Dáil debates

Tuesday, 24 April 2007

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar is eol don Teachta, bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun deiseanna fostaíochta agus forbartha a chruthú i ngach ceantar Gaeltachta, Paróiste Chloich Cheann Fhaola ina measc.

Tá torthaí 2006 den suirbhé bliantúil d'fhostaíocht i dtionscadail a fuair cúnamh ón Údarás curtha ar fáil ó thús na bliana seo. Tuigim ón Údarás go léiríonn an suirbhé seo gur tháinig méadú ar an bhfostaíocht i gceantar Chloich Cheann Fhaola le linn 2006, is é, 12 post breise lánaimseartha agus dhá phost breise páirtaimseartha nó séasúrach. Dá réir sin, b'iad na figiúirí dheireadh bliana don pharóiste, na hoileáin mhara san áireamh, ná 132 post lánaimseartha agus 145 post páirtaimseartha nó séasúrach.

Tá béim agus fócas faoi leith á ndíriú ag an Údarás i 2007 ar Eastát an Fhál Charraigh chun tograí nua a aimsiú agus tá cuairteanna suímh ag dul ar aghaidh cheana féin. Tá tograí suntasacha ar bun i nGort an Choirce freisin. Mar shampla, tá ionad forbartha bia agus gorlann tograí bia á bhforbairt i Machaire Rabhartaigh agus breis áiseanna ar nós sólainne agus linn snámha á gcur ar fáil in óstán áitiúil. Cruthófar fostaíocht bhreise sa cheantar de bharr na hinfheistíochta seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.