Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 November 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Soláthar an Oideachais Lán-Ghaeilge: Plé

2:00 am

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanfaimid ár mbreithniú ar an ábhar soláthar an oideachais lán-Ghaeilge le hionadaithe thar ceann Ghaeloideachas. Fearaim fáilte roimh na daoine seo a leanas ó Ghaeloideachas: Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach; agus Clodagh Ni Mhaoilchiarain, uachtarán.

Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanfaidh muid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin a chur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Tá sé sách fada. Tabhair cúpla nóiméad dom. Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ní mór dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Gabhaim mo mhíle buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh a thabhairt dúinn a bheith anseo leis inniu thar ceann Ghaeloideachas, an eagraíocht náisiúnta a thugann comhairle, cúnamh agus tacaíochtaí do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil dá gcuid páistí agus dóibh siúd atá ag obair san earnáil, sna naíonraí, sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna lán-Ghaeilge.

Is í fís Ghaeloideachas ná go mbeadh córas eiseamláireach tumoideachais, ón naíonra go bunscoil go hiarbhunscoil, ar fáil do gach duine, ach faraor, faoi láthair, ní sin mar a sheasann sé, mar níl deis ag páistí uile na tíre freastal ar naíonra nó scoil lán-Ghaeilge. Ní mór cur chuige straitéiseach a bheith ag an Stát maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge, chun nach mbeidh aon pháiste faoi mhíbhuntáiste tíreolaíoch, socheacnamaíoch nó eile agus iad ag iarraidh teacht ar oideachas lán-Ghaeilge.

Táimid ag staid chinniúnach i stair an oideachais lán-Ghaeilge, agus foilsiú an chéad pholasaí den oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ar tí tarlú. Nuair a thosaigh plé agus forbairt ar an bpolasaí oideachas Gaeltachta, thosaigh Gaeloideachas ag achainí ar son na dtacaíochtaí agus infreastruchtúr céanna a bheith ar fáil don oideachas lasmuigh den Ghaeltacht. Tá áthas orainn gur ghlac an Roinn chuici an tasc polasaí a fhorbairt, ach na ceisteanna atá le freagairt anois ná an aithníonn an polasaí na dúshláin, agus an dtéann sé i ngleic leo go cumhachtach, go cuimsitheach agus go cothrom. Sin na ceisteanna a bheidh mé ag iarraidh ar an gcoiste a bhreithniú.

Ba mhaith liom i dtosach tús a chur le ceist na naíonraí, atá mar bhunchloch ar an tumoideachas. Tosaíonn aistear an tumoideachais sa naíonra do an-chuid páistí. Thug Gaeloideachas ráiteas siar in Aibreán 2024 os comhair an choiste seo maidir le staid reatha na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht agus na deiseanna atá á gceilt ar na céadta páistí in aghaidh na bliana an Ghaeilge a shealbhú toisc easpa spáis sna naíonraí a bheith ar fáil dóibh. In ainneoin infheistíocht mhéadaithe i seirbhísí tacaíochta do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht trí mhaoiniú a chur ar fáil do Ghaeloideachas in 2025, tá fadhbanna sistéamacha ann go fóill atá ag cur bac ní hamháin ar fhás na naíonraí, ach freisin ar a hinmharthanacht. Tá gá le beartais ag leibhéal an Stáit le dul i ngleic leo.

Aithníonn muid go bhfuil plean cuimsitheach beartaithe ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais don Ghaeilge sna luathbhlianta agus go bhfuil sé le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo. Is mór an dul chun cinn é seo, agus beimid ag súil le bheith ag comhoibriú leis na páirtithe leasmhara agus na forais Stáit. Tá sé riachtanach go mbeidh an plean an-uaillmhianach le dul i ngleic leis na dúshláin atá ag bagairt ar na naíonraí le blianta fada, agus go mbeidh buiséad cuí ann le plean gnímh cuimsitheach a chur i bhfeidhm. Níl naíonraí nua á mbunú ag ráta a thagann le héileamh an phobail ná le líon na mbunscoileanna atá ann. Tá gá le scéim a thacaíonn le naíonraí nua a bhunú, go háirithe nuair atá deis iad a chomhlonnú le bunscoileanna lán-Ghaeilge, agus ba cheart don Stát breathnú ar mhúnla poiblí a fhorbairt le soláthar luathbhlianta lán-Ghaeilge a chinntiú.

Tá gá le scéim a thacaíonn le naíonraí a bhuanú agus le haitheantas a thabhairt do chaighdeán an tsoláthair. Tá líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag laghdú le blianta beaga anuas, agus an fhianaise starógach a thuairiscítear ina leith ná toisc nach féidir foireann a earcú agus a choinneáil. Tá Gaeloideachas ag éileamh go gcuirfí scéim aitheantais agus fóirdheontais ar fáil do na naíonraí reatha ar bhonn práinne, mar chuid den phlean cuimsitheach atá beartaithe ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais don Ghaeilge sna luathbhlianta.

Mar a sheasann sé, níl córas ag an Stát le naíonra a aithint mar sheirbhís ar leith, suíomh ina bhfuil tumoideachas á chleachtadh. Ba cheart don Stát eolaire poiblí a chur ar fáil do thuismitheoirí maidir le cá háit ina bhfuil an naíonra is gaire dóibh, mar a dhéantar le bunscoileanna. Is gá an rogha a éascú do thuismitheoirí agus iad a spreagadh le dul i mbun an chórais, le feachtas náisiúnta maidir leis an naíonra.

Tabharfaidh mé aghaidh anois ar an bpróiseas bunaithe scoile ag an mbunleibhéal. Le go mbeidh sé mar rogha ag gach páiste freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge, tá gá cur leis an soláthar bunscoile. Tá sé chomh simplí leis sin. Tá ceist an tsoláthair, nó an easpa soláthair, ar an gceist is mó a thuairiscigh an pobal sa chomhairliúchán ar an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge. Mhol líon ard freagróirí go mbunófaí breis naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna trí mheán na Gaeilge. Thug seo údarás don Roinn Oideachais agus Óige cearta na bpáistí maidir le rochtain ar an oideachas lán-Ghaeilge a bheith ag croílár an pholasaí nua. Ach, faraor, ní bheidh aon réiteach luath ar seo.

Tá ceist an tsoláthair anois faoi chúram tascfhórsa a bheidh ag feidhmiú ar feadh bliana, rud a chiallaíonn go leanann an doiléireacht, an mhíshástacht agus an imní nach mbeidh éileamh á shásamh mar is ceart. Mar eagraíocht, táimid ag éileamh go mbeadh soláthar úr le scoileanna neamhspleácha agus pleanáil straitéiseach mar thoradh ar obair an tascfhórsa ach, go fóill, nílimid muiníneach maidir le gnó an tascfhórsa ná an toradh a bheidh air. Dar linne, tá sé seo ag sárú na gceart atá ann agus na bunphrionsabail atá ann dár gcuid daltaí agus dár sochaí.

