Dáil debates
Wednesday, 23 February 2005
Order of Business.
11:00 am
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
: Níl an Comhaontas Glas ag glacadh leis seo gan díospóireacht. Is mionphoínte é seo de réir an Aire ach ní mhionphointe é de réir muintir na Gaeltachta go mbeidh athrú suntasach le haghaidh iarrathóirí a bheidh ar lorg suíochán ar Údarás na Gaeltachta. Anois beidh baint le páirtí luaite, rud nach raibh i gceist go dtí seo. Is tús é ar athrú eile a bheidh ag cur isteach ar údaráis eile ar nós an IDA agus a leithéid. Is tráidisiún é nach mbeidh an t-údarás gafa leis an leibhéal céanna polaitíochta. Tá an tAire ag athrú sin agus tá gá le díospóireacht leis seo mar is athrú suntasach é.
No comments