Dáil debates

Tuesday, 24 April 2007

 

Community Development.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Go ginearálta, braitheann sé ar an chineál seirbhíse atá ar fáil. Mar shampla, ní bheadh fadhb ar bith ag an Údarás cúnamh a thabhairt maidir le seirbhísí idirnáisiúnta airgeadais. Tá cúnamh tugtha aige do sheirbhísí agus tionscail na Gaeilge ar nós aistriúcháin freisin. Ní thugann sé cúnamh do mhiondíol ar an ngnáthbhealach, áfach. Glactar leis gur "deadweight" é, mar a thugtar air sa mBéarla. Níor cheart go mbeadh deontas ar fáil dó sin, agus bheadh ceisteanna iomaíochta, míchothroim agus mar sin de ag baint leis.

Más maith leis an Teachta, iarrfaidh mé ar Údarás na Gaeltachta a pholasaí i dtaobh seirbhísí a chur chuige chun an cás a mhíniú. Níl an scéal dubh agus bán, mar is léir go gcuireann an tÚdarás airgead ar fáil do sheirbhísí áirithe. Má tá duine ag iarraidh siopa a bhunú, ní chuirtear airgead ar fáil, áfach. Is fearr an t-eolas cruinn ón Údarás a chur chuig an Teachta.

Ag deireadh na bliana 2006, bhí 2,436 duine fostaithe i dtionscail i dTír Chonaill a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. Is é an chomparáid is fearr ar féidir a dhéanamh ná le ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá na fadhbanna sa Ghaeltacht scoite amach, ach tá i bhfad níos mó ceantar cosúil leo taobh amuigh den Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.