Tuigtear do Ghaeloideachas go mbeidh an tascfhórsa anois ag breathnú ar an gceist cén chaoi éileamh a mheas. Tá suirbhé á scaipeadh go díreach ar maidin ar na bunscoileanna ar fad agus beidh ceann de na ceisteanna ag díriú ar na bunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Iarrfar orthu a shainiú an mbeidís sásta feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá an cheist seo lochtach ó bhonn agus, cibé toradh a bheidh air, ní bheidh sé ina léiriú ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge atá ann. Léireoidh sé nach bhfuil tuismitheoirí a bhfuil a gcuid páistí ag freastal ar an scoil cheana sásta aistriú go dtí an córas lán-Ghaeilge, rud atá intuigthe. Tá an cheist míréadúil agus mícheart ach, in ainneoin ár n-imní a bheith curtha in iúl go tráth rialta ag an Roinn agus ag an Aire, táthar ag rá go mbeidh na torthaí seo in úsáid chun éileamh a mheas.

Tá Gaeloideachas ag éileamh dá réir nach mbainfí leas as na torthaí sin ach go n-aontóidh an tascfhórsa ar mheicníocht cheart le héileamh a mheas. Mar chuid de sin, tá gá le hathbhreithniú cuí a dhéanamh ar an bpróiseas bunaithe scoile, próiseas a fhágann oideachas lán-Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste mar go bhfuil sé bunaithe ar déimeagrafaic amháin seachas ar phleanáil straitéiseach a bheadh ag teacht leis an gclár Rialtais.

Cuireadh fáilte roimh an leasú a tháinig ar an bpróiseas bunaithe bunscoile sa bhliain 2019, leasú a d’fhág go bhfuil, ar pháipéar, níos mó deiseanna ann le bunscoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú sa chás nach bhfuil aon scoil lán-Ghaeilge sa scoilcheantar cheana féin. Tharla an leasú seo de bharr imscrúdú Oifig an Choimisinéara Teanga agus na ndúshlán a leagadh roimh an Roinn oideachais maidir lena dualgas i leith na teanga. Ach ní leor é, áfach, mar is annamh anois go mbunaítear scoileanna nua. Ní dhéanann próiseas atá bunaithe ar fhás daonra amháin freastal ar riachtanais forbartha an oideachais lán-Ghaeilge. Tá Gaeloideachas ag éileamh go mbeadh próiseas ar leith ann chun bunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú de réir éilimh agus cruthúnas ar inmharthanacht, lasmuigh de chóras reatha na Roinne oideachais. Bíodh buntáistí na Gaelscolaíochta ar fáil mar rogha do gach páiste.

Breathnóimid anois ar cheist an iarbhunleibhéil. Níor tharla leasú comhchosúil ar an bpróiseas bunaithe scoile ag an iarbhunleibhéal mar gur bhain imscrúdú Oifig an Choimisinéara teanga le cás bunscoile amháin. Is próiseas iomaíoch bunaithe ar déimeagrafaic amháin atá ann le pátrúin scoile a roghnú ag an iarbhunleibhéal, is cuma an bhfuil soláthar lán-Ghaeilge ar fáil sa scoilcheantar nó nach bhfuil. Mar atá ag leibhéal na bunscoile, más scoileanna meán-Bhéarla amháin atá sa scoilcheantar agus má tá spásanna ar fáil iontu, níl deis ann le scoil lán-Ghaeilge a bhunú. Má tá gá le scoil nua, is an t-iarratas leis an líon is mó léirithe spéise ó thuismitheoirí a mbronnfar pátrúnacht na scoile air. Go hiondúil, áfach, sna ceantair ina bhfuil an daonra ag fás agus scoileanna nua de dhíth, is oideachas meán-Bhéarla a theastaíonn ó fhormhór na dtuismitheoirí dá gcuid páistí, cé go bhfuil scoileanna lán-Bhéarla sa cheantar cheana. Mar sin, is scoileanna meán-Bhéarla eile a bhunaítear. Ní oibríonn córas iomaíoch den chineál seo i gcás teanga mionlaigh agus tá sé ag dul glan in aghaidh spriocanna an Stáit mar a bhaineann siad leis an nGaeloideachas. Tá an córas reatha ag déanamh leithcheala ar dhaltaí ar mian leo aistriú go hiarbhunscoil lán-Ghaeilge. Tá sé ag ceilt deiseanna ar phobail lárionaid teanga agus oideachais a bhunú a chuirfeadh le hinniúlacht teanga sa Ghaeilge do na glúine amach romhainn.

Tá Gaeloideachas ag éileamh go mbeadh próiseas ar leith ann chun iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú de réir éilimh agus cruthúnas ar inmharthanacht lasmuigh de chóras reatha na Roinne oideachais. Bíodh sé de cheart ag daltaí leanúint leis an oideachas lánGhaeilge agus caidreamh fadsaoil a chruthú leis an teanga.

Tá castacht sa bhreis ann le ceist an tsoláthair ag an iarbhunleibhéal, is é sin múnla an aonaid, nuair a chuirtear oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil laistigh de scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Beidh sé mar cheann de spriocanna an tascfhórsa sainmhíniú a thabhairt ar céard is "aonad" ann mar, go dtí seo, níl polasaí ag an Roinn le raon, caighdeán agus inmharthanacht an tsoláthair a chinntiú. In ainneoin seo, socraíonn an Roinn gur múnla inghlactha é agus bunaítear aonaid mar réitigh ar cheist an tsoláthair. Is é an imní mhór atá ar Ghaeloideachas ná go mbeidh cinneadh déanta gur leor leasuithe chun feabhas a dhéanamh ar mhúnla an aonaid agus go bhfanfaidh na haonaid mar aonaid seachas mar scoileanna neamhspleácha. Is é an imní mhór eile atá orainn ná go gcinnteofar nach mbunófar scoil neamhspleách arís ach gur aonaid a bheidh ann. Is ionann seo agus a rá gur leor oideachas faoi bhainistíocht scoil Bhéarla dóibh siúd ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge a fháil ag an iarbhunleibhéal. Ní bheadh seo inghlactha in aon réimse oideachais eile.

