhfómhar. Ina dhiaidh sin, réiteoidh mo Roinn an dréacht-straitéis le cur ós comhair an Rialtais. Táthar ag súil leis an bpróiseas iomlán a bheith críochnaithe roimh dheireadh na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.