Dáil debates

Tuesday, 24 April 2007

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Níl eolas cruinn agam faoi sin. Iarrfaidh mé ar Údarás na Gaeltachta an t-eolas a thabhairt don Teachta. Tá mé cinnte go ndéanfar suirbhé i mBaile Átha Cliath ar na postanna déantúsaíochta sa cheantar. Ní dóigh liom go raibh mórán méadú oraibh le blianta beaga anuas, mar go raibh méadaithe mór i bhfostaíocht sna seirbhísí. Caithfimid aghaidh a thabhairt ar na bhfíricí sin i gcomhthéacs na Gaeltachta. Dá bhrí sin, nuair a thosaigh mé a dh'obair mar Aire sa Roinn seo, chuir mé béim mhór ar athrú threo ó thaobh an Údaráis de. Go ginearálta, níl líon na bpostanna déantúsaíochta ag méadú go tréan sa Domhan Thiar, gan trácht ar Éirinn. Is dá bharr sin go bheartaíomar anuraidh ar 30 post a chruthú i nGaoth Dobhair. Tá gach tacaíocht tugtha agam don Údarás chun páirc nua a dhéanamh as eastát tionsclaíochta Ghaoth Dobhair. Tuigim nach bhfuil an paróiste céanna i gceist. Tá sé fíor-thábhachtach go ndéanfaí iarracht postanna a chruthú sna bparóistí — caithfimid an cheist seo a scrúdú. Sa chuid eile den tír, tá daoine ag taisteal deich nó 15 míle chun a chuid oibre a dhéanamh. Má tá fostaíocht gar go leor do dhaoine, in áit atá éasca taisteal chuige, tá sé ceart go leor an fhostaíocht a bheith suite sa cheantar i gcoitinne. Mar a dúirt mé go minic anseo, ní féidir le héinne in aon áit eile ar domhan dul san iomaíocht linn maidir le postanna a bhaineann leis an teanga a chruthú. Mar a luaigh an Teachta, táimid ag caint mar gheall ar cheann de na Gaeltachtaí is láidre sa tír. Tá mé ag smaoineamh ar rudaí ar nós bunú an acadaimh i nGaoth Dobhair nuair a labhraím mar gheall ar an chur chuige nua-aimseartha. Nílimid ag díriú go hiomlán ar dhéantúsaíocht. Tá agus beidh ról ag na tionscail traidisiúnta ó thaobh chinnteacht ioncaim de. Tá ról ag na gcoláistí samhraidh ó thaobh chinnteacht ioncaim agus postanna. Tá láidreacht mhaith déanta i dtalmhaíocht agus iascaireacht, mar shampla, le blianta beaga anuas. Níl an bhuan-fhostaíocht chéanna á cur ar fáil is a bhí uair amháin. Caithfimid breathnú air as an nua. Creidim go bhfuil na deiseanna fostaíochta is mó i rannóg na seirbhísí. Nuair a deirim "seirbhísí", d'fhéadfadh aon chineál seirbhíse a bheith i gceist. Tá sé dúshlánach go maith ag leithéidí d'Údarás na Gaeltachta ó thaobh fostaíochta agus déantúsaíochta de, mar a bhí, mar shampla, i nGaoth Dobhair deich nó 20 bliain ó shin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.