Dáil debates

Wednesday, 15 February 2006

Official Languages Act 2003: Motion.

 

12:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tairgim:

Go gceadaíonn Dáil Éireann na rialacháin seo a leanas ina ndréacht:

Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006, ar rialacháin iad ar leagadh cóipeanna díobh ina ndréacht faoi bhráid Dháil Éireann an 27 Eanáir, 2006.

Fáiltím go mór roimh an díospóireacht seo ar dhréacht de na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006. Is é an cuspóir atá leis na rialacháin seo ná an liosta de na comhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht a thabhairt suas go dáta trí chomhlachtaí nua a thabhairt faoi fhorálacha an Achta agus chun tagairt do chomhlachtaí nach bhfuil ag feidhmiú a thuilleadh a scrios.

B'fhéidir nár mhiste dom ag an bpointe seo príomhchúiseanna agus príomhchuspóir na reachtaíochta seo a chur i gcuimhne do na Teachtaí an athuair. Mar is eol daoibh, bhí roinnt fáthanna leis, ina measc: stádas bunreachtúil v. stádas fíorasach — mar shampla, cás Uí Bheoláin; teip ar iarrachtaí deonacha roimhe sin — beag aird tugtha ar threoirlínte neamhreachtúla Bhord na Gaeilge i 1993; agus cothrom na féinne a chinntiú do lucht labhartha na Gaeilge. Is fiú sliocht nó dhó de bhreithiúnas an Bhreitheamh Hardiman i gcás Uí Bheoláin sa bhliain 2001 a lua chun comhthéacs a thabhairt do na nithe sin:

Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í a eisiamh (ar a laghad in éagmais dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.(3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit nó de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun chumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil.

Leanann sé ar aghaidh leis an méid seo:

Leagann an Stát nua-aimseartha iliomad dualgas trom ar shaoránaigh i dtaca le gnéithe éagsúla den saol ó ghéilliúlacht i gcúrsaí cánach go dlí pleanála. Dualgais thuirsiúla a ghlacann am agus atá costasach a chomhlíonadh cuid mhór de na dualgais seo, ach is cuí é a bheith riachtanach iad a chomhlíonadh.

Mar an gcéanna, caithfidh an Stát féin a dhualgais a chomhlíonadh, go háirithe iad siúd atá cumhdaithe sa Bhunreacht, agus ní féidir é a chloisteáil ag gearán ach chomh beag leis an saoránach aonair gur dualgais thuirsiúla, throma iad sin. Go háirithe, ní féidir an Stát a chloisteáil ag gearán gur de bharr nár chomhlíon sé a dhualgais le scór bliain anuas is breis atá deacracht níos mó aige na dualgais sin a chomhlíonadh anois.

Mar sin, cé go bhfuil tosaíocht tugtha don Ghaeilge faoi Airteagal 8 de Bhunreacht na hÉireann, lena bhforáiltear "Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta, is í an phríomhtheanga oifigiúil í", caithfear a admháil, dáiríre, go bhfuil an scéal ar an talamh iomlán difriúil ón suíomh foirmeálta bunreachtúil.

B'iad na príomhcheisteanna a bhí romham agus an tAcht á ullmhú ná aitheantas cuí a thabhairt do sheasamh bunreachtúil na Gaeilge mar an phríomhtheanga oifigiúil, gan aon ghearradh trasna a dhéanamh ná aon bhréagnú a dhéanamh ar an seasamh bunreachtúil sin, agus ag an am céanna feabhsuithe praiticiúla "anseo-agus-anois" ar staid lag na Gaeilge sa saol poiblí a bhaint amach i dtaca le seirbhísí poiblí a chur ar fáil.

Roimh achtú an Achta teanga ní raibh aon reachtaíocht ann chun a chinntiú go gcuirfí seirbhisí ar fáil sa Ghaeilge. Mar thoradh ar an easpa reachtaíochta sin, bhí sé deacair a chur ina luí ar chomhlachtaí Stáit go bhfuil cearta ag saoránaigh na hÉireann i dtaca le soláthar seirbhísí i nGaeilge. Seachas cothrom na féinne a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge, más ón nGaeltacht nó lasmuigh di dóibh, bhí meon ann go forleathan go gcuirtear seirbhísí ar fáil i mBéarla amháin. D'ullmhaigh Bord na Gaeilge, mar a bhí ag an am sin, treoirlínte i 1993 maidir le seirbhísí Stáit a chur ar fáil i nGaeilge, ach níl aon dabht ach nár tugadh mórán aird orthu sin go forleathan.

