Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 November 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Soláthar an Oideachais Lán-Ghaeilge: Plé
2:00 am
Naoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar dtús, ó thaobh cheist an éilimh de, is ceist bhunúsach í ó thaobh an t-éileamh straitéisigh don Ghaelscolaíocht.
Ón méid atá cloiste agam mar bhall den choiste seo, níl aon mhuinín agam fós go bhfuil muid ag dul i ngleic i gceart leis an gceist sin. Inseoidh mé cén fáth. Fiú bunaithe ar an méid atá ráite ag na finnéithe, uimhir a haon, ó thaobh Sráid Synge de, tá faitíos orm go mbeidh an próiseas sin diúltach agus go n-úsáidfidh an Roinn é le rá nach féidir seo a dhéanamh agus nach n-oibríonn an próiseas seo. Tá faitíos orm go n-úsáidfidh an Roinn an sampla sin má tharlaíonn sé.
Labhair na finnéithe faoi thuismitheoir a bhfuil gasúr dhá bhliain d’aois aige nó aici agus ceisteanna, suirbhéanna agus an sórt sin a chur air nó uirthi. Tá tuismitheoirí a bhfuil gasúir dhá bhliain d’aois acu faoi bhrú leis na gasúir sin agus na rudaí ar fad a chaithfidh siad déanamh leo. Tá seans ann go roghnóidh siad an rud nó rogha is éasca dóibh féin. Ó thaobh suirbhé a dhéanamh agus mar sin de, tá fadhbanna bunúsacha leis an tsuirbhé sin. Is í an chéad cheist atá agamsa, ó thaobh an éilimh straitéisigh seo a mheas don Ghaelscolaíocht, ná seo: cad é an bealach ceart leis seo a dhéanamh go cuimsitheach, dar leis na finnéithe?
Is rud amháin é an t-éileamh. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh i gcruinniú eile, ar bhealach, ba cheart go gcuirfeadh na Rialtas polasaí i bhfeidhm as a dtiocfadh an t-éileamh. Ba chóir go mbeadh sé mar pholasaí an Rialtais an t-éileamh sin a chothú. Is féidir linn suirbhéanna agus rudaí mar sin a dhéanamh ach ní chreidim go bhfuil siad ag dul go bhuncheist an éilimh. Cad a cheapann na finnéithe ina leith sin? Cad é an bealach ceart leis seo a dhéanamh?