Dáil debates

Tuesday, 28 June 2005

10:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire as ucht an deis a thabhairt domh an cheist thábhachtach seo a thógáil ar an Athló anocht. Cé nach bhfuil an tAire Oideachais agus Eolaíochta anseo, ar an laghad tá an tAire Stáit anseo. Tá súil agam go mbeidh tuigbheáil aige ar an chás atáá dhéanamh agam, a bhaineann le scoil inár ndáilcheantar féin. Is é an scoil atá i gceist agam ná Scoil Náisiúnta Cholm Cille ar Oileán Thoraigh. Sílim go bhfuil muid ag iarraidh cás speisialta a dhéanamh don deacracht a bheas ag an scoil seo ó Mheán Fómhair seo chugainn nuair nach mbeidh ach múinteoir amháin sa scoil, an príomhoide, má théann siad de réir na treorach atá faighte acu ón Roinn. Mar a dúirt mé, tá Scoil Cholm Cille ar Oileán Thoraigh, agus anuraidh rinneadh eisceacht di mar nach raibh aici ach naonúr ar na rollaí, agus tugadh cead dóibh dul ar aghaidh le príomhoide agus cúntóir ar feadh bliana. Bhí sé iontach tábhachtach gur tugadh an t-aitheantas sin don scoil lán-Ghaelach sin ar oileán Gaeltachta.

Anois, tá contúirt mhór ann ó Mheán Fómhair seo chugainn nach mbeidh ach múinteoir amháin i Scoil Náisiúnta Oileáin Thoraigh, an príomhoide. Cothóidh sé sin deacrachtaí móra don scoil náisiúnta ar Oileán Thoraigh. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir scoil ar oileán beag ar nós Oileáin Thoraigh agus scoil ar an mórthír a dtarlaíonn an rud céanna di. Is míbhuntáiste do scoil ar bith, cé acu ar oileán nó ar thír mór atá sí, nach mbeidh ach oide amháin inti. Cothaíonn sé sin deacrachtaí oideachais agus eile sa lá atá inniu ann. Ba mhaith an rud é dá mbeadh beirt i gcónaí ar an laghad ag plé le páistí i mbunscoil nó ar aon scoil eile.

Mar sin féin, cé go bhfuil sé fíor ar an mórthír, tá sé níos fíre fós ar oileán. Cuir i gcás an múinteoir ar Oileán Thoraigh, an príomhoide. Is ón tír mór í, agus cosúil le gach duine, is maith léi dul abhaile ag an deireadh seachtaine. Má bhíonn lá garbh ann, nó munar féidir leis an bhád farantóireachta dul go dtí an t-oileán tráthnóna Dé Domhnaigh nó maidin Dé Luain, cad é atá ag dul a tharlú do na páistí agus don scoil? Tá a fhios againn uilig cad é atá ag dul a tharlú: beidh an scoil dúnta an lá sin, agus an lá ina dhiaidh sin, b'fhéidir, agus an lá ina dhiaidh sin aríst, agus beidh na páistí fágtha gan oiliúint, gan teagasc, gan fhoghlaim, agus níl sé sin inghlactha.

Le blianta fada anuas, bhí sé de bhuntáiste ag muintir Thoraigh — agus tá mé cinnte go n-aontaíonn an tAire Stáit liom agus go dtuigfidh séé seo — go bhfuil meánscoil acu. Tá scoil iarbhunoideachais acu anois, ach caithfidh muid cuimhneamh ar na blianta fada nach raibh. Le cothrom na féinne a thabhairt dóibh, ba chóir eisceacht a dhéanamh go ceann bliana eile. Tá comharthaí dóchais le feiceáil ar Oileán Thoraigh i láthair na huaire, chomh fada agus a bhaineann sé le dáltaí scoile. Tuigim go bhfuil ar an laghad cúig theach úr á dtógáil ar an oileán i láthair na huaire, agus is dócha go mbeidh teaghlaigh úra ag dul isteach sna tithe sin agus, sna blianta amach romhainn, go mbeidh páistíóga eile ag teacht chun cinn ar Oileán Thoraigh agus ag dul go dtí an bhunscoil agus an iarbhunscoil.

Chomh maith leis sin, is oileán speisialta é Oileán Thoraigh, ní amháin go bhfuil Gaeilge ann ach tá cultúr, ceol agus saibhreas ann a théann siar na glúnta, rud nár bhris an Béarla. Níor bhris an cultúr dúchasach traidisiúnta síos go fóill. Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh scoth an oideachais á cur ar fáil do mhuintir óg an oileáin fá choinne an cultúr, an traidisiún agus an saibhreas sin a choinneáil beo. Is é an tuairim dhaingean atá agam náé seo. Muna mbíonn acu ach múinteoir amháin, lagóidh sé sin láidreacht agus saibhreas an chultúir sin.

Mar sin, is é an rud a iarraim ar an Aire Stáit agus an Aire Oideachais agus Eolaíochta ná go ndéanfaidh siad eisceacht don scoil do bhliain eile agus go bhfágfaidh siad an cúntóir sin leis an phríomhoide sa bhliain amhach romhainn go bhfeicimis cad é an feabhas a bheas ar chúrsaí an bhliain seo chugainn. Tá mé iontach dóchasach go mbeidh feabhas air, agus mar sin, tá mé ag iarraidh orthu eisceacht a dhéanamh bliain eile. Rachaidh sé sin chun sochair go mór don oileán, don aos óg, agus d'oideachas ar an oileán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.