Dáil debates

Thursday, 9 February 2006

University College Galway (Amendment) Bill 2005 [Seanad]: Second Stage.

 

2:00 pm

Jerry Cowley (Mayo, Independent)

Tá an-áthas orm a bheith ag caint faoin mBille seo. Tá an-aithne agam ar Ollscoil na Gaillimhe, mar is é sin an áit ina raibh mé ar feadh na mblianta fada nuair a bhí mé ag staidéar an leighis. Bhí mé ann chomh maith chun an dlí a staidéar ina dhiaidh sin. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh uachtarán an choláiste, Iognáid Ó Muircheartaigh, atá sa Gallery. Ba mhaith liom gach tacaíocht a thabhairt don ollscoil agus don Bhille seo. Tuigim go bhfuil sé ceart go mbeidh seans ag gach duine post a fháil. Ní bheidh aon chonstaic air sin, mar ní bheadh sé ceart nó cóir. Tá aithne agam ar an bhfear i gceist a bhí ag lorg poist ann. Dúirt na cúirteanna go raibh an ceart ag an bhfear sin. Ní bheadh sé sna cúirteanna dá mbeadh an post ar fáil agus tá mé buíoch as sin.

Tuigim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeimid ag iarraidh cúpla focal Gaeilge a rá. Bhí daoine ag caint mar gheall air sin ar maidin. Tuigim go bhfuil géar-ghá ann go mbíonn seans ag gach éinne an teanga a fhoghlaim. Bím ag caint leis an Aire go minic mar gheall ar Ghaelscoil na Cruaiche i gCathair na Mart. Tá sé an-tábhachtach ar fad go mbeadh Gaelscoil ann. Tuigim go bhfuil an tAire ag cabhrú ina thaobh sin agus gabhaim buíochas de.

Bhí sé an-chrua an Ghaeilge a labhairt sna blianta atá caite. Bhí bata scóir ag daoine sna blianta sin. Cuireadh scóir ar an bhata nuair a labhair na gasúir as Gaeilge sa scoil. Bhí ruaille buaille ann nuair a labhair siad as Gaeilge. Is é sin an chaoi ar cuireadh na penal laws i bhfeidhm. Bhí fonn ar na daoine an Ghaeilge a labhairt agus táim an-bhuíoch go bhfuil an seans agam í a labhairt. Tá sé tábhachtach go mbeimid ag tabhairt tacaíochta do gach uile duine atá in ann cúpla focal a rá. Tá daoine sa tír seo ag lorg seans an Ghaeilge a úsáid. Dúirt mé go bhfuil daoine ag foghlaim na teanga sna Gaelscoileanna. Nuair a bhí mé i mo dhochtúir teaghlaigh ar Oileán Acla agus ar an gCorrán, chas mé ar dhaoine aosta a bhí ag iarraidh cúpla focal a bhaint asam. Bhaineadar taitneamh mór as é sin a dhéanamh. Tá a lán daoine óga a bhfuil neart suime acu sa teanga. Tá na mílte scoláirí ag foghlaim na Gaeilge agus ag baint taitnimh aisti sna gaelscoileanna. Tá suim mhór acu sa Ghaeilge. Tá a lán rudaí eile ann a bhaineann leis an teanga, an cultúr agus an traidisiún atá againn sa tír seo.

Tá baint agam le seoltóireacht na yawlta ar Oileán Acla. Bíonn cruinniú againn gach bliain. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta as an tacaíocht mhór a thugann sé do na yawlta. Tá sé mar phlean againn ionad yawlta a chur ar fáil ar Oileán Acla chun go mbeidh cuairteoirí in ann foghlaim fúthu. Tá a lán oibre iontaíá déanamh ag Raidió na Gaeltachta agus TG4. Pléann siad nithe éagsúla a bhaineann leis an teanga agus an chultúr. Nuair a táimid ag cur na rásaí ar siúl agus ag tabhairt na nduaiseanna amach, déanaimid iarracht an Ghaeilge a labhairt. Tá a lán daoine ar Oileán Acla a bhfuil an-chleachtadh acu sa teanga. Ba mhaith liom go gcuirfidh Údarás na Gaeltachta agus an Stát an tacaíocht chéanna ar fáil go ceann na mblianta fada, agus tuigim go dtarlóidh sé sin. Tá 20 yawl ar na farraigí againn, agus baineann gach éinne an-taitneamh as a bheith ag plé leis na yawlta agus ag labhairt na Gaeilge.

Tuigim go bhfuil a lán Gaeilge ann. Tá a lán daoine in ann cúpla focal a rá. Ní mór don Rialtas gach tacaíocht a thabhairt do dhaoine mar sin. Bhí an Ghaeilge ag mo mháthair agus mo sheanmháthair go láidir. Tá daoine aosta ann atá an-sásta an Ghaeilge a labhairt. Is féidir leis an Rialtas rud éigin a dhéanamh dóibh chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Bímid i gcónaí ag iarraidh go labhróidh daoine óga an Ghaeilge, ach caithfimid smaoineamh ar na daoine eile. B'fhéidir go mbeidís as cleachtadh, ach ceapaim go labhróidís a thuilleadh Gaeilge dá mbeadh seans acu. Taitníonn an Ghaeltacht le mór-chuid daoine óga. Nuair a bhí méóg, chuaigh mé go Lochán Beag, agus chas me ar Phól Ó Foighil, fear iontach a fuair bás le déanaí. Bhain mé an-taitneamh as an chraic agus an céilí a bhí ann.

I am pleased to be able to speak on this Bill. It is important that we are seen to support Ollscoil na Gaillimhe, to which the west has a great attachment. My father, daughter and I have taken advantage of its very good facilities. This Bill is straightforward. It is logical in that it purports to take a correct action.

I am familiar with a case where a law lecturer was placed first for a permanent job. He felt very aggrieved because although he had passed the Irish language test on two previous occasions, he did not pass it on that occasion and so was not offered the job. It seemed quite inequitable to me. As it happened, the person who was first in line refused the job and it was offered to this law lecturer, which was right and equitable.

It is correct that the law be changed to deal with interference with a person's right or ability to be appointed to a particular post. This is the unanimous decision of the governors of NUI Galway. I respect that and support this Bill.

NUI Galway, or University College Galway, UCG, as it was known, has had many achievements regarding the Irish language and cannot in any way be accused of diluting it. An academy of Irish learning has been established there and NUI Galway is doing its bit for the language. I agree with Deputy Ó Snodaigh that we have not yet seen the programme for development. However, it is hoped that all will happen according to plan.

I wish to make a point on the greater ability now of University College Galway to put through medical graduates. The number of graduates allowed has increased greatly from 305 to 725 in 2007. I welcome this because there is certainly a great shortage of general practitioners and doctors in the west. Tabharfaidh sé seans níos mó dochtúirí teaghlaigh a fháil. Tá sé sin an-tábhachtach ar fad. People often accuse the medical profession of limiting the number of graduates in some way. This is an urban myth, and also a rural myth, propagated for some unknown reason.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.