Dáil debates

Wednesday, 23 February 2005

12:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

An fáth gur roghnaíodh 2 Aibréan ná go gcaithfidh an toghchán a bheith ann cúig bhliain agus sé mhí tar éis an chinn deiridh. Bhí an ceann deiridh mí na Nollag 1999 agus caithfidh sé a bheith idir mí na Nollag agus mí an Mheithimh. Bhí seo pléite agam go poiblí le pobal na Gaeltachta agus na baill údaráis agus aontaíodh go mbeadh sé in earrach na bliana seo. D'fhógair mé sin cúig bhliain ó shin. Shíl mé go mb'fhearr fanacht go dtí tar éis athrú an ama — ní raibh mé anuas ar an bhFreasúra, shíl mé go mba cheart deis a thabhairt do dhaoine canbhasáil agus na oícheanta fada acu.

Roghnaíodh an Satharn mar bhí sé ar an Satharn cheana agus thaitinn sé leis an bpobal. Pobal scaipthe atá i gceist agus bíonn go leor acu ag obair agus ag staidéar i mBaile Átha Cliath agus áiteanna eile. Tugann seo deis dóibh dhul abhaile d'áiteanna nach mbeadh siad in ann a dhul más tráthnóna De hAoine a bheadh ann don toghchán mar bheadh fadhb fáil amach as an gcathair agus bheith sa mbaile roimh 9 p.m. ar an Aoine. Feileann an Satharn leis seo.

Ó 1979, b'é an fíorscéal gur theastaigh na daoine páirtithe éagsúla a chur ar na postaeir ach nuair a chuaigh daoine isteach ag breathnú ar an bpáipéar ballóide, ní raibh ainm aon pháirtí ar an bpáipéar ballóide. Tá sé in am fáil réidh leis an bhfinnscéal agus an fhírinne a admháil — go mbíonn daoine ag seasamh do na páirtithe. Bhíéagóir á dhéanamh ar pháirtithe polaitiúla agus daoine a bhí ag seasamh leo gurbh é seo an t-aon toghchán amháin nach raibh ainm an pháirtí sofheicthe ar an bpáipéar.

Ní shin le rá nuair a thoghfar an bord nach mbeidh comhoibriú idir na baill. Nach bhfuil Fine Gael tar éis coinbhinsiún a reáchtáil? Níl a fhios agam faoi Sinn Féin, níl aon iarrathóir aige i gCiarraí ach tá i gConamara. Glacaim go bhfuil iarrathóirí ag an gComhaontas Glas agus go mbeidh siad ag seasamh ag coinbhinsiún de chuid an Chomhaontais Ghlais agus go n-ainmneofar ansin iad agus go mbeidh logo an pháirtí ar na postaeir. Tá rud éigin míréalaíoch go mbeadh chuile duine ag dul thart ag cur ainm na bpáirtithe ar na postaeir agus nach mbeadh siad le feiceáil ar an bpáipéar ballóide. Finnscéal atá ann agus sin an fáth gur cuireadh na leasaithe sin air.

An leasú deireannach a luadh an 50 méadar. Sin a bhí ann ag na toghcháin do na húdaráis aitiúla agus ní hathrú an suntasach atá i gceist i dtaobh an údaráis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.