Dáil debates

Wednesday, 15 February 2006

Official Languages Act 2003: Motion.

 

12:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá lúcháir orm deis a bheith agam an t-ábhar seo a phlé sa Dáil. Caithfimid buíochas a thabhairt don Teachta Ó Sé agus na páirtithe eile, mo pháirtí féin san áireamh, a d'éiligh go mbeadh díospóireacht sa Dáil ar an ábhar tábhachtach seo. Ba é an rún a bhí ag an Rialtas ná go rachadh sé seo fríd gan díospóireacht de chineál ar bith. Is maith an rud é, agus ba chóir dúinn an deis a thapú i gcónaí, díospóireachtaí a bheith againn sa Teach seo i nGaeilge. Tréaslaím leis an Aire gur thug sé a óráid ó thús go deireadh i nGaeilge. Is maith an rud é agus is ceart go mbeadh ní ba mhó di le cloisint anseo, ní amháin nuair a bhímid ag plé Mheastacháin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus rudaí a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla nó leis an Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh sí i ngach Bille, agus ba chóir go mbeadh sí le cloisint gach lá ní ba mhó ná faoi láthair.

Ba iontach an rud é an tseachtain seo caite — an Déardaoin, sílim — go raibh díospóireacht sa Dáil chomh maith nuair a bhíomar ag plé leis an mBille um Ollscoil na Gaillimhe. Baineadh éigeantas amach — an riachtanas Gaeilge don fhoireann acadúil — agus bhí díospóireacht bhríomhar dhátheangach againn i nGaeilge agus i mBéarla. Is tráthúil go bhfuil deis againn inniu labhairt ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, reachtaíocht a fuair tacaíocht ó gach duine a labhair sa Dáil agus ó gach páirtí agus í ag dul fríd, go díreach mar a bhí tacaíocht an Tí go léir ar fáil nuair a bhíomar ag lorg stádas oifigiúil don teanga ag leibhéal na hEorpa. Léiríonn sé rud amháin, is é sin, go bhfuil dea-thoil agus dea-mhéin, ar a laghad, don teanga sa Teach seo. Tá mé cinnte go bhfuil an rud céanna amhlaidh sa Seanad.

Is céim ar aghaidh é sin, agus ní rómhinic a bhíonn deis againn an teanga a chloisint sa Dáil. Is maith an rud é go bhfuil dea-mhéin, dea-thoil agus tacaíocht don teanga ar fáil i bParlaimint na tíre, an tOireachtas. Is rud amháin é dea-mhéin, ach is rud eile é an mothú sin a chur i bhfeidhm. D'fháiltíomar roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus rinneamar scrúduithe ar Achtanna teanga i dtíortha eile. Bhíomar sa Bhreatain Bhig, agus bhí an tAire ansin nuair nach raibh céim chomh hard nó chomh húdarásach aige agus atá inniu. Chuaigh sé ina luí orainn go mór, murach an tAcht sa Bhreatain Bhig ag dul i bhfeidhm ar labhairt na teanga ansin. Tá tionchar deimhneach aige ar chúrsaí na teanga agus chur chun cinn na Breatnaise ansin.

Sílim go dtug an comhchoiste, nuair a bhí mé féin mar bhall de, cuairt ar Cheanada. Tá Acht ilchuimsitheach ansin. Tá go leor daoine ag díriú ar na dea-chinn a chur i gcomparáid le chéile, an ceann a chuireamar fríd an Teach seo cúpla bliain ó shin agus an ceann atá i gCeanada. Tá an ceann i gCeanada níos údarásaí, cumhachtaí agus láidre ná an ceann atá curtha fríd againn féin.

Agus é sin ráite, ar a laghad tá an tAcht ann agus tá sé tráthúil go bhféadfaimis anois féachaint cén dul chun cinn atá déanta i ndiaidh é a bheith i réim thart faoi dhá bhliain. Mar mhúinteoir scoile, bíonn suim agam sa dul chun cinn i gcónaí. B'fhéidir, i ndiaidh dhá bhliain, go bhféadfaimis scrúdú a dhéanamh le feiceáil cén dul chun cinn atá déanta. Is é an príomhchuspóir atá leis an díospóireacht seo inniu ná eagrais, boird agus eagraíochtaí a tháinig chun cinn nó a tháinig ar an saol ó reachtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach faoi choimirce an Achta agus eagraíochtaí nach bhfuil ann a thuilleadh nó a d'imigh as feidhm a chur amach. Tá sé seo le déanamh ó am go ham fá choinne an tAcht a thabhairt aníos chun dáta.

