Dáil debates

Wednesday, 23 March 2005

6:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)

Go raibh maith ag an Leas-Cheann Comhairle as an deis seo a thabhairt dom labhairt ar an díospóireacht seo faoin Ghaeilge. Fáiltím roimpi, rud a dhéanann mó pháirtí freisin. Cé nach gceapfadh daoine a bhí ag éisteacht leis an Aire go gcuirimid fáilte roimh an Acht teanga, cuireann a lán daoine sa Fhreasúra fáilte roimhe. Chomh maith leis sin, tá áthas orainn maidir leis an dul chun cinn a bheidh ag leanúint ar aghaidh, le cúnamh Dé, i stádas na teanga san Aontas Eorpach.

Ní mór dom é seo a rá i dtosach báire, mar ó bheith ag éisteacht leis an Aire, cheapfaí go raibh an Freasúra ar chúis amháin nó ar chúis eile i gcoinne an Achta teanga. Tá sé tábhachtach go dtuigeann agus go n-admhaíonn an tAire go bhfuil éagsúlacht tuairimí i measc daoine ina pháirtí féin, i bpáirtithe an Fhreasúra agus i measc na dTeachtaí Neamhspleácha. Tá an éagsúlacht sin mar chroílár na ceiste ó thaobh na Gaeilge de chomh maith. I measc lucht na Gaeilge, tá éagsúlacht ann. Is trua é, mar sin, go ndeir an tAire go gceapann lucht na Gaeilge rud éigin i gcomhthéacs amháin nó i gcomhthéacs eile, mar ní féidir bheith ag caint mar gheall ar dhaoine a bhaineann úsáid as teanga mar ghrúpa a smaoiníonn mar a gcéanna agus atá an-chosúil lena chéile.

B'fhéidir gur ceacht é sin san Éirinn nua-aimseartha atá againn. Bhí caint ar dhaoine ag teacht isteach ó thíortha eile, daoine a bhfuil cúlra polaitiúil difriúil acu agus mar sin de. Tá daoine de gach sórt anois ag baint úsáide as an Ghaeilge mar theanga cumarsáide, a bheag nó a mhór. Tá mé ag caint faoi dhaoine atá éagsúil ar bhealaí eile — daoine aeracha agus díreacha, Protastúnaigh agus Caitlicigh a labhraíonn Gaeilge, daoine gorma, geala agus daoine ó thraidisiúin éagsúla polaitíochta chomh maith. Seans go bhfuil sé seo níos tábhachtaí ná rud ar bith eile: daoine a labhraíonn Gaeilge atá líofa agus daoine a dhéanann iarracht Gaeilge a labhairt atá fós ag foghlaim.

Táimid go léir ag foghlaim, ach tá daoine ann atá amhrasach mar gheall ar an Ghaeilge mar mhodh cumarsáide do gach aon ócáid. Luaigh mé é seo go pearsanta leis an Aire cheana féin, ach ceapaim gur fiú díospóireacht a spreagadh faoi seo chomh maith. Tá go leor iarrachtaí á ndéanamh cáipéisí a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla, mar thoradh ar an Acht teanga, b'fhéidir. D'ainneoin sin, agus mé ag féachaint ar roinnt mhaith de na tuairiscí sin, caithfidh mé a rá go bhfuil díomá orm, ní amháin nach bhfuil an Ghaeilge atá iontu iontach ar fad ach go gcaithfear bheith líofa sa teanga chun iad a léamh.

Muna bhfuiltear líofa, caithfear bheith an-aclaí nó bheith in ann féachaint ar rudaí bun os cionn. Mar shampla, tá cúpla cáipéis agam anseo. Níl ach Béarla ar an leathanach seo: An Explanatory Guide to the European Constitution, Department of Foreign Affairs. Tá sé as Béarla ar fad go dtí go dtagann an léitheoir go dtí croílár an leabhair, agus ansin, feiceann sé go bhfuil rudaí bun os cionn. Nuair a amharcann sé go géar air, aithníonn sé gur Gaeilge í an teanga atá bun os cionn. Mar sin, bíonn ar dhuine é a chasadh bun os cionn ar fad agus toiseacht ag léamh aríst, oiread is dá mbeadh leabhar nua aige.

