Dáil debates

Tuesday, 24 April 2007

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an eolais sin. Tá mé cinnte go dtuigeann an tAire cé chomh tábhachtach agus atá ceantar stairiúil Chloich Cheann Fhaola ó thaobh na Gaeltachta de. Má cuimhníonn an tAire ar na scoileanna sa cheantar, beidh a fhios aige gur cheantar láidir Ghaeilge í Chloich Cheann Fhaola, mar go bhfuil an Ghaeilge mar theanga dhúchais na ndaltaí i Scoil Mhachaire Uí Rabhartaigh, Scoil Chnoc na Naomh i nDoire Chonaire, Scoil Ghort a' Choirce, Scoil Chaiseal na gCorr agus Scoil na gCroisbhealach sa bhFál Carrach. Tá sé de dhualgas orainn tacaíocht eacnamaíochta agus fostaíochta a thabhairt don áit. Cuirim fáilte roimh an 12 post lán-aimseartha agus an deich bpost páirt-aimseartha a cuireadh ar fáil i gCloch Cheann Fhaola i 2006. Má smaoinímid ar na deacrachtaí atá ag an bpobal mór sin maidir leis na tionscail agus an fhostaíocht a bhí ag braith ar acmhainní an Údaráis, is léir go bhfuil siad in ísle bhrí. Tá a fhios ag an Aire nach mbeidh iascaireacht bradáin, fiú amháin, acu i mbliana — tá deireadh curtha leis i Machaire Uí Rabhartaigh, i mBaile an Easa agus ar na hoileáin. Tá an talamhaíocht ag dul in ísle bhrí sa cheantar, cé gur dhúiche mhaith talmhaíochta a bhí ann san am atá thart. Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire tréan-iarracht a dhéanamh níos mó fostaíochta a mhealladh isteach sa cheantar fá choinne daoine óga a choinneáil sa bhaile, leanúint ar aghaidh le labhairt na teanga agus an teanga a fhorbairt sa cheantar sin. Deirtear go bhfuil 145 post séasúrach sa cheantar. An bhfuil na daoine sin ag obair i bpostanna turasóireachta — sna hóstáin, mar shampla? An féidir leis an Aire breis eolais a thabhairt?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.