Deirtear liom go bhfuil 642 eagraíocht — ina measc, boird Stáit, Ranna, agus eagraíochtaí poiblí eile — sa tír seo. A luaithe nó a mhoille beidh orthu sin go léir feidhmiú de réir riachtanais an Achta. Deirtear liom chomh maith nach bhfuil siad go léir ag feidhmiú an Achta go dtí seo. Tá a thuilleadh á dhéanamh de réir a chéile. Níl a fhios agam an bhfuil sé fíor, ach deirtear liom fosta nach bhfuil ach 25 eagraíocht Stáit i láthair na huaire ag cur na seirbhísí agus na dtuairiscí ar fáil agus riachtanais an Achta i bhfeidhm. Más mar sin atá sé i ndiaidh dhá bhliain, nach bhfuil ach 25 eagraíocht as 642 ag feidhmiú de réir riachtanais an Achta, caithfimid rudaí a bhrostú agus deifir a dhéanamh.

Déanaimid tuairiscí go minic, agus tá cuid de na boird Stáit ag cur na dtuairiscí ar fáil go dátheangach nó aonteangach as Gaeilge, agus cuirimid uilig fáilte roimhe sin. Chuala mé daoine ag cur na ceiste cé mhéad daoine a léann iad. Is é an pointe atá agamsa ná nach léann mórán daoine na tuairiscí seo ar chor ar bith, i nGaeilge nó i mBéarla. Ós rud é gurb í an Ghaeilge príomhtheanga bhunreachtúil na tíre, tugaim tacaíocht go mbeadh siad ar fáil i nGaeilge. Déanann daoine tagairt do chostais, á rá nár chóir do na tuairiscí a bheith ar fáil ach ar dhioscaí amháin chun airgead a shábháil. B'fhéidir gur phointe é sin arbh fhéidir leis an Aire nó an Roinn a scrúdú.

Maidir le húdaráis áitiúla, thig liom a rá chomh fada agus a bhaineann sé le m'údarás áitiúil féin, Comhairle Chontae Dhún na nGall, go bhfuil obair mhór á déanamh aige. Tá polasaí teanga aige atá á chur i bhfeidhm. Sna hoifigí chomhairle chondae sa Chlochán Liath, is cuma cén uair a chuirtear glaoch uirthi, tá duine ansin atá in ann gnó a déanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Molaim an fhoireann sin, go speisialta an treoir a fhaigheann sí ó bhainisteoir an chondae a bhfuil gaisce déanta aige le feabhas a chur ar a Ghaeilge agus atá le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta i nGaeilge Bhéal Átha Seanaidh. Tá sé ag tabhairt sampla don chuid eile agus is eiseamláir don rud a thig le bainisteoir chondae a dhéanamh ina cheantar féin.

Ag caint ar údaráis áitiúla, ag éirí as Acht na dTeangacha Oigifiúla, tá dualgas orthu taobh amuigh seachas seirbhís a chur ar fáil ó thaobh pleanála de. Tá forbairt mhór ar thógáil ar fud na Gaeltachta agus tá scéimeanna conspóideacha á tógáil. Is cóir go mbeadh ról ag an údarás áitiúil agus ag Údarás na Gaeltachta ansin. Tuigeann an tAire caidé tá i gceist. Tá sé ag tarlú ina cheantar féin. Is dualgas sin nach cóir a fhágáil d'údarás áitiúil amháin ach ba chóir go mbeadh an fhreagracht ar gach údarás áitiúil, is cuma cén condae ina bhfuil sé.

Táéileamh tábhachtach. Cén mhaith na seirbhísí a bheith ansin muna bhfuil éileamh orthu? Caithfimid teacht aníos le plean straitéiseach leis an éileamh sin a mhéadú. Sa Chlochán Liath an chéad bhliain ní raibh an t-éileamh chomh mór sin ach nuair a rachaidh sé i bhfeidhm ar dhaoine go bhfuil an tseirbhís seo ar fáil agus gur féidir gnó a dhéanamh chomh foirfe i nGaeilge agus i mBéarla, cuirfidh sé leis an éileamh. Go dtí anois, aon fhoirm oifigiúil a bhí le líonadh, líonadh i mBéarla í. Caithfimid cur in iúl don phobal go bhfuil an tseirbhís ar fáil agus gur féidir gnó a dhéanamh fríd an Ghaeilge.

