Dáil debates

Tuesday, 5 October 2004

3:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an freagra sin a thabhairt don Teach. Nach bhfuil sé so-fheicthe do éinne a théann go dtí na Gaeltachtaí go bhfuil ceantracha áirithe nár cheart Gaeltacht a thabhairt orthu i láthair na huaire? An rud a chuireann imní orm ná go bhfuil an tAire ag rá go mbeimid ag feitheamh go dtí 2006 chun toradh na hoibre ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a fháil. Idir an dá linn beidh cúrsaí ag dul in olcas an t-am go léir.

Mar a dúirt an tAire cheana, más rud é go bhfuil ceantar lasmuigh den Ghaeltacht mar atá ina dteastaíonn ón bpobal a bheith ainmithe mar Ghaeltacht, tabharfar an seans don cheantar teacht suas chuig caighdeán áirithe Gaeilge agus a bheith ina Ghaeltacht. Tá sé deacair ceantar mar sin a ainmniú ach má tá ceantracha amuigh ansin go dteastódh uathu a bheith ina nGaeltachtaí an d'fhéadfaí iad a mholadh agus seans a thabhairt dóibh an toradh sin a bhaint amach chomh luath agus is féidir?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.