Tá cruthúnas ann nach bhfuil múnla an aonaid mar atá inghlactha nó inmharthana mar sholáthar tumoideachais. Tuigtear do Ghaeloideachas gur dhún ar a laghad sé aonad le deich mbliana anuas. Do na haonaid atá ag feidhmiú, is gá a aithint go bhfuil obair ollmhór ar bun acu gan tacaíocht chuí ón Roinn oideachais ach go bhfuil siad leochaileach agus nach soláthar tumoideachais iad sa chiall is leithne. Níl seo cothrom ar dhaltaí ná ar fhoireann na n-aonad.

Tá Gaeloideachas ag éileamh ar an Roinn oideachais a aithint, mar chuid den pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge, gur scoileanna neamhspleácha is gá a bhunú in áit aonad de bharr nach bhfuil múnla an aonaid lán-Ghaeilge inchurtha le scoil neamhspleách tumoideachais ó thaobh cur chuige ná eispéireas an tumoideachais. Do na haonaid reatha, tá Gaeloideachas ag iarraidh go n-aontófar polasaí láithreach a éascaíonn an próiseas dóibh feidhmiú go neamhspleách gan mhoill.

Spreagfar tuismitheoirí le hoideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú má chuirtear ar fáil dóibh é ina gcuid pobail féin agus mar chuid de ghnáthsholáthar oideachais seachas mar rogha atá imeallaithe agus uaireanta neamhchinnte. Ba cheart don Roinn oideachais deis chothrom a thabhairt do pháistí dul chun cinn a dhéanamh agus leanúint lena gcuid oideachais trí Ghaeilge. Má chuirtear polasaithe láidre agus tacúla i bhfeidhm ag leibhéal an Stáit, beidh Gaeloideachas réidh le pobail a spreagadh agus a stiúradh trí na céimeanna le naíonraí agus scoileanna nua a bhunú. Táimid thar a bheith bhuíoch den chomhchoiste as an deis seo a thabhairt dúinn inniu, as a bheith chomh tacúil linn i gcónaí agus as cluas éisteachta a thabhairt dúinn.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a ráitis tosaigh. Anois, glacfaimid le ceisteanna ó na comhaltaí.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís. Tréaslaím leo as an obair atá déanta acu thar na blianta. Tá sé leagtha amach cuibheasach soiléir acu sa ráiteas tosaigh, fiú sa teideal, céard go díreach é an bhunaidhm. Dúradh nach bhfuil an Stát ag sásamh an éilimh. Táim i gcónaí ag gearán nach bhfuil sé ag cothú ná ag forbairt an éilimh ach níl sé fiú ag sásamh an éilimh atá ann. Cad go díreach é an t-éileamh? Cé mhéad Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a bheifí in ann bunú don Mheán Fómhair seo chugainn? Cad iad na heagrais atá lonnaithe timpeall na tíre? Bhí liosta ag an gcoiste deireanach d'eagrais a bhí ag obair le chéile ó thaobh Gaelcholáistí de. Cúpla seachtain ó shin, bhí oifigigh ón Roinn oideachais linn. Níor fhéach mé siar ar an taifead ach dúradh, dá mbeadh 400 páiste ann, gur leo é sin chun Gaelcholáiste a bhunú. Ní raibh a fhios agam go raibh coinníollacha leagtha síos chomh soiléir agus a bhí á rá ag an staid sin mar leag na grúpaí a tháinig os ár gcomhair sa Dáil dheireanach an líon páistí a bhí acu romhainn. An bhfuil na coinníollacha sin ann ó thaobh na nGaelcholáistí de? Is í an cheist ná seo: cad é an t-éileamh? Cé mhéad scoil gur chóir a bheith bunaithe ar maidin nó faoi Meán Fómhair seo chugainn dá mbeadh an Stát ag sásamh an éilimh?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tá sé deacair an cheist a fhreagairt agus a bheith an-sonrach agus an-chruinn faoi de bharr nach bhfuil aon phróiseas ann chun an t-éileamh a mheas i gceart. Tá an cheist a ardaíonn an Teachta thar a bheith tráthúil i bhfianaise go bhfuil suirbhé foilsithe inniu ag an Roinn oideachais a bhaineann le ceist an éilimh. Go bunúsach, tá suirbhé imithe amach ag na bunscoileanna ar fad inniu ag fiosrú go príomha sainmheon creidimh na mbunscoileanna. Tá sé ag iarraidh ar thuismitheoirí rogha a dhéanamh an dteastaíonn uathu, i gcás scoileanna le sainmheon Caitliceach, go bhfanfaidh na scoileanna leis an sainchreideamh sin nó ar mhian leo aistriú go scoileanna ilchreidmheacha.

Tá ceist na Gaeilge curtha isteach ansin. Is ceist thánaisteach atá inti. Is í an cheist ná “An mian leat go mbeidh an scoil seo ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge?”. Is é an riosca a bhaineann leis an suirbhé seo ná go bhfuil an Roinn ag rá gurb í seo an mheicníocht a bheidh aici chun éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge a mheas sa todhchaí. Tá mé cinnte go dtuigeann comhaltaí an chomhchoiste seo ar fad na himpleachtaí a bhaineann le ceist mar sin. Is ceist thar a bheith casta í. Is deacair a shamhlú go mbeidh mórán tuismitheoirí a bhfuil a gcuid páistí ag feidhmiú agus ag freastal ar scoil Béarla cheana féin, áit ar chruthaigh siad pobal, sásta rogha a dhéanamh ar son oideachais lán-Ghaeilge ag an bpointe sin. Ní hé sin le rá nach mbeidís sásta, agus iad ag tosú amach ar an dturas sin, oideachas lán-Ghaeilge a bheith acu. Is í an cheist gur chóir a chur ná “Dá mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil sa cheantar seo, an mbeifeá tar éis é a roghnú le haghaidh do pháiste?”, seachas iarradh ar thuismitheoirí rud absolutely dodhéanta a dhéanamh. Is í sin an mheicníocht gur chóir go mbeadh ag an Roinn. Tá muid tar éis tréaniarracht a dhéanamh dul i bhfeidhm uirthi chun an cheist a leasú go dtí ceist cosúil leis an leagan a luaigh mé ansin, nó an cheist a bhaint mar níl na torthaí sin chun cabhrú linn. Mar a tharlaíonn, tá na torthaí sin chun dul inár gcoinne mar earnáil.

