Dáil debates

Wednesday, 23 February 2005

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Tá mé i gcoinne an rúin seo a rith gan díospóireacht mar tá athraithe bunúsacha i gceist san reachtaíocht. Ba chóir go mbeadh an toghchán i mí Aibreán ach tá na hathraithe bunúsacha atá sa dréacht ag tarraingt siar ón stair a bhí i dtoghcháin údaráis agus ag bogadh i dtreo toghchánaíocht páirtí polaitiúil mar go mbeadh ar dhaoine aimniúchán a fháil mura bhainfeadh siad le páirtí polaitiúil, chaithfeadh siad 15 ainm a fháil.

Tá athrú bunúsach eile i gceist ag an Aire atá ag ísliú an choisc ar chanbhasáil ó 100 méadar ón staisiún vótála go dtí 50 méadar. Is i malairt threo a ba chóir a bheith ag dul, ag cur leis an chosc go dtí 200 méadar seachas atá ráite sa dréacht a fuair muid.

Tá mise agus mo pháirtí ag cur i gcoinne an rúin seo a bheith curtha gan díospóireacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.