Is rud maith é go bhfuil Acht na dTeanghacha Oifigiúla ann agus go bhfuil na dualgais seo ar na Ranna agus boird agus eagraíochtaí Stáit. Mar sin, caithfimid rud eile a dhéanamh. Tá an tAcht oifigiúil ach caithfimid bheith ag obair agus ag tabhairt tacaíochta ar an talamh chomh maith agus caithfimid toiseacht leis an aos óg. Tá orainn toiseacht san oideachas. Bhí an tAire Oideachais agus Eolaíochta anseo an tseachtain seo caite agus dúirt sé go neamhbhalbh trasna an urláir nach bhfuil imní uirthi fá caidé atá ag tarlú sna scoileanna Gaeltachta maidir le labhairt agus teagasc na Gaeilge. Is comhartha dóchais millteanach iad na gaelscoileanna ar fud na tíre ach tá éadóchas ann chomh fada agus a bhaineann sé leis na Gaeltachtaí.

Bhí an tAire ag gearán faoin pholasaí a d'fhógair ceannaire Fhine Ghael cúpla mí ó shin. Níor chuir mé isteach uirthi ach tá sí i gceannas na Roinne. Cibé fá chúrsaí bunoideachais, deirtear liom nach bhfuil ach beirt chigirí Gaeilge sa tír a dhéanann scrúdú ar theagasc na Gaeilge sna meánscoileanna. In áit an Aire a bheith ag gearán dúinne, d'fhéadfadh sé amharc sa Roinn agus rudaí a cheartú agus a dhéanamh cinnte go bhfuil cigireacht cheart déanta ag an dara leibhéal ar fud na tíre.

Bhí cáil i gcónaí ag cigirí na mbunscoileanna. Is iad a sheol an polasaí athbheochana ar aghaidh. Níl a fhios agam an bhfuil sé mar an gcéanna go fóill — tá meath ag teacht ar an Ghaeilge sna coláistí ullmhúcháin agus tháinig meath ar bhrú na Gaeilge chun cinn sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta fosta. Bhí uair amháin nach dtiocfadh treoir de chineál ar bith amach as an Roinn ach i nGaeilge. Anois le blianta tá siad ag teacht amach i mBéarla amháin. B'fhéidir go bhfuil siad curtha amach go dátheangach anois.

Ba mhaith liom éileamh a chothú fríd an Acht do dhaoine atá oilte le seirbhísí a chur ar fáil — aistritheoirí agus lucht teangan. Tá dualgas orainn daoine le hard-cháilíochtaí a chur ar fáil. Léigh mé i nuachtán go bhfuil imní ann "that a lack of properly qualified interpreters for the Irish language is threatening to delay its full introduction as the 21st official language of the EU on 1 January 2007". Pléadh é seo i bParlaimint na hEorpa. Tá imní mhór orthu: "The officials are worried there may not be enough Irish speakers with the correct third level qualifications in interpretation to work at the EU institutions in Brussels." Caithfimid bheith cinnte go gcuirfimid daoine den scoth anonn anseo mar is iad sin a leagfaidh síos caighdeán na teanga dúinn. Caithfimid bheith cinnte go bhfuil cúrsaí den scoth ar fáil agus go mbeidh ard-chaighdeán ag na haistritheoirí san Aontas.

San alt céanna, tuairiscítear go dúirt an Taoiseach sa Dáil anuraidh gur chosnaigh sé €683 tuairisc a chur ar fáil i mBéarla agus €17,000 an tuairisc chéanna a chur ar fáil i nGaeilge. Má tá sin fíor tá rud éigin ann nach bhfuil ceart. Sin an rud a bhí i gceist in Acht na dTeangacha Oifigiúla. Níl mé ag rá nár chóir an t-airgead a chaitheamh ach tá difear uafásach idir €683 don leagan Béarla agus €17,000 don leagan Gaeilge.

Tá lúcháir orm deis a bheith agam an tAcht a phlé agus an dul chun cinn atá déanta go dtí seo. Tá sé soiléir go bhfuil dul chun cinn mór eile le déanamh mar ní réiteoidh an tAcht féin ceist na Gaeilge sa tír seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.