Dáil debates

Thursday, 9 February 2006

University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Second Stage.

 

2:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Is gá, ionas go mbeadh gach uile ábhar ar fáil trí mheán na Gaeilge ina iomláine. Má amharcann an tAire ar an scéim atá curtha os a comhair ag an ollscoil, feicfidh sí nach bhfuil sé i gceist go mbeadh gach uile ábhar ar fáil i nGaeilge, fiú in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. Tá aidhm ann, agus bíonn daoine de shíor ag lorg go mbeadh ollscoil ann a bheadh Gaelach ina hiomláine, le luachanna Gaelacha agus gach uile rud a théann leis sin. Bheadh costais ann, ach bíonn costais ann i gcónaí má táthar ag iarraidh athréimiú a dhéanamh ar an teanga nóí a chur chun cinn.

I dtaobh an Bhille seo, tá daoine ag féachaint air agus tá siad buartha nach leanfaidh na cosaintí reachtúla a bhí ag an Ghaeilge ó thaobh an Gharda Síochána agus a lán eile — anois ó thaobh earcaíocht postanna in Ollscoil na Gaillimhe — agus go bhfuil an Rialtas ag fáil réidh leis na cosaintí sin, diaidh ar ndiaidh. Measaim, seachas a bheith ag fáil réidh leis na cosaintí, gur cheart dúinn a bheith ag cur leo agus ag tabhairt breis éifeachta d'Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ní mé amháin atá i gcoinne na slí a bhfuil an Rialtas ag déileáil leis an cheist seo. Tá liosta mór fada de dhaoine a bhfuil a n-ainmneacha curtha leis na leasuithe a bheidh os ár gcomhair. Tá na Teachtaí eile tar éis é sin a lua. Tá súil agam go mbeidh an tAire sásta tacú leis na leasuithe atá agam féin nó fiú leis na leasuithe atá ag Teachtaí Fhine Gael. Má táimid chun déileáil leis seo, tá sé tábhachtach go mbeadh breis foirfe agus cosaintí ar an Ghaeilge agus go mbeimid níos dearfaí maidir leis an dualgas a bheidh ar údarás an choláiste amach anseo. Táúdarás an-mhaith sa choláiste faoi láthair agus tá bainistíocht an-mhaith ann ó thaobh na Gaeilge de, ach cad a bheidh ann i gceann deich mbliana, 20 bliain nó 30 bliain? Caithfimid a bheith cinnte go bhfuilimid ag féachaint ar an todhchaí seachas díreach ar fhadhb bheag atá ann faoi láthair.

Measaim gur fadhb bheag atá ann, má chreidimid an méid a bhí i Foinse le déanaí maidir leis. Dúradh nach bhfuil éifeacht ar bith ag an reachtaíocht atá ann ó 1929 ar an chuid is mó den earcaíocht nó glacadh le hollamh nó léachtóirí ar a laghad. Measaim go ndúirt 90% acu nach gcuireann an reachtaíocht atá ann faoi láthair isteach nó amach ar an earcaíocht sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.