Dáil debates

Thursday, 9 February 2006

University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Second Stage.

 

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá lúcháir orm an deis a bheith agam cúpla focal a rá faoin mBille seo. B'fhéidir go mbeidh tábhacht mhór ag an mBille ar thodhchaí na Gaeilge agus ar chúrsaí ollscolaíochta Gaeilge sa tír seo sna blianta amach romhainn. Sílim, ó tharla go bhfuil an Bille ag baint le Coláiste na hOllscoile i nGaillimh, go dtabharfaimid aitheantas inniu sa Dáil don obair iontach atá déanta ag an ollscoil le ceithre scór bliain anuas, ó tugadh isteach an tAcht seo i 1929 maidir le hollscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil d'éinne sa tír seo a raibh suim aige ann nó a raibh éileamh aige ar an tseirbhís sin.

Ba mhaith liom a rá, mar Theachta Dála ó Dhún na nGall is Tír Conaill, go raibh dlúthcheangal i gconaí idir Coláiste na hOllscoile i nGaillimh, mar atá a fhios ag an Teachta Ó hUiginn, agus na daoine a bhfuil mise ag déanamh ionadaíochta orthu anseo sa Dáil. Sílim gur ceangal fiúntach agus muintearas agus cairdeas fiúntach a bhí ann. Mar éinne de mo ghlúinse a raibh sé d'ádh air nó de phribhléid aige freastal ar an ollscoil, nuair a bhí mé i mo mhac léinn meánscoile ba phribhléid mhór é dom a dul go dtí an ollscoil. Bhí Coláiste na hOllscoile i nGaillimh ann i gconaí le fáilte a chur rompu agus le hoideachas ceart agus maith a chur ar fáil dóibh. Tá oideachas iontach bainte amach ag na hiar-scoláirí agus na hiar-chéimithe atá ag déanamh rudaí i go leor réimsí de shaol poiblí na tíre seo. Tá na hiar-chéimithe sin le fáil ar fud na tíre i gcúrsaí dlí, oideachais, innealtóireachta agus scríbhneoireachta. Tá a maitheas ag dul don tseirbhís a chuir an coláiste sin ar fáil.

Ní shílim gur chóir dúinn dearmad a dhéanamh ar bhunaitheoirí an Stáit seo, ar a ndéantar dearmad go minic. Tá daoine sa Teach seo a cheapann go mbaineann an Ghaeilge leo féin amháin, ach ní fíor é sin. Luaigh an Teachta Ó Snodaigh laoch, i mo thuaraim, a rinne sár-obair ar son athbheochan na Gaeilge sa tír seo, Earnán de Blaghd. Tá a chuimhne á ndearmad go mór againn. Ba chóir dúinn cuimhneamh chomh maith ar a chomhghleacaí, Risteárd Ua Maolchatha. Ba iad seo na daoine a bhí ag iarraidh, le tacaíocht iomlán an chéad Rialtais, tír a thógáil agus institiúidí cosúil leis an Gharda Síochána, an Airm agus an Státseirbhís a chur ar bun. Ba é an dearcadh a bhí acu ná gur chóir go mbeadh oideachas Gaelach mar chroílár de chóras oideachais na tíre seo ar gach leibhéal — ar na leibhéil bunoideachais, meánoideachais agus ollscoile. Ar an leibhéal bunoideachais, bhí ar na múinteoirí a bhí ann ag an am nach raibh an Ghaeilge acu dul go dtí na Gaeltachtaí agus cursaí a dhéanamh, mar atáimid ag moladh inniu.

Rinne Earnán de Blaghd agus na daoine eile rud an-réabhlóideach ar fad sa dara leibhéal. Rinne siad cinnte gur chóir do daoine óga na tíre seo oideachas trí Ghaeilge a fháil. Tá mé ag déanamh tagartha go speisialta ar na sé choláiste ullmhúcháin a cuireadh ar bun. Bhí coláiste do chailíní ar an bhFál Carrach i mo dháilcheantair féin. Bhí coláiste eile i dTuar Mhic Éadaigh i ndáilcheantair mo cheannaire i Maigh Eo. Coláiste geimhridh ab ea Coláiste Íde sa Daingean, as a dtáinig uachtaráin na Gaillimhe sna blianta ata thart. Bhí péire de na coláistí sin do bhuachaillí— Coláiste Éanna i nGaillimh agus coláiste eile i gCorcaigh.