Mar atá luaite agam roimhe seo is é an tAcht an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfidh comhlachtaí poiblí níos mó seirbhísí ar fáil i nGaeilge agus ar chaighdeán níos airde. An cur chuige a roghnaíodh san Acht ná meicníocht a chur i bhfeidhm chun go mbainfear amach an cuspóir seo ar bhealach réasúnach, ar bhonn céimnithe, comhpháirtíochta. Is ar chomhaontú a bhaint amach atá an bhéim, bunaithe ar mhodh praiticiúil, atá deartha chun fíorfheabhsuithe a bhaint amach go gearrthéarmach, agus chun tógáil ar an gclár oibre sin ionas go gcinnteofar tuilleadh feabhsuithe de réir a chéile. Go bunúsach, séard atá i gceist leis an Acht ná modh pleanáilte agus straitéiseach, lena cuirfear ar thaobh amháin le hacmhainní comhlachta maidir le scileanna sa Ghaeilge agus go dtabharfar aitheantas, ar an taobh eile, do riachtanais daoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a úsáid agus iad ag plé leis an chomhlacht sin.

Mar is eol do Theachtaí, bainfear bun-chuspóir an Achta amach go príomha trí na "scéimeanna teanga" atá le hullmhú ag comhlachtaí poiblí, ar iarratas uaimse mar Aire agus dar ndóigh atá le daingniú agamsa chomh maith. Trí na scéimeanna comhaontaithe seo, tá sé i gceist go mbeidh seirbhísí poiblí ar chaighdeán níos airde ar fáil do chainteoirí Gaeilge. Táthar ag feidhmiú na seirbhísí seo de réir a chéile ar bhealach pleanáilte agus aontaithe. Go fad-téarmach, ba cheart go dtabharfadh sé seo deis do chainteoirí teacht ar an oiread seirbhísí agus is féidir sa teanga a theastaíonn uathu i slí atá ar fáil cheana féin do chainteoirí Béarla.

Feidhmíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla ar dhá bhealach. I dtaca leis na scéimeanna de, ní miste a lua go bhfuil os cionn 20 scéim daingnithe agam go dáta agus go léiríonn na scéimeanna teanga sin go bhfuil cur chuige réadúil agus praiticiúil glactha ag comhlachtaí poiblí maidir le soláthar níos fearr de sheirbhísí trí Ghaeilge a sheachadadh, ag tógáil san áireamh cumas na n-eagras sin ó thaobh na n-acmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil dóibh. Leagtar béim ar leith sna scéimeanna ar a thábhachtaí is atá sé cumas Gaeilge na mball foirne a fheabhsú trí oiliúint agus sainchúrsaí cuí a chur ar fáil dóibh.

Sa chomhthéacs sin, ní mór dom a rá go bhfuil mo Roinn ag obair go dlúth le Foras na Gaeilge, Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí, An Foras Riaracháin agus institiúidí tríú leibhéil chun a chinntiú go gcuirfear leis an soláthar sainchúrsaí atá dírithe ar riachtanais na hearnála poiblí i ndáil le cur i bhfeidhm an Achta, ar a n-áirítear córas dearbhúcháin do cháilíochtaí i seirbhísí aistriúcháin, córas creidiúnaithe d'oiliúint Ghaeilge, sainchúrsaí oiliúna Gaeilge, agus bunachar sonraí leictreonach de chomharthaí caighdeánacha.

Mar atá ráite agam go minic roimhe seo sa Teach, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag mo Roinnse maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn chéimiúil. Tá léargas tugtha agam sa Teach seo go minic faoi na nithe atá curtha i gcrích agus mar sin níl i gceist agam iad a liostáil anseo arís. Ba mhaith liom, áfach, díriú uair amháin eile ar nithe áirithe atá mar ábhair conspóide agus-nó a bhfuil eolas míchruinn á scaipeadh fúthu.