Tá muid ag stad thar a bheith criticiúil maidir le hoideachas lán-Ghaeilge faoi láthair. Tá an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge ag teacht sna sála air seo i gceann cúpla lá. Is í seo an mórcheist. Tá tascfhórsa le bunú. Tá an chéad chruinniú le bheith ann i gceann coicíse. Tá sí seo ar cheann de na mórcheisteanna a bheidh ann, is í sin, cén chaoi a measfar an t-éileamh? Beidh tasc romhainn dul i bhfeidhm ar an Roinn faoi é a mheas i gceart. Is í an tuiscint atá againn, ón uair dheireanach a rinneamar staitisticí a bhailiú faoi na rudaí seo, ná go bhfuil isteach is amach ar 30% de thuismitheoirí nach bhfuil ag fáil an rogha oideachais lán-Ghaeilge atá uathu. Mar a deirim, ní féidir liom a bheith cruinn faoi sin mar níl muid ag bailiú na staitisticí sin. Tá go leor fachtóirí éagsúla ann, ach ní cabhraíonn suirbhé mar atá foilsithe inniu leis an gceist. Déanann sé dóiléireacht a chur isteach sa scéal. N’fheadar an bhfreagraíonn sé sin an cheist.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Freagraíonn. Bhí daoine ón bhfeachtas áitiúil atá ar siúl i mo cheantar i mBaile Átha Cliath 10 agus 12 os comhair an choiste. Leag siad amach agus mhínigh siad go bhfuil sé deacair, toisc na bhfachtóirí atá luaite ag Bláthnaid Ní Ghréacháin, ar ghrúpaí teacht le chéile chun brú ar chur ar an Stát bunscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibh, ach amháin i gceantair cosúil le Baile Átha Cliath 10 agus 12 nach bhfuil Gaelscoil iontu cheana féin.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Cinnte. Tuigeann muid go bhfuil isteach is amach ar ocht gceantar timpeall na tíre atá ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal a bhunú, ach tá sé fíordheacair orthu mar níl aon phróiseas ann dóibh. Tá siad ag cur iarratais isteach chuig an Roinn ach tá an Roinn ag déanamh neamhaird ar na hiarratais sin. Níl aon mhisneach acu na próisis seo ar fad a leanúint. Arís, de bharr na gconstaicí, easpa próisis agus easpa córais, ní féidir linn fiú a thuiscint cad é an fíoréileamh mar tá lagmhisneach ar dhaoine fiú dul i ngleic leis an bpróiseas, nó an easpa próisis atá ann, chun teacht ar oideachas lán-Ghaeilge.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is í an príomhtheachtaireacht ó Ghaeloideachas ná an gá le próiseas a bheith ann a mbeidh na feachtais sin in ann díriú air.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Cinnte. Tá dóchas againn go mbeidh na próisis sin ar fad leagtha amach agus aitheanta sa tascfhórsa anois, ach caithfidh muid a chinntiú go bhfuil na próisis sin ceart, éifeachtach agus ag freastal ar an fíoréileamh atá ann.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An tseachtain seo chaite, bhí finnéithe na Roinne os ár gcomhair agus d’iarr muid orthu an suirbhé sin a roinnt linn sula seolfadh siad é. Chomh maith leis sin, d’iarr muid orthu breathnú ar na ceisteanna, mar bhí na ceisteanna fíorthábhachtach ó thaobh oideachais trí mheán na Gaeilge.

Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an Seanadóir Ní Chuilinn.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht teacht isteach. Is dóigh liom go bhfuil an frustrachas le brath agus tá an frustrachas sin á roinnt ag roinnt mhaith de chomhaltaí an choiste seo freisin. Díreoidh mé ar na naíonraí. Rinne mé iarracht é seo a ardú leis an Roinn ag an gcruinniú deireanach. Tuigim go bhfuil sé deacair é seo a phlé uaireanta toisc go bhfuil an Roinn oideachais agus Roinn na bpáistí bainteach leis, ach ní dóigh liom go bhfuil an dá rud neamhspleách ach an oiread, go mór mór nuair atá muid ag caint mar gheall ar naíonraí. Faoi láthair, má tá páiste i naíonra agus ag fáil na n-uaireanta ECCE ar feadh trí uair a chloig ar maidin, bíonn ar thuismitheoirí na páistí sin a bhaint agus crèche a sholáthar áit éigin eile. Is crèche trí mheán na Gaeilge atá ann. Rinne mé iarracht é sin a ardú leis an Roinn ach ní raibh sí sásta labhairt mar gheall air toisc gurb í Roinn na bpáistí a bhíonn ag déileáil le crèches. N’fheadar ar chóir dúinn féachaint ar sheirbhís níos cuimsithí do na naíonraí ina mbeidh seirbhís iarscoile ar fáil ar feadh cúpla uair a chloig níos mó taobh amuigh de na huaireanta ECCE sin. Is é sin an rud a rinne mé le mo pháistí, atá níos sine anois, agus is é sin a dhéanfaidh mé an bhliain seo chugainn le mo pháiste is óige. Rachaidh sé go dtí an naíonra ar feadh trí uair a chloig agus ina dhiaidh sin, rachaidh sé ar ais go dtí an crèche chun Béarla a labhairt ar feadh na coda eile den lá. An bhfuil pictiúr níos cuimsithí ag na finnéithe ar conas gur féidir linn teacht ar réiteach na faidhbe sin?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Caithfear aitheantas, scéim aitheantais agus fordheontas a chur ar fáil dóibh. Caithfear a aithint, mar a luaigh an Seanadóir, go bhfuil níos mó i gceist ná trí uair a chloig in aghaidh an lae le páistí. Tá sé an-deacair má tá naíonra ag feidhmiú i gceantar faoi leith agus, mar thuismitheoir, tá tú ansin ag brath ar eagraíocht nó crèche eile chun iad a bhailiú. Go minic, ní oibríonn sé mar sin. Tá tú ag dul i muinín agus tá an-chuid cúinsí atá ag cur bac ort do pháiste a chur go naíonra. Roimhe sin, áfach, is gá an rogha naíonra a bheith san áit atá ag feidhmiú trí na Gaeilge. Tá géarghá le scéim a aithníonn na sainriachtanais atá ag na naíonraí agus an t-oideachas lán-Ghaeilge ag an réamhleibhéal. Caithfear a aithint go bhfuil infreastruchtúr agus foireann de dhíth agus go bhfuil cúrsaí earcaíochta, cúrsaí aitheantais, cúrsaí soláthair caighdeáin agus na rudaí sin ar fad le tabhairt san áireamh. Caithfear polasaí Stáit a leagan amach ag sonrú go díreach gur seirbhís ar leith í. Ba cheart go mbeadh sé sin iomlánaíoch le freastal ar riachtanas an pháiste. Conas a dhéanfar sin? Is ceist mhór í sin agus níl a fhios agam an bhfuil freagra na ceiste sin againn.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Mar a thuigeann comhaltaí an choiste, tá plean cuimsitheach don Ghaeilge sna luathbhlianta le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo. Cuimseoidh sé sin an Ghaeilge sna seirbhísí atá ag rith trí mheán an Bhéarla agus na naíonraí freisin. Níl a fhios againn cé chomh fairsing nó cuimsitheach is a bheidh an plean sin. Tá muid, mar eagraíocht, ag éileamh, mar a luaigh Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, go mbeidh scéim aitheantais, fordheontais agus na rudaí sin ar fad mar chuid de.

