Dáil debates

Tuesday, 5 October 2004

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 138, 141 agus 165 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, moladh i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002 go mba chóir staidéar cuimsitheach teangeolaíoch a thionscnamh ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tar éis tairiscintí ina leith a bheith iarrtha agus scrúdaithe ag mo Roinn, d'fhógair mé ar 31 Eanáir 2004 go raibh an conradh chun a leithéid de staidéar á bhronnadh ag mo Roinn ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Meastar go dtógfaidh an staidéar — a thosaigh i mí Aibreáin 2004 — dhá bhliain go leith le cur i gcrích. Tá súil agam, mar sin, go mbeidh torthaí críochnúla ar fáil thart ar Mheán Fómhair 2006. Bainfear úsáid as torthaí an staidéir seo mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta, faoi mar a moladh i dtuarascáil an choimisiún. Cuirfear aon mholtaí maidir le hathruithe ar na limistéir faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.