Dáil debates

Wednesday, 15 February 2006

Official Languages Act 2003: Motion.

 

12:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)

Gabhaim buíochas leis an Taoiseach as dhá uair a chur ar fáil le seo a phlé. Ní bheidh Páirtí an Lucht Oibre ag cur i gcoinne na tairisceana maidir le ceadú beartaithe ag Dáil Éireann i ndáil leis na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Chomhlachtaí Poiblí) 2006. Beidh ceisteanna againn agus rudaí le rá againn, ar ndóigh.

Shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla ina dhlí ar 4 Iúil 2003. Go dtí an tseachtain seo chaite, ní raibh ach 3.5% de na comhlachtaí poiblí faoi réim an Achta in ann a rá go raibh scéimeanna teanga daingnithe agus foilsithe ag an Aire leo. Is é sin 22 scéim teanga as 650. Tá dhá bhliain go leith imithe ó shínigh an tUachtarán an tAcht, agus ní féidir a rá go bhfuil morán dul chun cinn déanta ó thaobh scéimeanna teanga a dhaingniú agus a fhoilsiú.

Go dtí an tseachtain seo caite, dúirt an tAire go raibh agallaimh ar siúl idir a Roinn agus níos mó ná 70 comhlacht eile a bhfuil scéim teanga á gcríochnú nó tosnaithe acu. Feicfimid an dtiocfaidh feabhas ar an scéal i rith na bliana.

Tá 21 comhlacht poiblí nach bhfuil ann a thuilleadh á mbaint den Acht, agus tá 34 comhlacht poiblí nua á gcur isteach faoi réim an Achta. Tá cuid de na comhlachtaí poiblí nua ag tógaint áit chomhlachtaí poiblí atá curtha ar ceal. Cad a thárlóidh sa chás go ndéantar príobháidiú ar chuideachtaí Stáit nó ar chuid de chuideachta Stáit?

Tá an tAire ag iarraidh orainn Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, Comhlacht Poiblí Teoranta, a chur isteach mar chuideachta Stáit faoin Acht, ach tá an Rialtas chun na hóstáin Great Southern a dhíol. Tá na hóstáin úd mar chuid d'Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, Comhlacht Poiblí Teoranta. Más rud é go ndíoltar na hóstáin nó cuid acu, an mbeidh siad faoi réim an Achta a thuilleadh? Nach mbeadh na húinéirí nua ábalta an argóint a chur faoi bhráid an Rialtais go mbeidís faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le hóstáin phríobháideacha eile ó thaobh an chostais i dtaobh a ndualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm? An raibh cainteanna ag an Aire leis an Aire Iompair faoi seo?

Tá an Rialtas an-tugtha do phríobháidiú, mar shampla, Aer Lingus, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath. An bhfuil aon chinneadh déanta ag an Rialtas faoi fhadhbanna ar nós a bhfuil léirithe agam faoi na hóstáin Great Southern? Nach dtagann an cheist seo suas de réir na gcomhlachtaí atá faoin Acht cheana féin? Is é sin, céard faoi na comhlachtaí Stáit trádála atá in iomaíocht le cuideachtaí príobháideacha nach bhfuil dualgais orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003?

Tá cur i bhfeidhm an Achta ag dul ar aghaidh go mall, agus tá cúiseanna leis sin. Ina thuarascáil tionscnaimh don bhliain 2004, dúirt an Coimisinéir Teanga, an tUas. Seán Ó Cuirreáin, go raibh tuairimíocht cloiste aige le linn na bliana ó chomhlachtaí poiblí éagsúla faoi imní a bheith orthu go bhfuil easpa cumais nó easpa líofachta sa Ghaeilge i measc a mball foirne. Dúirt sé freisin gur chúis imní dó a leithéid de thuairiscí faoi chumas agus easpa líofachta sa teanga a bheith bunaithe san oiread sin d'fhostaithe an Státchórais.

Cé chomh dona is atá an scéal ó thaobh chumas agus líofacht Gaeilge sa Státchóras? An é seo an fáth go bhfuil cur i bhfeidhm an Achta chom mall sin, nó an ceist airgid é? Níl aon eolas ceart á chur ar fáil ag an Rialtas ar cad go díreach atá caite go fóill ar chur i bhfeidhm an Achta agus cad go díreach a chosnóidh sé an tAcht a chur i bhfeidhm ina iomláine.

Tá figiúirí arda á bhfoilsiú anois agus aríst sna nuachtáin, agus cé go ndeireann an tAire go bhfuil na figiúirí sin ró-ard ar fad, níl an Rialtas ag teacht suas le meastacháin, fiú amháin. Tá daoine amhrasach faoin gcostas, agus tá sé tábhachtach eolas chomh cruinn agus is féidir a chur ar fáil go luath. Ba cheart go n-iarrfadh an Rialtas ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste teacht suas le meastacháin. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ag freastal ar an mionlach, agus más rud é go bhfuil an oiread sin airgid á chaitheamh ar an Acht a chur i bhfeidhm, caithfear an scéal a mheas ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge i measc mhuintir na hÉireann. Tá tuarascáil chuimsitheach ag teastáil ar cad iad na deacrachtaí go díreach atá ag teacht suas sna hagallaimh idir an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus na comhlachtaí, eagraíochtaí agus grúpaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus cad go díreach atáá dhéanamh ag an Rialtas chun na deacrachtaí sin a réiteach.

Ceist eile ar gá a fhreagairt ná an bhfuil sé ciallmhar agus fiúntach doiciméid áirithe a léitear go hannamh sa Bhéarla, fiú amháin, a aistriú go Gaeilge. Cén tairbhe a thagann as sin don Ghaeilge? An bhfuil go leor aistritheoirí ann? B'shin an cheist a d'ardaigh mo chara, an Teachta McGinley. An mbeidh go leor aistritheoirí ar fáil chun an tAcht seo a chur i bhfeidhm, agus an mbeidh go leor acu ar fáil chun freastal ar an Ghaolainn mar theanga oifigiúil oibre don Aontas Eorpach?

Chun an fhírinne a rá, bhí mé ag léamh na hóráide a thug an tAire Ó Cuív le linn dom bheith ag éisteacht leis. Ní raibh ann ach stair agus eolas ginearálta. Ní bhfuair mé aon rud as a chuirfeadh leis an eolas atá agam cheana féin, de réir mar is cuimhin liom, ar chur i bhfeidhm an Achta agus cad go díreach atá ag tarlú. Tá deacrachtaí ann, agus níor cheart go mbeadh orm mar urlabhraí de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, mar a tharla an tseachtain seo caite, iarraidh ar an Taoiseach go mbeadh díospóireacht againn ar an Acht. Cén fáth nach raibh díospóireacht sa Dáil, mar shampla, ar an tuarascáil ón Choimisinéir Teanga? Tá an-chuid sa doiciméad sin atá suntasach agus a léiríonn na fadhbanna atá ann. Tá an díospóireacht sin ag teastáil, ní amháin sa Teach seo ach in áiteanna eile.

Is iad na ceisteanna deireannacha atá agam don Aire ná an bhfuil sé fabhrach go mbeadh díospóireacht againn ar thuarascáil tionscnaimh an Choimisinéara, agus an iarrfaidh sé ar an Rialtas an t-am a chur ar fáil go luath chun go mbeadh sí againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.