Dáil debates
Tuesday, 24 April 2007
Community Development.
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Maidir le seirbhísí, dá mbeadh infheisteoir sa Ghaeltacht agus fonn air gnó éigin bunaithe ar sheirbhísí riachtanacha sa cheantar a chur ar bun, an aontaíonn an tAire liom gur beag cuidiú nó tacaíocht a bheadh ar fáil ó na heagrais Stáit nó a Roinn féin? An bhfuil bac ann go fóill? An é polasaí an Rialtais agus an Údaráis é gan tacaíocht airgid a thabhairt do thionscnaimh ar seirbhísí iad? An mbíonn an fhreagracht orthu féin?
No comments