Dáil debates

Tuesday, 28 June 2005

10:00 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal South West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom leithscéal an Aire, an Teachta Hanafin, a ghabháil leis an Teach agus leis an Teachta McGinley agus mo bhuíochas a ghabháil leis as an cheist seo a thógail. Tá an-taithí agam uirthi. Tá a fhios aige gur phléigh mé go leor de na fadhbanna ar an oileán seo le cathaoirleach an bhoird bhainistíochta ag deireadh na seachtaine.

Glacadh cinneadh i leith fhoireann príomhshrutha bunscoile de réir rollacháin na scoile ar 30 Meán Fómhair den bhliain roimhe sin. Déantar cinneadh i leith líon na bpost príomhshrutha de réir sceideal foirne a chuirtear i gcrích do bhliain scoile áirithe tar éis é a phlé leis na comhpháirtithe oideachais. Déantar cur síos ar an sceideal foirne i gciorclán a eisíonn an Roinn Oideachais agus Eolaíochta do bhord bainistíochta gach bunscoile. Dá réir, cuirtear gach bord ar an eolas faoi shocruithe foirne maidir lena scoil féin in aon bhliain scoile. Eisíodh an sceideal don bhliain seo chugainn i Mí Bealtaine 2005.

Tháinig laghdú ar rollacháin na scoile a ndearna an Teachta Dála tagairt di ó 14 dalta ar an 30 Meán Fómhair 2002 go dtí 11 dalta ar 30 Meán Fómhair 2003. De réir rollacháin na bliana 2003, bhí an scoil i dteideal foirne de phríomhoide don bhliain scoile 2004-05. Dá réir, bhí an scoil chun an chéad phost d'fhoireann teagaisc phríomshrutha a chailleadh don bhliain 2004-05 toisc gurb é an líon riachtanach chun an post seo a choinneáil ná 12 dalta. Mar a dúirt an Teachta McGinley, tugadh cead an dara múinteoir a choinneáil.

Le cinntiú go mbeadh oscailteacht agus trédhearcacht sa chóras, bunaíodh bord achomhairc neamhspleách chun cásanna mar seo a mheas. Chuir an bord bainistíochta achomharc faoi bhráid an bhoird achomhairc foirne ag iarraidh go gcoinneofaí an dara múinteoir don bhliain scoile 2004-05. Rinne an bord scrúdú ar an achomharc ar 3 Meitheamh 2004, agus sheas sé leis an achomharc. Ciallaíonn an cinneadh nach mbeidh ach príomhoide ar an fhoireann do 2005-06. Rinneadh an cinneadh seo toisc go raibh rollachán de naonúr ar 30 Meán Fómhair 2004. Is cosúil go mbeidh laghdú eile i líon na ndaltaí an Meán Fómhair seo chugainn. Chuir an bord bainistíochta achomharc faoi bhráid an bhoird achomhairc foirne chun an chéad phost príomhshrutha don bhliain scoile 2005-06 a choinneáil. Rinne an bord achomhairc machnamh ar an achomharc ar 14 Meitheamh 2005, agus diúltaíodh leis an achomharc. Cuireadh bord bainistíochta na scoile ar an eolas maidir leis an chinneadh ar 16 Meitheamh 2005.

Ó am go chéile déanann an tAire Oideachais agus Eolaíochta athbhreithniú ar na critéir le haghaidh cheapacháin mhúinteoirí. Tá sí sásta féachaint ar cheist na scoileanna ar oileáin, ach deir sí liom go mbeadh sé an-deacair cead a thabhairt beirt mhúinteoirí a choinneáil nuair atá líon na ndaltaí chomh híseal sin. Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil sí sásta breathnú ar an cheist seo, áfach, agus tá súil agam, tar éis an achomhairc nó an athbhreithnithe seo, go gcuirfidh sí cinneadh os ár gcomhair.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta Dála as ucht na ceiste seo a ardú. Tá a fhios ag an bheirt againn na coinníollacha ar Oileán Thoraigh, agus tá súil agam, tar éis an athbhreithnithe, go mbeidh an tAire ábalta teacht ar chinneadh sásúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.