Is é an rud a bhí á éileamh againn ón tús, arís i gcomhthéacs an pholasaithe don oideachas lán-Ghaeilge atá le foilsiú ar an Déardaoin seo, ná go mbeadh na trí leibhéal san áireamh agus comhtháthú eatarthu le go mbeadh an deis ann leanúint ar an gcontanam tumoideachais ó leibhéal go leibhéal. Mar a d’aithin an Seanadóir, tá sé sin an-deacair nuair atá seisiún i gceist mar bíonn ar thuismitheoirí an páiste a thógáil amach as an suíomh tumoideachais agus é nó í a thumadh sa Bhéarla ansin. Níl an chomhleanúnachas sin ann go teangeolaíoch nó aon rud don pháiste. Is í an fhís atá againn ná go mbeadh comhtháthú idir polasaithe agus pleananna na Roinne leanaí agus iad siúd de chuid na Roinne oideachais le go mbeadh aistear iomlán tumoideachais ar fáil don pháiste. Tá muid i bhfad ó sin ag an bpointe seo, ach tuigeann muid gurb í sin an áit ar gá dul leis.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon tuiscint ag Gaeloideachas go fóill cad a fhoilseofar ina leith sin? An mbeidh na trí leibhéal sin ann agus an mbeidh siad ag caint lena chéile ó thaobh polasaithe de?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Leis an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge, táthar tar éis leibhéal na luathbhlianta a bhaint as, cé gurb é sin an t-éileamh agus an t-iarratas a bhí ann ag an tús go mbeadh na trí leibhéal ann. Is dóigh liom go bhfuil an Roinn ag fágáil an ghné sin faoin Roinn leanaí. Tá orainn, mar eagraíocht agus earnáil, a chinntiú go dtagann siad le chéile.

Tá cúpla mór-rud ag tarlú ag an am céanna. Tá plean cuimsitheach ann don Ghaeilge sna luathbhlianta, mar a luaigh mé. Tá an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge le foilsiú ar an Déardaoin. Tá an polasaí oideachas Gaeltachta i bhfeidhm. Ansin le foilsiú ar an Déardaoin freisin tá an plean gnímh don Ghaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla. Is cúig rud iad sin atá ag rith go comhthreomhar anois. Tá orainn a chinntiú go bhfuil na rudaí sin ar fad ag teacht lena chéile agus go mbeidh siad comhtháite agus á thiomáint ansin ag mórfhís atá ag leagan amach an treo gur ghá dúinn leis na rudaí seo ar fad. Tá siad cineál scartha ag an bpointe seo agus, gan amhras, caithfimid a chinntiú nach leanfaidh sé ar aghaidh mar sin.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a gcuid cur i láthair agus a gcuid oibre freisin. Bímid ag éisteacht le daoine ag caint faoin nGaeilge éigeantach. Bíonn daoine ag rá go bhfuil an Ghaeilge á cur síos scornach daoine sa tír seo. An mhalairt atá i gceist i ndáiríre. Tá go leor daoine ag lorg Gaeilge agus tá Béarla éigeantach ann dóibh i ndáiríre agus ní chloistear sin sna meáin ar chor ar bith. Is léir go bhfuil an Rialtas agus an Roinn ar chúl ar na daoine mar tá go leor fuinnimh don Ghaeilge faoi láthair agus fós tá an Stát ag dul in olcas mar gheall ar oideachas Gaeilge. Fiche bliain ó shin, bhí scéal dearfach ann agus bhí go leor fuinnimh ann. Chuala mé le déanaí, agus níl a fhios agam an bhfuil sé fíor, go bhfuil titim sa mhéad páistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna sa tír seo. Chuala mé an comhréir roimhe seo freisin go bhfuil 25% ag iarraidh Gaelscolaíocht le haghaidh a gcuid páistí ach nach bhfuil ach 6% á bhfáil sa tír seo.

An féidir linn aon rud a dhéanamh leis an tsuirbhé atá ann? An bhfuil aon fheachtas le rith? Mar a dúirt mé cheana, tá an fuinneamh i lár an aonaigh mar gheall ar an nGaeilge. An chóir dúinn feachtas a rith chun an rud a ardú le daoine chun go mbeidh siad ag úsáid an suirbhé i slí éigin chun a chur in iúl don Roinn go bhfuil fearg ar dhaoine faoin ábhar seo?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Is ceist an-mhaith í sin. Táimid tar éis go leor machnamh a dhéanamh ar cad é an bealach is fearr le dul i ngleic leis. Ag an bpointe seo, mar a deirim is ann don tsuirbhé. Dá mbeadh feachtas bolscaireachta ann agus muid ag déanamh tréaniarracht dul i bhfeidhm ar dhaoine an t-oideachas lán-Ghaeilge a roghnú, is tasc dodhéanta é mar gheall go bhfuil na tuismitheoirí cheana féin sa chóras. Ní dóigh liom go mbeimid in ann dul i bhfeidhm ar thuismitheoirí é sin a dhéanamh. An rud a bhéas orainn a dhéanamh ná dul i bhfeidhm ar an Roinn oideachais gan é sin a úsáid mar mheicníocht chun éileamh a mheas. Measaim gur sin é an rud is cumhachtaí gur féidir linn a dhéanamh ag an bpointe seo mar tá an cheist eile róchasta ar fad agus ní bheimid in ann dul i bhfeidhm ar thuismitheoirí leis an eolas ceart nó cuí. Is é sin an rud is fearr.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ar an ábhar sin, maidir leis an gceist sin faoin aistriú, tá sé an-tábhachtach. Mar a luaigh Bláthnaid Ní Ghréacháin ansin táimid ag iarraidh ar thuismitheoirí atá sa chóras cheana féin - a bhfuil a gcuid páistí istigh sa chóras cheana féin - go n-aistreofaí an córas ina bhfuil siad go córas lán-Ghaeilge. Dár ndóigh, tá buairt ar thuismitheoirí maidir leis an ábaltacht a bheadh ag an bpáistí dul i ngleic leis an gcóras sin. Tá sé tábhachtach freisin a aithint an bhfuil sé sin réadúil. An cheist a bheadh agamsa faoi sin ná an mbeadh sé réadúil iarraidh ar scoil aistriú. Táimid ag caint ar fhoireann scoile le conarthaí buana agus daoine - b'fhéidir - atá ar fhíorbheagán Gaeilge. Caithfimid cinnte a dhéanamh de go bhfuil sároideachas trí mheán na Gaeilge á chur ar fáil, seachas díreach oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá dualgas orainn mar scoileanna a bheith cinnte go bhfuil ardchaighdeán oideachais á chur ar fáil dár gcuid páistí. An bhfuil muid ag déanamh faillí orthu trí an scoil a aistriú go córas lán-Ghaeilge. Ceapaim gur factor thar a bheith tábhachtach é seo.

