Dáil debates

Wednesday, 23 March 2005

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Is iontach an rud é go bhfuil an díospóireacht ar siúl. Is trua go bhfuil an ábhar os ár gcóir ró-leathan. Nílimid ag díriú ar cheist áirithe. Déanfaidh mé iarracht díriú isteach ar roinnt rudaí atá tar éis tarlú agus rudaí eile a mholaim tarlú amach anseo.

Cuirim fáilte roimh an dul chun cinn atá tar éis tarlú le bliain anuas. Glacaim go bhfuil dul chun cinn déanta. Tá Foinse agus ar fáil, tá Foras na Gaeilge ann, TG4, Raidió na Gaeltachta agus an cuma ar go bhfuil stádas nua ag teacht don teanga — níl se tagtha go fóill. Molaim an tAire agus an Rialtas as an stádas sin a lorg. Mar a dúirt mé anuraidh, is trua nach ndearna muid iarracht an stádas sin a lorg 30 bliain ó shin.

Anuraidh, bhí mé ag iarraidh go ndíreofar ar leagan Gaeilge ar tascaí chomh maith leis an leagan Béarla. Dúirt an tAire Iompair ag an am go ndéantar beart de réir an briathar, agus rinneadh é lastigh de cúpla lá. Tá seans againn dul chun cinn a dhéanamh.

Dul chun cinn eile ná go bhfuil an chéad tuairisc againn ó Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé go hiontach go bhfuil an oiread sin gearáin ann. Gan an méad sin a bheith ann, bheadh gach duine á rá go raibh gach rud i gceart. Tá siúl agam go mbeidh níos mó gearáin ann an bhliain seo chugainn, ach go mbeidh dul chun cinn déanta idir an dá linn ag na Ranna. Tá daoine dáiríre faoin teanga agus ag iarraidh dul i ngleic leis na Ranna agus Gaeilge a úsáid. Ba cheart go mbeidh daoine sásta a chearta a bhaint amach agus gearáin a dhéanamh nuair nach féidir leo seirbhís a fháil trí Gaeilge. B'fhéidir taobh istigh de deich mbliain tiocfaidh laghdú ar leibhéal na gearáin, agus nach mbeidh ghá le coimisinéir.

Roimh an Acht na dTeangacha Oifigiúla, mhol mé féin agus daoine eile sa Teach, mar ba chóir dúinn ar an taobh seo den Teach, agus mhol daoine i Fianna Fáil agus na PDs an rud céanna, go raibh an ghné seo an-thábhachtach. Tá siúil agam go n-éireoidh leis na choimisinéir amach anseo.

Tá fadhbanna fós ann. Luaigh an Teachta O'Shea fadhb amháin nuair a dúirt sé gur minic a bhíonn eagla orainn labhairt i nGaeilge anseo mar go dtógann na meánchumarsáide neamh-aird. Sin ghné de saol na tíre, agus caithimid fháil amach conas iompaí ar na meánchumarsáide éisteacht linn nuair a labhraíonn Teachtaí trí Gaeilge, níos forleathana na TG4 agus Raidió na Gaeltachta. Tá an méad atáá rá anseo dírithe ar na meán uilig. Is trua nach bhfuil ach colúin amháin sa tseachtain ag déaileáil le rudaí a dtarlaíonn sa Teach. Tá colún san The Irish Times agus tá ceann i Daily Ireland agus i Village. Fós, níl colún sa chuid is mó de na páipéar nuachta eile.

Ní chloisim Gaeilge á labhairt ar na stáisiúin raidió sa chathair seo ach go háirithe. Ní chloisim mórán ar na stáisiúin taobh amuigh den chathair ach an oiread. Nuair a bhí díospóireacht ar siúil maidir le athrúó na stáisiúin mídhleathach go chinn áitiúil, mar shampla 98FM, bhí caint ar chéatadán cláracha trí Ghaeilge, ach níor tharla sé sin. Níl an rialá á chur i bhfeidhm más rud é go bhfuil an céatadán ann.