Mar sin, má tá mé ag ullmhú, mar a bhíonn agus mar a bheidh mé, chun ceist Bhunreacht na hEorpa a phlé, tá orm bheith ag léamh téarmaíochta as Gaeilge atá beagáinín eisceachtúil nó casta. Chun teacht ar an aistriúchán Béarla, tá orm é a chasadh bun os cionn agus dul ag cuardach an leathanaigh ar a bhfuil an leagan Béarla scríofa. I ndáiríre, ní cabhair é sin úsáid na Gaeilge a spreagadh. Bhí daoine ag caint mar gheall ar tokenism, ach i ndáiríre cosnaíonn sé go leor airgead chun an leagan Gaeilge agus Béarla a fhoilsiú. Mura bhfuil siad taobh le taobh, tá sé an dheacair an úsáid is fearr a bhaint as an dá leagan. Deirimse arís le gach duine atá freagrach as, go mór mhór leis an Aire, an Teachta Ó Cuív, gur ceart comhairle a chur ar gach Roinn, áisínteacht oifigiúil agus duine atá freagrach as na tuairiscí seo a ionadú mar uaireanta bíonn siad scartha óna chéile ar fad. Tá leabhrán amháin ón Roinn Iompair anseo agam atá as Béarla ó bhun go barr. Deireann sé Department of Transport cé go bhfuil An Roinn Iompair scríofa go han-bheag mar aitheantas go bhfuil Gaeilge ann. Road Safety Strategy 2004-2006 atá scríofa air. Cheapfadh duine, agus an leabhar á léamh, gur beag an meas a bhfuil ag an Roinn aon ábhar a chur ar fáil as Gaeilge. Má théann duine ag cuardach an leagan Gaeilge, tá sé le fáil ceart go leor agus é scríofa go léir as Gaeilge. Ciallaíonn sé seo gan amhras gur cheapann daoine ins an Roinn Iompair go bhfuil dá chineáil duine ann in Éireann: daoine a labhraíonn Gaeilge amháin and daoine a labhraíonn Béarla amháin.

Chaithfidh mé a rá arís agus arís nach mar sin a bhfuil an saol ar chor ar bith. Go dtí go dtuigeann na háisínteachtaí Stáit agus an tAire fhéin go bfhuil sé tábhachtach an Gaeilge agus an Béarla a chur i láthair, taobh le taobh, ní dhéanfar dul chun cinn le formhór muintir na hÉireann atá ag iarraidh Gaeilge a úsáid agus atá ag lorg cabhair chun í a úsáid. Más féidir foilseacháin a chur ar fail ina bhfuil Béarla agus Gaeilge taobh le taobh, is dul chun cinn a bhéas ann.

Tá an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, tar éis tuairisc an-bheomhar agus an-fiúntach a fhoilsiú agus cuirim fáilte roimhe. Níl sé ag iarraidh rudaí a shéanadh, tá sé ag plé ceisteanna atá achrannach ach gur ceart a phlé, mar shampla, úsáid na Gaeilge san Oireachtas. Tá go leor daoine le cumas na Gaeilge acu san Oireachtas ach tá saoirse cainte agam agus ag an Teachta Ó Snodaigh agus Teachtaí sa Ghrúpa Teicniúil inniu, rud nach mbíonn againn de ghnáth. Go minic, ní bhíonn deis againn labhairt chomh fada agus is mian linn de bharr go bhfuil daoine eile ag iarraidh labhairt. An uair seo, áfach, tá ganntanas daoine ag iarraidh labhairt agus tá saoirse agam labhairt le 15 nóiméad agus is iontach an deis dom sin a dhéanamh. Is droch-chomhartha é fosta. Tuigfidh an coimisinéir an chéad uair eile a bheidh sé ag labhairt leis na meáin cumarsáide cé go bhfuil Gaeilge ag go leor daoine sa Teach gur beag an meas atá acu uirthi. Tá siad gnóthach gan amhras agus ní féidir leo bheith anseo an t-am ar fad, ach is díospóireacht eisceachtúil seo agus cheap mé go mbeadh níos mó daoine ag iarraidh labhairt.