An bhfuil machnamh déanta ag leibhéal na Roinne ar conas é sin a dhéanamh? Cén tréimhse ama a bheadh i gceist leis sin? Conas a ndéanfaí na múinteoirí sin a chumasú le bheith in ann a gcuid oibre a dhéanamh ní hamháin taobh istigh den seomra ranga ach freisin ó thaobh cumarsáide ar bhonn iomláine agus le bainistíocht iomlán na scoile? Níl a fhios agam an bhfuil dóthain machnaimh déanta ar na himpleachtaí uile-scoile atá ag baint leis sin. Táimid ag caint ar chúntóirí riachtanais speisialta, ar rúnaithe, ar bhainistíocht agus ar fhoireann iomlán na scoile. Conas mar a bhreathnaíonn sé sin? Cén tréimhse ama a bheadh i gceist leis sin? Fuaimníonn sé go bhféadfadh sé a bheith réadúil ach má táimid ag breathnú air mar cur chuige inmhianaithe nó atá mar rogha réadúil, tá an-chuid ceisteanna agus mionscrúdú le déanamh air sin. Ní fheictear dom conas go bhféadfaí foireann de deichniúr, 20, 30 nó 40 duine a láimhseáil. Níl mé ag rá nach mbeadh an toil acu é sin a dhéanamh ach tógann foghlaim teanga tamall. Bheadh muid ag lorg daoine ní hamháin a bhfuil cumas Gaeilge acu ach freisin a bhfuil tuiscint agus saineolas acu i leith na riachtanas atá ann don tumoideachas. Tá dhá cheist ansin. Táimid ag caint ar chumas labhartha an mhúinteora ach chomh maith leis sin, táimid ag caint ar tuiscint agus saineolas. Má bhreathnaímid ar Ghaelscoileanna na tíre seo, tá tobar eolais agus saineolais ansin maidir leis an dea-chleachtas is fearr. Tá an tobar eolais sin tógtha le blianta fada. Bheinn go mór i amhras faoi seo. Ní hé go bhfuil mé ag rá nach mbeadh an toil ann ach tagraím don fhéidearthacht agus conas a bhreathnódh sé sin go praiticiúil ar an talamh.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Arís, go praiticiúil, má táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí le páistí i rang a trí, rang a ceathair, rang a cúig nó rang a sé, níl aon tuismitheoir chun cinneadh a ghlacadh an sainmheon teanga a athrú ag an staid sin dá bpáistí. Ach fiú ma bhreathnaítear ar thuismitheoirí a bhfuil páiste acu sna naíonán bheaga nó sna naíonán mhóra, dá mbeadh siad fiú oscailte agus tuillteanach go n-aistreofaí an scoil, bheadh a gcuid páistí imithe ón scoil faoin am a bheadh sé seo bainte amach ag an scoil. Tá siad ag vótáil mar sin ar son rud éigin nach mbainfeadh leo. Is ceist phraiticiúil eile í sin gur gá a thógáil san áireamh.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chonaiceamar an drogall a bhí ar an scoil i Synge Street mar gheall ar an athrú go dtí scoil lán-Ghaeilge freisin.

Cá bhfuil an bac is mó? An bhfuil an bac lonnaithe sa Roinn mar gheall ar an jab seo nó a bhaineann sé leis an Rialtas? Tá fadhb mhór ann teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge do na Gaelscoileanna thar timpeall na tíre. Tá sé deacair fiú do na naíonraí teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge freisin. An bhfuil an bac sa Roinn oideachais mar gheall ar an bpictiúr mór seo?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Maidir leis an tsuirbhé, is dócha go gcreideann an Roinn oideachais go bhfuil an suirbhé seo chun a bheith cabhrach don earnáil agus go bhfuil sé ag déanamh iarracht mhaith mhacánta chun éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge a mheas. Nuair a rinneamar iarracht dul i bhfeidhm ar oifigigh na Roinne faoi na unintended consequences agus na himpleachtaí ar fad a bheadh leis an tsuirbhé, ní raibh siad sásta é a leasú ag an bpointe sin. Mar sin is dócha gur féidir a rá go bhfuil méid áirithe d'iarracht ann chun cabhrú leis an éileamh, ach níl mé cinnte. Ar an iomlán, is dóigh liom go bhfuil an fhís in easnamh. Ní heol dúinn cén fhís atá ann don oideachas lán-Ghaeilge. Go deimhin, ní heol dúinn cén fhís - más ann d'fhís ar chor ar bith don Ghaeilge – atá sa Roinn oideachais ag an bpointe seo. Dúradh linn go mbeadh sé mar chuid den pholasaí oideachas lán-Ghaeilge go mbeadh an fhís ann ach níor tugadh deis dúinn mar earnáil agus mar phobal a thuiscint cén fhís atá ann agus comhairliúchán a dhéanamh air sin. Is é seo an polasaí is tábhachtaí a tharlóidh don oideachas lán-Ghaeilge riamh agus níor tugadh deis dúinn comhairliúchán a dhéanamh ar an bhfís a bhaineann leis, in ainneoin iliomad éilimh air seo. Arís, nuair nach dtuigimid an fhís, is deacair a thuiscint cén fhíorthacaíocht atá ann don teanga agus don oideachas lán-Ghaeilge.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir gur cheart don choiste litir a scríobh chuig an Roinn oideachais ag léiriú go bhfuilimid, mar choiste, míshásta leis an easpa comhairliúcháin agus maidir leis an tsuirbhé freisin.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sea. Is féidir linn teacht thar n-ais chuige sin. Bhí oifigigh na Roinne os ár gcomhair anseo an tseachtain seo caite agus chuireamar a lán ceisteanna orthu.