An t-aon dualgas reachtúil atá ar chomhlachtaí poiblí faoi láthair maidir le haistriú cáipéisí go Gaeilge ná an dualgas a thiteann orthu faoi alt 10 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Faoin alt, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí cionroinnt an-teoranta d'eochair cáipéisí a aistriú, mar shampla, tuarascálacha bliantúla agus cáipéisí a leagann amach tograí beartais poiblí ar nós Páipéir Uaine nó Bán. Is eochair cáipéisí iad seo ina bhfuil comhlachtaí poiblí freagrach don ghnáth-phobal, dá gcustaiméirí, agus dúinne mar Bhaill den Oireachtas maidir le comhlíonadh a ndualgas phoiblí.

Tá dhá theanga oifigiúil sa tír seo agus feictear domsa — go deimhin, bhí gach éinne sa Teach seo ar aon intinn faoi seo nuair a bhí an tAcht seo á phlé againn mar Bhille — go bhfuil an ceart ag an saoránach cáipéisí den chineál seo a bheith ar fáil sa dá theanga oifigiúil. Go deimhin, ní mór dom a rá chomh maith gur iarradh orm, le linn na diospóireachta ar an mBille, glacadh le leasúcháin a chiallódh go mbeadh sé de dhualgas ar chomhlachtaí réimse níos leithne de dhoiciméid a fhoilsiú go dátheangach agus go comhuaineach, ach nár ghlacas leis na leasuithe a moladh.

Gan amhras, níl sa gcostas aistriúcháin ach céatadán den chostas iomlán a bhaineann le doiciméid den chineál seo a chur ar fáil. Is amhlaidh, áfach, go dtarraingíonn costais aistriúcháin aird ar leith mar gur cosúil nach mbíonn sé d'acmhainn ag go leor comhlachtaí seirbhís aistriúcháin a sholáthar iad féin agus gur gá dóibh mar sin leas a bhaint as saineolas ón dtaobh amuigh.

Anuas ar sin, ba mhaith liom a rá, mar atá a fhios ag na Teachtaí go rí-mhaith, go bhfuil méadú ar na meáin Ghaeilge le blianta beaga anuas, gan trácht ar mhic léinn, srl., a bhaineann agus a bhainfidh úsáid rialta as na cáipéisí seo. Ní fíor a rá agus ní glacaim leis gur beag an tairbhe don Ghaeilge agus do lucht labhartha agus úsáide na teanga cáipéisí dá leithéid a bheith ar fáil i nGaeilge. Is a mhalairt ar fad de thuairim a bheadh agam mar go dtugann siad deis don teanga téarmaíocht nua a chruthú agus cruthaíonn sé freisin gur féidir leis an teanga maireachtáil mar theanga bheo sa saol teicneolaíochta, cumarsáide seo.

Tá daoine ann a deir gur airgead amú caiteachas an Stáit ar an Acht seo agus gur fearr go mór an caiteachas sin a dhíriú mar shampla ar téacsanna Gaeilge a chur ar fáil don chóras oideachais. Mar atá ráite agam roimhe seo, de réir Bhunreacht na hÉireann, is í an Ghaeilge chéad teanga oifigiúil an Stáit. Ní féidir aon athrú a dhéanamh ar an stádas seo ach amháin trí chinneadh ag muintir na hÉireann i reifreann. Tá sé de dhualgas ag an Stát tacú leis an Ghaeilge a fhad is go bhfuil an stádas bunreachtúil seo aici.

Rinneadh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a dhréachtadh de réir chomhairle an Ard-Aighne le feidhm a thabhairt do stádas bunreachtúil na teanga. Leagann an tAcht amach go sonrach na cearta atá ag lucht labhartha na Gaeilge agus acu siúd ar mian leo Gaeilge a labhairt ach leagann sé amach chomh maith socruithe praiticiúla leis an éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge a shásamh ar bhonn praiticiúil. Leagfaidh gach scéim a shocraítear le comhlacht poiblí amach go cruinn, sonrach na cearta atá ag an saoránach maidir le seirbhisí trí Gaeilge a bheidh á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht i rith thréimhse trí bliana ar leith.