B'fhéidir nach mbeadh mé anseo inniu mar thit mé ar mo cheann nuair a bhí mé i mo bhuachaill óg ag dul ó Dhún na nGall go Corcaigh. Chaith mé ceithre bliana sa choláiste i gCorcaigh. Ba chuma más ón nGaeltacht nóón nGalltacht thú. Nuair a ghlac tú páirt i gcóras oideachais sna coláistí ullmhúcháin, bhí an Ghaeilge ar do thoil agat mar nach raibh focal Béarla le cloisint sna coláistíó bhliain go bliain. Níl a fhios agam conas a tharla sé— míorúilt a bhí ann — ach tharla sé. Níl éinne a chuaigh tríd an chóras sin a deireann nár tharla sé. Ba é an toradh a bhí ann dá bharr sin ná go raibh Gaeilge iontach líofach agus flúirseach ag bunmhúinteoirí i ngach scoil i ngach paróiste sa tír. Chuir siad trasna go dtí na daltaí a bhí sna ranganna acu go raibh meas acu ar an Ghaeilge. Is mór an t-athrú atá tagtha air sin inniu. Tá súil agam go bhfuil an tAire ag éisteacht.

Is cuimhin liom nuair a dúirt saineolaí nó fealsúnaí mór ón taobh céanna den Teach is an tAire i 1961 go raibh ré na gcoláistí ullmhúcháin caite agus nach raibh feidhm leo a thuilleadh. Ní raibh ciall ná céadfaí ag na daoine a chuir deireadh leis na coláistí sin. Sílim go bhfuil rian an chinnidh sin le feiceáil inniu i gcúrsaí bunoideachais na tíre seo. Níl an líofacht, an caighdeán nó an seasamh céanna ag an Ghaeilge agus a bhí aici nuair a bhí na coláistí ullmhúcháin ann. Chuaigh na scoláirí as na choláistí sin isteach sna coláistí oiliúna chomh maith le daltaí eile nach raibh sna coláistí ullmhúcháin. Bhí sé cosúil leis an gcíste is an arán. Thóg siad leibhéal na Gaeilge agus chuaigh siad i bhfeidhm ar na daoine eile a tháinig isteach. Is é sin an fáth go raibh sé chomh maith sin. Tá sé sin imithe. Tá deacrachtaí againn inniu. Táim cinnte — chaith mé go leor blianta sa rang — go bhfuil leibhéal agus caighdeán na Ghaeilge sna bunscoileanna imithe i laghad.

Tá sé mar an gcéanna ag an triú leibhéal. Rinne siad cinnte go raibh an t-oideachas trí Ghaeilge le fáil sna hinstitiúidí triú leibhéil, mar a bhí i nGaillimh. Cuireadh é sin ar fáil. Sílim, chomh fada is atá na gaelscoileanna againn ar fud na tíre, gur comhartha dóchais é sin a mbaineann le bunoideachas. Caithfidh mé moladh agus aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag gaelscoileanna agus gaelcholáistí. Nuair a bheidh na scoláirí sin ag dul tríd an chóras sna blianta atá romhainn, sílim go mbeidh éileamh ann i gcomhair oideachais triú leibhéil trí Ghaeilge. Muna bhfuil Coláiste na hOllscoile i nGaillimh agus coláistí triú leibhéil eile chun é sin a chur ar fáil, ní an rith-tríd go mbeifeá ag súil leis, ón mbun go dtí an barr, i gceist.

Nuair a chuala mé go raibh leasú á dhéanamh ar Acht 1929, is é an chéad rud a tháinig isteach i mo cheann ná gur chúlú agus islú céime eile a bhí ann. Is cuimhin liom nuair a phléigh mé an rud seo le hAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Ó Cuív, sa bhialann láámháin. Dúirt sé liom go raibh sé seo ag teacht ó na húdaráis i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Caithfidh mé a rá go ndeachaigh sé sin i gcion orm, mar tá aithne agam ar na húdaráis ansin, agus deirtear liom go bhfuil an t-uachtarán é féin ansin, agus is cinnte go bhfuil a chion déanta aige don Ghaeilge. Tá sé sin déanta ag daoine eile ar an fhoireann, ina measc an Teachta Ó hUiginn, Peadar Mac an Iomaire agus na hollaimh go léir ansin. Is é an rud a chuir imní ormsa ag an am ná nach mbeidh an t-uachtarán atá ann faoi láthair ann faoi cheann 20 bliain — ní déarfaidh mé deich mbliana. Ní bheidh mórán againn anseo faoi cheann 20 bliain. Beidh daoine eile ag imeacht freisin. Ba mhaith liomsa go mbeadh rud éigin sa Bhille seo — go mbeadh leasúéigin sa Bhille seo — le nach mbeimid ag brath ar an uachtarán reatha nó an governing board reatha chun stádas na Gaeilge a chosaint. Ba cheart go mbeadh leasúéigin sa Bhille seo a chuirfidh dualgas ar cibé uachtarán atá ann ansin. Is cuma má thagann sé ón Afraic, ón Astráil, ó Neipeál nó ó thíortha a bhfuil aithne níos fearr ag an Teachta Ó hUiginn orthu ná mar atá agam féin — má bhíonn uachtarán den chineál sin ann, ba cheart go mbeadh an dualgas céanna air i leith na Gaeilge agus atá ann i láthair na huaire. Is é sin an fáth a bhfuil muidne i ndiaidh an leasú seo a chur síos.

