Dáil debates

Wednesday, 23 March 2005

5:00 pm

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Tá áthas orm seans a fháil chun cúpla focal a rá sna ráitis ar an Ghaeilge. Cuireann sé díomá orm gur an slua céanna atá anseo is a bhíonn ann gach uair a phléitear ceisteanna sa Teach mar gheall ar an nGaeilge. Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire as ucht an beocht atá curtha aige ina Aireacht agus an neart atá aige ann. Ón am a thosaigh sé san oifig seo, tá a lán déanta aige a bhfuil tábhacht ag baint leis. San am atá agam, ba mhaith liom caint mar gheall ar cúpla nithe den méid sin.

Múinteoir bunscoile is ea mise. Chaith mé 30 bliain ag múineadh ábhair éagsúla, chomh maith leis an Ghaeilge. Nuair a bhí mé ag dul ar scoil, d'fhoghlaim mé beagnach gach rud trí mheán na Gaeilge i scoil beag i gContae Chiarraí. Bhí beirt múinteoir sa scoil ar dtús, ach bhí triúr ann ina dhiaidh sin. Bhíodar ar fheabhas i gcás múineadh na Gaeilge. Cé go bhfuil céim agam sa Ghaeilge, caithfidh mé a admháil go bhfuil meirg ar mo chuid líofacht. Tá sé imithe chun donais leis na blianta, ach taitníonn sé liom triail a bhaint as anois is arís trí pháirt a ghlacadh sna díospóireachtaí seo.

Ba mhaith liom labhairt faoi mhúineadh na Gaeilge. Aontaím le cuid dos na rudaí atá ráite ag an Teachta Kenny, cé nach bhfuil an ráiteas go léir léite agam. Ba cheart dúinn aire a thabhairt ar cuid de na rudaí a dúirt sé. Cad atá imithe chun donais i leith múineadh na Gaeilge sna gnáthscoileanna? Tá an caighdeán níos ísle anois ná mar a bhí sé riamh sna gnáthscoileanna. Is deacair a rá cén fáth go bhfuil sé mar sin. I mo thuairim, tá na páistí agus na múinteoirí chomh báúil agus a bhí siad ariamh i leith na Gaeilge ach an bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ag cur na béime cearta ar conas a mba cheart Gaeilge labhartha a mhúineadh? An bhfuil an iomad aimsire a chaitheamh sna bunscoileanna ag cur béime ar scríobh agus léamh na Gaeilge gan an bhéim ar labhairt an teanga? Tá suim agam i scéim labhairt na Gaeilge agus tá súil agam go mbeidh éifeacht ag an scéim feabhsaithe i bhfad níos luaithe i saol an pháiste. Níl aon ghá ann nach mbeadh sé ar chumas an ghnáthpháiste an caighdeán ard céanna a bheith aige sa Ghaeilge agus atá sa Bhéarla. Aontaím leis na múinteoirí a deir go bhfuil sé deacair fiú Béarla a mhúineadh do roinnt pháistí agus atá ag cur na ceiste ansin cén fáth go gcaithfimid an méid sin ama ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh. Is féidir Gaeilge a mhúineadh, áfach, go héifeachtach má tá an tacaíocht ann ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta a fhaigheann an Béarla. Tá an t-am tagtha le béim nua a chur ar straitéis le Gaeilge labhartha a mhúineadh sna scoileanna.

Tá sár-obair á dhéanamh ag na scoileanna lán-Ghaelacha. Tá scoil i mo dhúiche féin i mBaile Munna. Cheapfadh duine nach mbeadh seans ag éinne Gaeilge a mhúineadh ná a labhairt san áit sin ach bhí mé ag caint leis an phríomhoide agus roinnt dhaltaí cúpla lá ó shin. Is álainn an rud é dul isteach ansin agus a éisteacht leis na páistí a thagann óna hárasáin i mBaile Munna, i bhFionnghlas agus Seantrabh agus cumas na Gaeilge acu nach gceapfadh duine a bheadh sé in ann a aimsiú sna háiteanna sin ar chor ar bith. Tá an timpeallacht ann, áfach, a chuireann an Ghaeilge chun cinn. Sin an fáth go bhfuil mé chomh báúil sin do scoileanna lán-Ghaelacha.

Bhí an díospóireacht céanna ann nuair a bhí me i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach. Bhí conspóid ann faoi bilingualism in Irish education. Bhí scoilteadh ann idir na daoine a cheap go bhféadfadh córas oideachais éifeachtach a bheith ann trí Ghaeilge agus córas éifeachtach gan í. De bhrí go bhfuil an méadú mór sin tagtha ar líon na Gaelscoileanna, tá an cheist freagartha. Is féidir an Ghaeilge a leathnú tríd an straitéis sin. Tá an-obair déanta ag an Chumann Lúthchleas Gael agus an FAI agus tá súil agam go leanfaidh siad leis.

Labhair daoine ar na coláistí samhraidh. Ní raibh mé riamh mar dhalta nó mar mhúinteoir iontu ach tá aithne agam ar a lán páistí a théann ann gach samhradh agus baineann siad an-taitneamh as an trí sheachtain a chaitheann siad ann agus tá timpeallacht Gaeilge ann an t-am ar fad. Tagann siad abhaile agus bá acu don Ghaeilge.

