Dáil debates

Tuesday, 5 October 2004

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Maidir leis an dara cuid den cheist, rinne mé ainailís bunaithe ar dhaonáireamh 1996 ar líon na gcainteoirí laethúil Gaeilge fásta ins na ceantracha taobh amuigh den nGaeltacht. Ní raibh aon áit taobh amuigh den nGaeltacht go raibh níos mó ná 10% den phobal ag labhairt na Gaeilge go laethúil seachas trí toghroinn cheantair a bhí ar imeall na Gaeltachta go raibh cuid den toghroinn cheantar sa nGaeltacht agus an chuid eile taobh amuigh. Mar sin, ní léir go bhfuil aon cheantar i láthair na huaire taobh amuigh den nGaeltacht ar cheart dó bheith ina Ghaeltacht.

Maidir le ceantracha atá san nGaeltacht anois agus go bhféadfaí argóint a dhéanamh nar cheart go mbeidís san nGaeltacht, an fhad is go bhfuil an staidéar teangeolaíochta ar siúl tá dhá rud eile ar bun taobh le taobh leis. Tá go leor scéimeanna nua bunaithe agam leis an nGaeilge a threisiú imeasc an phobail — luaim, mar shampla, cúntóirí teanga, cuairteoirí baile, scéimeanna pleanála pobal teanga agus campaí spóirt — leis an nGaeilge a threisiú. Tá go leor airgid breise ag dul isteach ins na naíonraí Gaeltachta. Mar is eol don Teachta, láinseáladh an feachtas feasachta le gairid. Níl gach rud ina stad an fhad is a bhfuil an staidéar teangeolaíochta ar bun. Táimid ag déanamh rudaí go dearfach.

An dara rud atáimid ag rá go soiléir le pobal na Gaeltachta an fhad is atá an staidéar ar bun, go mbeidh ceist le freagairt ag an bpobal an dteastaíonn uathu fanacht san nGaeltacht nó nach dteastaíonn. Beimid ag déanamh soiléir dóibh má theastaíonn uathu fanacht san nGaeltacht go mbeidh critéir áirid le comhlíonadh. Seachas teacht aniar aduaidh orthu go tobann táimid ag tabhairt réamh-fhógra dhá bhliain dóibh go bhfuil an rud seo ag teacht, céard iad na roghnaithe a bheas le déanamh ag an bpobal, céard iad na critéir a bheas ann agus céard a bheas orthu a dhéanamh amach anseo le fanacht taobh istigh den nGaeltacht.

Mar sin, tá mé ag bogadh ar aghaidh i dtí threo comhthreomhar an an am gcéanna. Is dóigh liom gurb shin an chaoi cheart le tabhairt faoin obair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.