Dáil debates

Wednesday, 23 February 2005

11:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Aontaím leis an dearcadh atá curtha i láthair ag na Teachtaí eile. Tá sé tábhachtach go mbeidh díospóireacht de chineál éigin mar go bhfuil athrú bunúsach ar thoghchán an údaráis. Go dtí seo, ní raibh páirtithe polaitíochta ainmnithe mar a bheidh as seo amach. Sin an chéad chúis.

An dara cúis, agus b'fhéidir go ndéanfadh an Tí seo soiléiriú air, sin an laghdúó 100 méadar go dtí 50 méadar ar an achar gur féidir le daoine bheith ag canbhasáil agus ag déanamh bolscoireachta taobh amuigh den bhothán vótaíochta. An bhfuil sin mar an gcéanna le gach toghchán eile nó an rud eisceachtúil seo a bhaineann leis an údarás?

Ba chóir go mbeadh díospóireacht ann mar is athrú bunúsach é seo ar choincheap Údarás na Gaeltachta a bhí neamhpholaitiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.