Tá fadhb ann i leith na Ranna, rud a luaigh Choimisinéir na dTeangacha Oifigúla. Ní féidir linn ár ghnó a dhéanamh ó tús deireadh trí Gaeilge. Beidh mé ag cuir isteach roinnt gearáin i mbliana mar gheall ar sin. Tá mé sásta seans a thabhairt an Acht a chuir i gcrích, ach tá bliain imithe agus seo an deis atá agam. Tá sé tábhachtach dúinne, mar is muidinne an pobal. Ní muidinne lucht na Dála amháin ach an pobal Gaeilge lasmuigh. Tá dúshlán ann dúinn. Dúirt sé freisin gur dúshlán é do chomhlachtaí poiblí na tíre. Tugann sé dúshlán don phobal freisin úsáid rialta a bhaint as na seirbhísí breise a bheidh ar fáil trí mheán na Gaeilge ón Státchóras in imeacht ama de bharr na reachtaíochta nua. In áit deifir a bheith ar Ghaeilgeoiríúsáid a bhaint as an Bhéarla muna bhfuil an fhoirm ar fáil, nó foirm Béarla a líonadh isteach as Gaeilge, caithfimid na foirmeacha a lorg mar Ghaeilgeoirí, iad a líonadh isteach, agus úsáid a bhaint as na seirbhísí. Deir sé ag deireadh an phíosa go bhfuil sé fíor gur mhinic a bhíodh deacracht ag duine aonair a ghnó a dhéanamh go furasta leis an Stát trí Ghaeilge san am atá caite. De réir mar a thiocfaidh méadú ar chumas an Stáit seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, beidh dúshlán ann don phobal atá inniúil ar an Ghaeilge an teanga sin a roghnú agus iad i mbun gnó leis an Stát. Sin an dúshlán dúinne, ach tá dúshlán ar an Stát chomh maith.

Ina lán réimsí, níl an Stát ag comhlíonadh a dhualgais. Sa Ghaelscolaíocht ach go háirithe, níl an Státchóras ag déanamh tosaíochta den cheist seo. Tá liosta feithimh ina lán Gaelscoileanna sa chathair seo, mar ní féidir leo leathnú. Cén fáth nach bhfuil an Státchóras, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ach go háirithe, ag cur foirgneamh nó suímh nua ar fáil dóibh nó ag tabhairt gach uile thacaíochta dóibh siúd a theastaíonn sí uathu ionas gur féidir leo Gaelscoil nua a thógaint le déileáil leis an chomhartha baoil seo agus an t-éileamh atá ann? I mo cheantar, tá Gaelscoil Inse Chór curtha i mbaol. Tá liosta feithimh an-fhada ag na húdaráis. I mBaile Phamair i mbliana, bhí siad ag lorg suímh nua, ach ní bhfuair siad é, agus dúirt an Roinn leo dul ar aghaidh sa scoil a bhí ann cheana féin in ainneoin go raibh breis agus 30 duine acu don chéad agus don dara bliain sa scoil sin. Tá sé seo fíor i ngach uile áit timpeall na tíre a bhfuil Gaelscoileanna lonnaithe. Bíonn éileamh mór ann dóibh. Is gá dúinn impí ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta tosaíocht a thabhairt sa treo is go mbeadh sí ag moladh Gaelscoileanna agus chun tosaigh ag déanamh cinnte go dtógfaí tuilleadh acu.

Tá tromaíocht á déanamh ar na daltaí a bhíonn ag freastal ar na Gaelscoileanna, mar níl na téacsleabhair ar fáil as Gaeilge go fóill, in ainneoin go bhfuil siad ar fáil i mBéarla. Ba chóir go mbeadh an obair sin ag tarlú ag an am céanna seachas ina dhiaidh. Tá a fhios agam gur thosaigh dream a dhíriú isteach ar an cheist seo, ach beidh trí bliana imithe sula mbeidh na téacsleabhair don churaclam nua ar fáil do dhaltaí i nGaelscoileanna lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht. Bhí mé ag labhairt le múinteoir ag an deireadh seachtaine a thaispeáin na cóipeanna dom a úsáideann sé chun an curaclam nua a mhúineadh. Is trua é sin, agus taispeánann sé sin teip an Státchórais déileáil leis an cheist seo.

Bhí daoine ag caitheamh anuas ar an méid airgid a chaitear ar an Ghaeilge agus an méid airgid a chosnódh an tAcht teanga. Ní gá gach uile thuairisc a fhoilsiú as Gaeilge agus as Béarla. Is féidir iad a chur ar fáil ar an Idirlíon. Sin an gléas is fearr chun cuidiú leis an Ghaeilge. Is féidir na foirmeacha a chur ar fáil ar an Idirlíon ionas nach gá do dhuine ach dul isteach in ionad Stáit á rá leis an duine atá taobh thiar den chuntar go bhfuil an fhoirm sin á lorg aige. Buailfidh an duine cnaipe, agus eiseoidh an ríomhaire an fhoirm as Gaeilge. Má tá sé ag lorg ceann de na tuairiscí millteanach móra ar a raibh an Teachta Sargent ag caint, is féidir leis dul ar an Idirlíon i mBéarla nó Gaeilge agus, amach anseo, b'fhéidir i dteanga eile. Sin an tslí ar chóir dúinn dul. Is féidir an costas a chur isteach i réimsí eile a bhaineann leis an teanga seachas é a chaitheamh amú ag foilsiú na mílte cóipeanna de thuairisc nach bhfuil aon duine ag dul a léamh in am ar bith. Gheobhaidh iad siúd ar spéis leo é ar an Idirlíon ar aon chaoi é.