Maidir leis an dtuairim go mbeadh sé níos fearr na hacmhainn atá á gcaitheamh leis an Acht a chur i bhfeidhm a chaitheamh, cur i gcás, ar mhúineadh na Gaeilge, táim go láidir den tuaraim nach féidir díreach rogha glan a dhéanamh idir an dá rud. Ar an gcéad dul síos, is mór an náire a laghad seirbhisí a bhí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin ar feadh na mblianta siar. Fiú má fhágtar an cheist sin i leathtaobh, níl aon amhras ach gur ceann de na príomh-dheacrachtaí a bhí ag an nGaeilge le fada ná a laghad deiseanna a bhí ann do dhaoine leas a bhaint as an dteanga lasmuigh den seomra ranga. Leis an mborradh atá tar éis a theacht ar an méid suime atá sa Ghaeilge i measc an phobail, atá le feiscint mar shampla ón rath atá ar na gaelscoileanna, TG4 agus mar sin, táéileamh ón bpobal go mbeadh an Ghaeilge mar chuid dá saol lasmuigh den scoil, agus an ceart ar fad acu.

Tá sé an-tabhachtach do leas agus d'fhorbairt na teanga go mbeadh deiseanna cearta ag saoránaigh Gaeilge a úsáid agus iad ag plé ar bhonn oifigiúil le comhlachtaí poiblí. Braitheann todhchaí na teanga go mór ar lucht a labhartha a bheith in ann í a labhairt i ngach réimse den saol. Ní bhaineann an stádas a shamhlaítear a bheith ag an nGaeilge i measc an phobail le cúrsaí dlíthiúla agus reachtaíochta amháin. Bíonn sé ag brath chomh maith ar an aitheantas a thugann comhlachtaí poiblí don teanga agus dóibhsean a bhíonn á labhairt ar bhonn praiticiúil i gcomhthéacs sholáthar seirbhisí don bpobal. Sa chomhthéacs seo, ní mór dom a rá go mbraithfidh réimse agus leibhéal na seirbhisí a chuirfear ar fáil i nGaeilge amháin nó go dátheangachcuid mhaith ar éileamh ón bpobal. Ar ndóigh, beidh níos mó éilimh ar sheirbhísí ó chomhlachtaíáirithe seachas ó chomhlachtaí eile.

Níl sé inghlactha go mbreathnófaí orthu sin a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a úsáid i ngach gné dá saol mar dhaoine achrannacha díreach toisc gur mian leo leas a bhaint as a gceart bunreachtúil plé leis an Stát ina dteanga féin. Más mian linn seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibhsean a bhfuil sé uathu, más mian linn daoine a spreagadh chun Gaeilge a úsáid, más mian linn deiseanna a thabhairt do dhaoine leas a bhaint as a gcuid Gaeilge, ní féidir é seo a dhéanamh ar shlí atá teoranta nó srianta.

Mar atá mínithe go minic agam cheana féin, cuirfear Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm ar bhonn céimiúil agus i gcomhréir leis an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí ar leith.

I 2004, bhí feachtas láidir ann ag cuartú stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach, a fuair tacaíocht ó gach aon pháirtí ins an dTeach seo. Tá stádas oifigiúil teanga oibre faighte ag an nGaeilge san Aontas Eorpach a thiocfaidh i bhfeidhm sa bhliain 2007. Nach ait go bhfuil na daoine céanna a thacaigh leis an bhfeachtas maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach in aghaidh caiteachais ar an teanga sa bhaile. D'fhéadfaí a rá go bhfuileadar seo féin-bhréagnaitheach. Bheadh sé aisteach tar éis stádas oifigiúil teanga a chuartú, muna mbeadh polasaithe cuimsitheacha ag an Stát in Éirinn a thacódh leis an teanga mar chéad teanga oifigiúil an Stáit seo de réir an tsoláthair bunreachtúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.