Dáil debates

Tuesday, 5 October 2004

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tuigim an t-imní atá ar an Teachta. D'fhéadfaí méar a shíneadh i dtreo na Gaillimhe, go mórmhór ar na bruachbhailte thart ar Ghaillimh. Tá mé ag breathnú ar reachtaíocht an údaráis i gcomhthéacs eile ar fad ach ní bheidh sé sin déanta roimh dháta thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Beidh cúig bliana caite ag an mbord in oifig ag deireadh na bliana seo. Cheana féin, d'éirigh ball amháin as i ngeall ar chuímse sláinte. Mar sin, creidim go mba cheart dul ar aghaidh leis an toghchán. Dá gcuirfinn an toghchán siar bheifí ag casaoid fúm go raibh faitíos orm go mbuailfeadh Fianna Fáil sa toghchán. Rogha an dá dheabhail atá agam ach tá i gceist agam dul ar aghaidh leis na toghcháin. Má thagann athrú ar theorainn na Gaeltachta, beidh sé sin i bhfeidhm don chéad toghchán eile ina dhiaidh sin.

Is féidir liom a rá, a bheag nó a mhór, gur daoine as croílár na Gaeltachta formhór na mball atá tofa ar Údarás na Gaeltachta mar, go praiticiúil, is iad an pobal labhartha Gaeilge is mó a chuireann spéis ins na toghcháin áirid sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.