I gcúpla cás ní bhfuaireamar freagraí go mbeadh muid sásta leo. Is féidir linn litir a sheoladh chucu agus sin a thoghadh má aontaítear leis sin. Is féidir linn teacht ar ais chuige sin ag deireadh na cruinnithe le cinntiú go bhfuilimid ar thaobh amháin leis agus gur féidir linn aontú faoi gach rud. Níor úsáid mé an focal aontú. Bogfaimid ar aghaidh go dtí an Seanadóir Kyne.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh Clodagh Ní Mhaoilchiaráin agus Bláthnaid Ní Ghréacháin agus an chomhairleoireacht atá déanta acu. Ar dtús báire, tá sé ráite gur dhúnadh ar a laghad sé aonad le deich mbliana anuas. An bhfuil anailís déanta ag na finnéithe nó ag éinne eile ar cén fáth ar dhúnadh iad? Tá a fhios agam nár dúnadh iad toisc go raibh siad ag feidhmiú i gceart ach cén fáth go díreach-----

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is dócha ceann de na dúshláin atá ann d'aonaid lán-Ghaeilge agus iad ag feidhmiú taobh istigh den mheánscoil nó den mháthairscoil lán-Bhéarla ná nach bhfuil tearmann teanga caomhnaithe ag na daltaí sin, agus nach bhfuil tearmann oideachais caomhnaithe dóibh. Tá an t-aonad ag brath ar an máthairscoil ar sholáthar foirne agus caighdeán agus ar thoil i leith na Gaeilge. Tuigimid ar fad, agus táim féin ag obair i nGaelscoil, go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil tearmann teanga cothaithe don pháiste agus, nuair a théann siad ar aghaidh go dtí leibhéal na meánscoile, go bhfuil réimse leathan ábhar ann. Táimid ag súil go mbeidh comhchaighdeáin oideachais curtha ar fáil dóibh ach arís, mar a luaim, táimid ag brath ar sholáthar foirne ón máthairscoil ag leibhéal áirithe agus, ag caint ar chaighdeán na Gaeilge nuair a théann siad thar an teastas sóisearach go dtí an tsraith shinsearach, go bhfuil na roghanna cearta agus cuí ar fáil dóibh, rud nach amhlaidh go minic. Is dócha gurb é sin ar cheann de na cúiseanna is mó a theipeann ar na haonaid agus tá sé seo aitheanta. Is é an fáth go bhfuil muid ag lorg nach mbeidh na haonaid mar réiteach ar cheist an tsoláthair.

In ainneoin na dea-oibre atá ar siúl ag na múinteoirí i bhfeighil ar an bhfoireann, tá sé deacair é a leanúint suas tríd an scoil ar fad, go háirithe nuair atá ar na daltaí atá ag freastal ar aonad, mar shampla, freastal ar ranganna sa mháthairscoil mura bhfuil a mhacasamhail ar fáil dóibh toisc cúrsaí uimhreacha nó múinteoireachta. Is dóigh gurb é sin ceann de na baic agus na dúshláin is mó a bhíonn ann, agus buiséadadh ceart agus saineolas ag leibhéal an tumoideachais a bheith ag bainistíocht na scoile chomh maith, nach bhfuilimid díreach ag feidhmiú díreach trí mheán na Gaeilge agus ag déanamh chuile shórt díreach trí mheán na Gaeilge ach go bhfuil sainmhíniú agus éiteas ann féin le sainriachtanais dár gcuid féin againn, fiú ag breathnú ar chúrsaí riachtanais speisialta agus mar sin de, agus go bhfuilimid ag iarraidh iad sin a chur i láthair trí mheán na Gaeilge, rud atá an-deacair nuair atá siad ag feidhmiú ag leibhéal an aonaid.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tiocfaidh mé isteach go sciobtha ansin. Tá sé chomh simplí le, má tá scoil lán-Bhéarla ag déanamh bainistíochta ar aonad lán-Ghaeilge, tá éiteas an máthairscoile trí mheán an Béarla chun a bheith i réim. Níl aon amhras faoi sin; sin a tharlaíonn. Eascraíonn na dúshláin agus na deacrachtaí as sin. Mar a luamar cheana, níl aon pholasaí ann do na haonaid, níl aon chritéir, níl aon mhapa bóithre, níl aon rud. Tá an cur chuige iomlán ad hoc agus tá chuile ceann éagsúil óna chéile, idir cúinsí coinníollacha oibre agus gach uile rud. Tá roinnt acu le b'fhéidir cúpla ábhar trí Ghaeilge agus roinnt eile ag déanamh an oiread is gur féidir, ach tá siad ag brath go huile is go hiomlán ar mheon, ar thoilteanas agus ar acmhainní scoil atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Níl aon chiall leis ar chor ar bith.