B'fhéidir go gcaithfimid a ghlacadh leis gur mar sin atá sé, cé gur mhaith liom fáilte a chur roimh níos mó daoine anseo ag labhairt as Gaeilge. San Oireachtas féin, ní bheadh an Ghaeilge á labhairt chomh minic agus a bhíonn, fiú nach minic go leor a tharlaíonn, ach amháin go bhfuil meáin cumarsáide a bhíonn ag obair trí Ghaeilge ar nós TG4, , Foinse agus daoine sna hirisí éagsúla a bhíonn ann as Béarla an chuid is mó ar nós Village agus The Irish Times anseo. I ndáiríre tá an dá rud fite fuaite le chéile. Tá na meáin a bhíonn ag tuairisciú agus na daoine a bhíonn ag caint ag féachaint agus ag éisteacht lena chéile. Mura bhfuil fáilte roimh Ghaeilge ag iriseoirí, bíonn sé níos deacra í a úsáid mar tá sé deacair go leor teachtaireacht a chur in iúl don phobal. Mura bhfuil duine ar bith ag éisteacht leis agus ag foilsiú na teachtaireachta sin, is beag an seans atá ag Ball.

Agus sinn ag caint ar seachtain na Gaeilge, ba cheart smaointiú ar conas is féidir níos mó Gaeilge a chur chun cinn san Oireachtas. Tá go leor scoileanna a thugann cuairt ar an áit seo agus go minic na laethanta seo bíonn Gaelscoileanna ina measc. Tagann scoláirí isteach go dtí an Gailearaí Poiblí le héisteacht linn. Ba cheart dúinn pleanáil a dhéanamh go mbeadh laethanta Gaeilge ann gach mí agus go mbeadh fáilte roimh scoileanna a bhíonn ag iarraidh éisteacht le díospóireacht trí Ghaeilge ar na laethanta sin. Spreagfadh sin daoine le Gaeilge a úsáid agus chuirfeadh sé fáilte níos Gaelaí rompu siúd as na Gaelscoileanna.

I mo dháilcheantar féin, tá cúrsaí Gaelscolaíochta ag méadú agus tá Gaelscoil le tosú i mBaile Bhrigín roimh i bhfad. Tá sin ag teacht ar bharr Gaelscoileanna eile agus tá go leor meánscoileanna aga bhfuil traidisiúin Ghaeilge láidir acu. Sin comhartha an-mhaith.

Tá sé tábhachtach go ndéanaimid tagairt do chúrsaí sa Ghaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta ag díriú ar chúrsaí fostaíochta ach bíonn go leor caint faoi chúrsaí pleanála. Ba cheart go mbeadh sin lárnach don údarás áitiúil gan é a mheascadh le hÚdarás na Gaeltachta. Sin tuairim atá ag Diarmuid Mulcahy, an t-iarrthóir atá againn i gCona Mara, duine atá ag plé le cúrsaí ceoil chomh maith le cúrsaí teanga i gComhaltas Ceoltóirí Éireann go minic. Tá daoine eile a thagann isteach sa Ghaeltacht, ar nós Brian Ó Flanagáin, atá ag seasamh linn i gCondae na Mí sna toghcháin d'Údarás na Gaeltachta. Is as Inis Ceithleann é agus chuir sé iachall air féin Gaeilge a fhoghlaim agus is sampla dúinn go léir é sin.

Mar a luaigh an Teachta Carey, caithfimid díriú ar chúrsaí logainmneacha. Má tá Gaeilge agus míniú ar na comharthaí timpeall le feiceáil, spreagfaidh sé tuiscint ar an Ghaeilge chomh maith le tuiscint ar an logainm féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.