Dáil debates

Tuesday, 5 October 2004

3:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)

Nach bhfuil sé fíor, ó thaobh an daonáirimh is déanaí de, go bhfuil laghdú mór tagtha ar chainteoirí Gaelainne i roinnt dúichí a glaotar Gaeltacht orthu faoi láthair? Ní gá fanacht dhá bhliain chun é sin a shoiléiriú. Ní labhartar Gaeilge i gcuid des na dúichí sin ar chor ar bith.

Molaim an obair atá déanta ag an Aire, ag TG4 agus ag gach duine a oibríonn chun na Gaeilge a chothú, ach an cóir dul ar aghaidh le toghcháin do Údarás na Gaeltachta go dtí go mbeidh an Ghaeltacht socair agus daingean ar feadh deich mbliana? Nach mbeadh sé níos fearr gan dul ar aghaidh leis na toghcháin sin go dtí go mbeidh imill na Gaeltachta socraithe ag an Aire? Má leantar ar aghaidh leis na toghcháin, beidh daoine nach bhfuil Gaeilge á labhairt acu agus nach bhfuil baint dháiríre acu leis an nGaeltacht ag vótáil sna toghcháin. Is rud bunúsach é go dtiocfaidh baill an údaráis ón nGaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.