Dáil debates

Wednesday, 15 February 2006

Official Languages Act 2003: Motion.

 

12:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)

Tá áthas orm go bhfuil cúpla nóiméad agam chun cúpla ní a rá ar an ábhar seo. Aontaím go hiomlán le mo chomhghleacaí, an Teachta Ó Sé, nuair a iarrann sé go mbeadh seans againn tuarascáil an Choimisinéara, an tUas. Seán Ó Cuirreáin, don mbliain 2004 a phlé, mar tá a lán moltaí dearfacha, fiúntacha inti. Tá súil agam go mbeidh an díospóireacht sin againn roimh i bhfad.

Agus mé ag éisteacht leis an méid a dúirt an tAire, agus ag machnamh ar a bhfuil ar siúl aige agus na moltaí atá os ár gcomhair, smaoiním ar mo thréimhse féin mar Aire Gaeltachta. Ar bhealach, chuir sé díomá orm nár éirigh leis an scéim dheonach, is é sin, nach raibh na comhlachtaí Stáit agus leath-Stáit sásta a ndícheall a dhéanamh, gan reachtaíocht a bheith á brú orthu, níos mó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is cuimhin liom go soiléir cén rud a bhí ann. Dúirt siad go láidir liom nárbh fhéidir leo freastal ar dhá thrá. Bhí brú orthu gach rud a dhéanamh taobh istigh d'atmaisféar a chuir an bhéim ar iomaíocht agus éifeacht, b'fhéidir, ar leibhéal amháin.

Ag an am céanna, bhí mise ag iarraidh orthu a ndualgais bhunreachtúla a chomhlíonadh. Dúirt na comhlachtaí go hiomlán — chuirfeadh a n-ainmneacha ionadh ar Bhaill an Tí seo — go soiléir liom dá mba rud é go raibh rogha le déanamh, go rabhadar leis an rud tráchtáil a dhéanamh agus gan bac leis an teanga. Tá mé ag caint faoi sean-chomhlachtaí. B'fhéidir nach bhfuair mé féin an chomhairle is fearr i leith reachtaíochta nuair a bhí mé ann. Dá mba rud é go raibh seans agam an gnó a dhéanamh arís, b'fhéidir go mbeadh an reachtaíocht tugtha isteach i bhfad níos luaithe ach ní raibh ant-atmaisféar ann ag an am.

Agus é sin ráite, tá sé suimiúil go bhfuil deacrachtaí ann i leith na gcostas aistriúcháin. Tá mé go láidir i bhfabhar aitheantas a thabhairt don teanga ag leibhéal na hEorpa agus i bhfabhar an bhunphrionsabail go mbeadh seirbhísí ar fáil do gach saoránach trí mheán na Ghaeilge. Ba chóir, áfach, go mbeadh na costais aistriúcháin a bhaineann le Billí gearrtha amach ón mbuiséad ó thaobh na teanga de go ginearálta. Má tá an Ghaeilge chun teacht chun cinn, ní féidir glacadh leis go bhfuilimid cosúil le státseirbhísigh sa Rúis, ag aistriú sean-cháipéisí agus an Ghaeilge ag sleamhnú siar ag an am gcéanna.

Tá an aird atá tugtha ar an Ghaeilge scannalach. Ba chóir dúinn féachaint ar an Press Gallery, mar shampla. An bhfuil éinne ann faoi láthair? Tá foilseacháin ann a chuireann árn-obair ar fáil don lucht léitheoireachta trí mheán na Gaeilge, ach níl mé cinnte faoi na hiriseoirí eile. Cad faoi obair na gcoistí éagsúla, mar shampla? Is ball de Chomhchoiste Gnóthaí Eachtracha le fada mé, b'fhéidir ó na 1980í. An bhfuil éinne ag freastal ar na coistí? An bhfuil éinne ag tabhairt aon airde d'éinne a labhraíonn i nGaeilge?

Is cuimhin liom nuair a tháinig mé isteach sa Teach seo go raibh cleachtadh ann sa Dáil agus sa Seanad go raibh daoine ag déanamh iarrachta feabhas a chuir ar a gcuid Ghaeilge. An bhfuil an cleachtadh sin ann anois? Táimid nua-aoiseach agus aineolach ag an am gcéanna. Tá cúrsaí cumarsáide imithe go mór ar chúl mar nach bhfuil an caighdeán ann.

Is fiú a rá leo siúd atá ag glacadh páirte i ngluaiseacht na Gaeilge go ginearálta nach mbaineann an teanga le páirtí amháin. Is féidir a bheith nua-aoiseach agus glacadh lena lán nithe éagsúla mar ní bhaineann an teanga leis an chaol-aigeantas ach an oiread. Tá na hamanna sin thart.

Tá dhá rud ann atá mar shórt baic ar an Ghaeilge. Tá ráiteas Hardiman ann ar leibhéal amháin — an leibhéal dlí— agus ar an leibhéal eile, táimid ag aistriú cáipéise. Tá mé i bhfabhar córas aistriúcháin a bheith i bhfeidhm ach nílimid in iomaíocht leis an sprioc ghinearálta atá againn — an Ghaeilge a chur ar aghaidh go ginearálta.

Ba chóir go mbeimid ionraic faoin mbundeacracht atá ann. Tá athruithe bunúsacha agus radacacha i múineadh na Gaeilge ag teastáil. Tá sé sin tábhachtach. Is trua liom nach bhfuil seans acu atá ag dul síos ar an Ghaeilge na modhanna is nua-aimseartha a úsáid leis an rud a chur ag fás sa samhlaíocht. Caithfimid a choimeád i gcuimhne go bhfuil gradaim bainte amach ag Telegael i gcóir animation. Is féidir a lán a dhéanamh. Dá mba rud é nach ndéanfaimid ach amháin an dualgas aistriúcháin a chomhlíonadh, beimid an-chosúil le cléireach Dostoevsky. Is é sin an méid a mbeadh fágtha.

Is é sin an fáth gur chóir go mbeadh na costais sin gearrtha amach ón mbuiséad ginearálta. Ba chóir go mbeadh gach éinne sa Teach seo — is cuma cén taobh den Teach nó cén páirtí— sásta airgead ceart a chur ar fáil do Raidió na Gaeltachta, do TG4, do mhúineadh na Ghaeilge agus do na gaelscoileanna, srl. Is é sin an rud atá tábhachtach. Aontaím le rud amháin a dúirt an tAire. Más rud é go bhfuil daoine i ndáiríre faoin Ghaeilge, ba chóir go mbeadh siad sásta ant-airgead a chaitheamh ar an gcuspóir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.