Ba mhaith liom moladh a thabhairt don obair — don cheannródaíocht — atá á tabhairt ag Ollscoil na Gaillimhe. Tá acadamh na Gaeilge ar siúl ansin anois, agus tá cúrsaí speisialta á gcur ar fáil chun cáilíochtaí agus tuiscint a thabhairt do dhaoine maidir leis an Ghaeilge. Beidh gá leis sin san am atá amach romhainn. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ann, agus tá aitheantas tugtha don Ghaeilge ar leibhéal na hEorpa. Beimid ag cuardach céimithe agus eolaithe a bhfuil eolas domhain acu ar an Ghaeilge, mar aon ar an Ghaeilge scríofa agus ar litríocht na Gaeilge. Sílim go mbeidh ról lárnach ag Coláiste na hOllscoile, Gaillimh san obair thábhachtach seo sna blianta amach romhainn. Tá tosnú déanta cheana féin ag acadamh na Gaeilge. Caithfidh mé a rá chomh maith go bhfuil mé iontach buíoch díobh go bhfuil coláiste satailíte den acadamh sin i mo cheantar i nGaoth Dobhair. Ní amháin go bhfuil sé ag tabhairt oideachais agus cáilíochtaí trí Ghaeilge do na daoine óga atá ag freastal air, ach sílim go bhfuil sé ina bhuntáiste mór don phobal ina bhfuil sé lonnaithe.

Cuirim fáilte le Foras na Gaeilge, atá ag dul go dtí an Ghaeltacht, mar tugann sé sin comhartha do dhaoine proifisiúnta sna ceantair Ghaeltachta, agus tugann sé aitheantas agus stádas don Ghaeilge san áit ina bhfuil sí. Tá sé ag tarlú i nGaillimh. Tá oifigí ag Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4 agus Raidió na Gaeltachta i nGaillimh — níl mé ag maíomh as. Sílim go dtugann sé sin dlús, téagar agus fréamhacha don teanga san áit ina bhfuil siad lonnaithe. Sílim go ndéanfaidh an t-acadamh an rud céanna. Tá sé ar siúl i dTír Chonaill, i Maigh Eo, chomh fada agus is eol dom, agus tá ceann le cur ann i gCiarraí. Nuair a bhí mé ag amharc ar TG4 aréir, chonaic mé go bhfuil plean ailtire ar bhreacadh d'fhoirgneamh iontach d'acadamh na Gaeilge i gCiarraí.

Tá Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne, an coláiste a raibh mé féin ag freastal air, druidte anois. Sílim go ndearnadh cúpla scannán ann maidir le rudaí a tharla i gcoláistí cónaithe san am atá thart. Bhí pleananna go mbeadh acadamh de chineál éigin ansin leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Bíonn ceisteanna síos agam go rialta maidir leis an áit sin. Tá foirgneamh breá ann. Tá sé i gceantar Gaeltachta. Ba chóir go mbainfíúsáid, ní amháin as an bhfoirgneamh, ach as an chultúr is an saibhreas teangan atá sa taobh sin den tír, i nGaeltacht Mhúscraí— i mBaile Bhúirne, i mBéal Átha an Ghaorthaidh, i gCúil Aodha, i mBaile Mhic Íre agus in áiteanna eile sa cheantar. Ba cheart go mbainfíúsáid as. Bhí Seán Ó Riada ann, tá filí ann, tá daonscoil ann — tá go leor ansin. Tá sé suite i gceantar stairiúil; i gceantar ina bhfuil Gaeilge, cultúr agus oidhreacht na tíre ann. Ba chóir go mbainfíúsáid as. Ceapaim go bhfuil sé ag dul ar aghaidh is ar aghaidh. Tiontaíodh an chéad fhód de roimh an toghchán deireannach i 2002. Rinne an t-iar-Aire, an Teachta Woods, é sin. Tá súil agam go mbeidh níos mó ná an chéad fhód iompaithe ar an fhorbairt sin sula dtagann an chéad toghchán eile.

Bhí imní orm nuair a chuala mé faoin Bhille seo ar dtús, ach tar éis na gcainteanna a bhí agam le mo chomhghleacaithe, le húdaráis an choláiste agus le daoine eile, tá mé sásta seans a ghlacadh. Is dócha go bhfuilfimid ag baint an éigeantais amach as. Tá sé amach as achan rud eile go dtí seo. Táimid á dhéanamh sin. Is dócha gurb é an dearcadh atá againn ar an taobh seo den Teach i gcónaí ná nach mbíonn toradh fiúntach i gcónaí ar éigeantas. Más féidir linn daoine a mhealladh, sin mar is fearr é. Táimid ag cur síos an leasaithe chun déanamh cinnte de, cibé duine an comharba ar na húdaráis i nGaillimh i láthair na huaire, go mbeidh ceangal na gcúig gcaol air nó uirthi aitheanas, seasamh agus stádas a thabhairt don Ghaeilge i gcursaí oideachais tríú leibhéil sa tír seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.