Bhí mé in RTE inniu ag caint ar bhunreacht na hEorpa. Ag deireadh an chláir bhí mé ag labhairt leis an fhoireann agus tháinig teachtaireachtaí isteach ag deireadh an chláir agus an bhéim a bhí iontu ná go bhfuil imní ag a lán daoine cad é a tharlóidh don fhéiniúlacht Gaelach má chloífimid leis an bhunreacht sin. Beidh níos mo fuinnimh ann má ghlacann muintir na hÉireann leis an bhunreacht sin.

Ón am a tháinig Riverdance chun cinn, tá an beocht agus fairsingeacht i leith na Gaeilge nach raibh ann riamh cheana. Tá scríbhneoireacht den chaighdeán is airde ann anois trí Ghaeilge. Tá cumas ceoil ann i bhfad níos bríomhaire ná mar a bhíodh. Is féidir le Raidió na Gaeltachta agus TG4 bouquet a fháil. Ba cheart dúinn iad a thréaslú as ucht na deá-oibre atá á déanamh acu gach lá. Tá cumas ag daoine an Ghaeilge a thuiscint a bhíonn le féachaint ar TG4 nár cheap go raibh an féidreacht acu sa teanga.

Tá an clár polaitíochta ann ag Eoin Ó Murchú ar Raidió na Gaeltachta gach Aoine agus ba mhaith liom go leathnódh Raidió na Gaeltachta cláranna cosúil leis sin. Níl go leor díofa ann. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh cláracha áitiúla ann. Tá "Caint sa Chathair" ag Raidió naGaeltachta agus tá suim ag a lán daoine ann.

Is beag a chloisim, áfach, sna stáisiúin tráchtála as Gaeilge. Bíonn cinnlínte nuachta i roinnt acu ach níor chlois mé oiread is alt amháin ar na stáisiúin sa gcathair seo. Ba cheart don Broadcasting Commission of Ireland iniúchadh isteach sa gceist sin le fáil amach cén fáth nach bhfuil siad ag cur na Gaeilge chun cinn. Tá mandate acu sin a dhéanamh.

Dúirt an tAire go bhfuil naoi ordú logainmneacha déanta aige, ag cur san áireamh ordú logainmneacha a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 20 Márta 2005. Sin ráite, níl a fhios agam cá bhfaigheann a lán daoine na logainmneacha anois sa chathair seo agus ar fud na tíre. Tá sé deacair a thuiscint cén fáth nach bhfuil níos mó béime á cur ag na comhairlí contae agus áitiúla sa treo is go gcuirfeadh sé iachall ar na buíonta tógála úsáid a bhaint as logainmneacha a bhfuil baint acu leis an áit féin agus a bhfuil an stair áitiúil ceangailte leo. B'fhéidir go mbeadh an tAire in ann níos mó brú a chur ar na comhairlí áitiúla chun é sin a fheabhsú.

Bhí díospóireacht i rith na bliana seo caite mar gheall ar stádas na Gaeilge san Eoraip. Tá súil agam anois go bhfuilimid níos gaire aontú a fháil ónár gcomhghleacaithe sa Chomhaontas Eorpach le go mbeadh an stádas céanna ag an Ghaeilge is atá ag na teangacha eile. Tá an argóint déanta, agus tá súil agam gur ghlac gach éinne léi. I rith na seachtaine seo caite, léigh mé áit éigin go raibh gach seans ann anois go mbeadh an stádas céanna ag an Ghaeilge is atá ag na teangacha eile san AE.

Mar fhocal scoir, is dócha gur tábhachtach an rud é go bhfuil am á chur ar leataobh againn anseo chun labhairt ar chúrsaí Gaeilge, ach nach dochrach é nach bhfuil ach cúpla lá sa bhliain curtha in áirithe chun ceisteanna tábhachtacha na Gaeilge a phlé anseo. Tá a fhios agam go bhfuil ceachtanna ar fáil againne anseo chun feabhas a chur ar ár gcuid Gaeilge, agus tá a fhios agam go mbíonn a lán daoine ag freastal ar na ceachtanna sin. B'fhéidir go bhféadfaimis aontú a fháil ar bhonn traspháirteach.

Nuair a thángas isteach anseo, bhí an Teachta Sargent ann, agus gach uair dár sheas sé suas, bhí alt nó leathalt aige as Gaeilge. Deir a lán daoine gur tokenism é sin, ach ní aontaím leis sin. B'fhéidir go bhféadfaimis go léir úsáid a bhaint as an Gaeilge anois agus aríst, nó gach uair dá bhfuilimid ag labhairt. De ghnáth, cloisim an Teachta Ó Snodaigh ag baint úsáide as an Gaeilge go forleathan, chomh minic agus is féidir leis, ar feadh 20 nóiméad nó mar sin. Is dóigh liom go mb'fhéidir lena lán daoine anseo é sin a dhéanamh dá mbeadh cleachtadh ní b'fhearr acu ar chaint anseo eatarthu féin. Nílimid ag caint eadrainn féin anseo, óir tá gach éinne ag éisteacht linn amuigh. Bheadh ní ba mhó beochta sa díospóireacht seo dá dtarlódh sé i bhfad ní ba mhó.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.