Ba mhaith liom díriú isteach ar an Ghaeltacht féin. Caithfimid poist a chruthú sa Ghaeltacht a mheallann an t-aos óg fanacht inti. Sin an fhadhb is mó, ach go háirithe i nGaeltacht Thír Chonaill; bíonn an t-aos óg ag imeacht. Téann siad ar choláistí tríú leibhéil, agus ní fhilleann siad ar an Ghaeltacht. Níl na poist chuí ar fáil dóibh. Faigheann siad scileanna nua sna hollscoileanna, agus cad is fiú dóibh teacht ar ais chun na Gaeltachta muna bhfuil na poist ar fáil in aice leo? Caithfimid díriú isteach air sin. Caithfimid ógeagrais a bhunú sna Gaeltachtaí a mheallann ógánaigh an cheantair an méid Gaeilge agus an saibhreas Gaeilge atá acu a úsáid lasmuigh de na scoileanna. Ba cheart dúinn an rud ceanann céanna a dhéanamh sna ceantair sin ar fad a bhfuil Gaelscoileanna iontu, i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Tiobraid Árainn nó péáit timpeall na tíre.

Ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de, bhí an ceart ag an Teachta Kenny díriú isteach ar an cheist cén fáth nach bhfuil an oiread sin daoine ag teacht amach as na scoileanna le Gaeilge — ní ar bhonn costais. Measaim nach bhfuil go leor airgid á chaitheamh, ach is é an fhadhb atá ann ná conas is féidir linn an úsáid is fearr a bhaint as an airgead sin. Is é ceann de na fadhbanna atá ann faoi láthair ná nach bhfuil airgead curtha ar leataobh chun cuidiú le múineadh na Gaeilge sna scoileanna sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Cá bhfuil an t-airgead seo? Cá bhfuil an buntáiste ar chóir dó a bheith ann dóibh siúd atá ag cur na príomhtheanga náisiúnta chun cinn sna scoileanna? Tá dearcadh agam maidir le múineadh na Gaeilge. Ba chóir dúinn bheith ag múineadh labhairt na Gaeilge ar dtús agus ansin, ina dhiaidh sin, díriú isteach ar an ghramadach, an litríocht, agus an scríobh. Nuair a d'fhoghlaim mé Béarla agus Gaeilge, d'fhoghlaim mé an fhoclaíocht ar dtús, agus tháinig an ghramadach agus mar sin de ina dhiaidh sin.

Ó thaobh an Achta seo, is trua é gur seo an t-aon am a bhíonn díospóireacht againn atá go hiomlán i nGaeilge. Tréaslaím leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, an Teachta McDowell, mar is eisean an t-aon Aire i mbliana a thosaigh an Dara Céim de reachtaíocht agus a labhair go huile is go hiomlán trí Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh na hAirí eile agus muid féin ag tabhairt na ceannasaíochta sin do lucht na Gaeilge. Níl Gaeilge líofa ag an Aire McDowell, agus bím ag síorthroid leis i nGaeilge agus i mBéarla, ach is eisean an duine a léirigh sampla don chuid eile againn gur chóir cur leis an méid Gaeilge a bhíonn á húsáid. Ba chóir dúinn impí ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta díriú isteach ar dhíospóireachtaí a chuirimid ar leataobh. Ba chóir go mbeadh Déardaoin, mar shampla, as Gaeilge go huile is go hiomlán. Ba chóir dúinn díriú isteach ar rud éigin mar sin. Chuideodh sé liom agus le gach Teachta eile atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid agus muid ag déileáil le reachtaíocht dá bhfoilseofaí na Billí i nGaeilge. Tá an fhoclaíocht a bhíonn iontu deacair orainne atá líofa sa teanga ach nach bhfuil líofa sa sórt foclaíochta sin. Dá mbeadh sé i nGaeilge, bheadh sé i bhfad Éireann ní b'éasca dúinn é sin a dhéanamh.

Tréaslaím leis an Aire aríst, agus le gach duine a chuidigh sa díospóireacht seo. Ba chóir go mbeadh díospóireacht cheart againn go rialta. Mar nóta deiridh, gabhaim comhbhrón le clann an iar-Sheanadóra, Pól Ó Foighil. Bhuail mé leis cúpla uair. Fear mór na Gaeilge agus Ghaeltacht Chonamara ab ea é, agus déanaim comhbhrón lena chlann agus a pháirtí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.