Táimid le fada, le blianta, tar éis a bheith ag achainí ar son polasaí ceart agus sainmhíniú ceart ar cad is aonad ann. Tá an Roinn anois ag rá go mbeadh sé sin faoi chúram an tascfhórsa, is go ndéanfar sainiú faoi cad is aonad ann, ach níl sin fada go leor. An rud atá de dhíth go práinneach ná neartú a dhéanamh ar na haonaid atá ann le gur féidir leo neamhspleáchas a bhaint amach a luaithe agus is féidir. Sin atá ag teastáil. Mar eagraíocht táimid i gcoinne bunú aonad amach anseo.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil muid ag brath ar thuismitheoirí dul i muinín an chórais. Táimid ag iarraidh ar thuismitheoirí agus ar dhaoine óga, go háirithe nuair a thagann sé go dtí an tsraith shinsearach, dul i muinín córas nach bhfuil in ann freastal ceart a dhéanamh orthu. Tá na daltaí seo ag iarraidh a rogha a dhéanamh amach anseo. Tá siad ag iarraidh dul i mbun ardteiste agus ardteist maith a bhaint amach ionas gur féidir leo dul i ngleic leis na cúrsaí ag an tríú leibhéal. Níl sé féaráilte go bhfuil muid ag cur na daltaí agus na cinntí seo sa chomhthéacs seo agus ní hamháin sin, ach na foirne atá ag obair sna háiteanna seo. Níl sé ceart nó cóir ar na daltaí seo iarraidh orthu dul i muinín chórais nach bhfuil tacaíocht na Roinne acu, agus nach bhfuil na tacaíochtaí agus acmhainní cuí acu. Ní aon dímheas é sin do na daoine atá ag obair sa chóras. Is locht ag leibhéal na Roinne agus an córas atá ann.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin suimiúil. An bhfuil sé ceart a rá go bhfuil chuile aonad atá againn faoi láthair i bhfabhar dul i dtreo neamhspleáchas iomlán?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tá sé sin suimiúil. Is é sin an tuiscint atá againn. Tuigimid go bhfuil ceann nó dhó a bhfuil sásta feidhmiú mar aonad. Más sin an réiteach logánta nó áitiúil is fearr dóibh, sin a rogha féin. Taobh amuigh de sin, tuigimid go bhfuil na haonaid ag streachailt, ag lorg tacaíochta agus ag iarraidh a bheith neamhspleách. Ceann de na mórfhadhbanna atá ann freisin ná nuair a théimid ar ais go dtí conas éileamh a mheas, ní féidir a rá gurb ionann éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge i scoil neamhspleách agus éileamh ar áit in aonad. Toisc nach bhfuil an t-éileamh céanna ar na haonaid, tá an Roinn ag úsáid an t-eolas sin, ag rá nach bhfuil an t-éileamh céanna ar oideachas lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal. Sin castacht sa bhreis eile. Mar gheall air sin is féidir go mbíonn na huimhreacha níos ísle ag na haonaid in ainneoin na hiarrachtaí macánta maithe, mar a luaigh Clodagh Ní Mhaolchiaráin, atá ar bun acu. Tá siad ag snámh in aghaidh easa. Tá siad ag feidhmiú gan cúnamh ná treoir. Níl aon chúis ar domhain nach mbeidís ag feidhmiú i scoileanna neamhspleácha i suíomh tumoideachais mar is ceart. Ag an staid seo, má leanann an treoir seo ar aghaidh, agus más bunú aonad agus feidhmiú aonad an réiteach ar éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge, ní dóigh liom gur féidir linn a rá go macánta go bhfuilimid ag cur tumoideachas mar is ciall agus ceart ar fáil ag an mbunleibhéal do pháistí na tíre seo.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar eagraíocht tá sibh in aghaidh aon aonad nua.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Táimid. Táimid ar son breathnú ar fhéidearthachtaí eile sa chás go bhfuil tús beag ag pobal atá ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal. Tá múnlaí eile ar féidir linn breathnú orthu. Ní féidir linn breathnú ar mhúnlaí ina bhfuil máthairscoil atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ag bainistíocht, i mbun agus i bhfeighil ar aonad lán-Ghaeilge. Níl ciall dá laghad leis. Ar an gcaoi chéanna, ní bheadh sé ceart go mbeadh muid ag cur páistí a bhfuil oideachas lán-Bhéarla uathu isteach i nGaelcholáiste. Ní bheadh an t-éiteas sa dá áit ag teacht lena chéile agus ní bheidh sé cothrom ar éinne sa suíomh sin.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaom ar an Teachta Ní Raghallaigh.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liomsa naíonraí a phlé chomh maith. D'fhreagair na finnéithe an cheist a chuir an Seanadóir Ní Chuilinn, ach mothaím gur ceist ríthábhachtach í seo nach bhfaigheann an t-aird céanna de ghnáth. Mar a deir na finnéithe, is iad na naíonraí bunchloch an tumoideachais. Tá dhá naíonra i mo Dháilcheantar ar fad, Cill Dara Theas, agus táimid ar tí naíonra amháin a chailliúint. Táim tar éis é a phlé na mílte uair. B'fhéidir go mbeadh níos mó comhairle ag na finnéithe.

Fuair an naíonra pleanáil ón gcomhairle contae in 2022, ach baineadh é toisc go raibh siad ag cur meánscoil lán-Bhéarla ann, agus ní raibh spás ann a thuilleadh. Fuair sé pleanáil an bhliain seo caite ach tá an costas tar éis ardú chomh mór sin nach féidir leo é a thógáil a thuilleadh. Tá an Roinn leanaí tar éis maoiniú a chur amach más seirbhís phoiblí atá ann ach ní seirbhís phoiblí é. Níl cliú againn agus táim ag scríobh do gach duine faoi conas gur féidir linn an naíonra seo a shábháil nó an bhfuilimid chun é a chailliúint?

An bhfuil aon mholtaí ag na finnéithe? An bhfaca siad an cheist seo cheana féin?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Chonaic, faraor. Mar a sheasann sé, tá níos mó naíonraí ag dúnadh ná mar atá ag oscailt.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Tharla an rud céanna inár gceantar blianta ó shin. Nuair nach raibh spás ann dó, dúnadh é mar ní raibh aon áit eile le fáil aige agus ní raibh na tacaíochtaí cuí ná an t-airgeadas ann. Níorbh fhéidir le bainisteoir an naíonra caighdeán maireachtála a bhaint amach agus í ag rith an naíonra in ainneoin na dea-thola agus an éilimh a bhí ann. Bheadh uirthi dul i mbun áit éigin eile a fháil. Ní raibh sé réadúil go mbeadh sí in ann a leithéid a dhéanamh. Tagann sé seo ar ais go dtí an rud atá á éileamh againn, is é sin, go mbeadh polasaí Stáit agus plean soiléir ann agus go n-aithneofaí go bhfuil na naíonraí i gcomhthéacs ar leith. Táimid ag éileamh freisin go mbeadh, mar a luadh ar ball, an cineál wraparound service sin ar fáil chun gur féidir le naíonra ná an réamhscolaíocht a bheith ann. Tá muid féin ar champas lán-Bhéarla, seachas muid féin. Tá seirbhís réamhscoile ar an gcampas istigh ag an meánscoil. Tagann siad chun na scoile leis na páistí agus bailíonn siad iad agus tógann siad ar ais iad. Dá mbeadh a mhacasamhail sin ar fáil i nGaeilge agus dá mbeadh an deis ann, chuirfeadh sé go mór leis. Ritear seirbhís crèche le linn an lae leis na huaireanta ECCE. Dá mbeadh a macasamhail ann trí mheán na Gaeilge, chuirfeadh sé go mór leis. Tagann sé ar ais go dtí an cheist seo: an féidir le daoine páistí a chur chuig naíonra ar feadh trí huaire a chloig agus ansin go gcaithfidh daoine éigin eile iad a bhailiú? Tá géarghá ann. Is ceann de na héilimh atá againn ná go dtabharfaí aghaidh air seo ar bhonn práinneach. Mar a luadh, tá líon na naíonraí ag titim in aghaidh na bliana. Nuair atá siad imithe, tá sé deacair iad a fháil ar ais.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tá na naíonraí ag dúnadh de bharr na gcúinsí agus na gcoinníollacha oibre atá ag na múinteoirí atá ag obair sna naíonraí. Ní haon léiriú é ar easpa éilimh ná ar aon rud mar sin. Is é a mhalairt ghlan atá fíor. Tá ardéileamh ar na naíonraí ach ní féidir leo fanacht beo. Leis an bplean cuimsitheach, táimid ag éileamh go mbeidh liúntas do na múinteoirí atá ag obair sna naíonraí. Mar a sheasann sé, níl stádas ar bith acu. Leis an tuarastal atá á thuilleamh acu, táimid beagnach ag iarraidh ar na daoine seo é sin a dhéanamh ar son na cúise. Tá an lá sin thart. Is daoine gairmiúla iad seo ar ghá dúinn caitheamh leo go gairmiúil. Is é sin ceann de na mórspriocanna atá ag Gaeloideachas. Táimid ag déanamh achainí leanúnach ar an Roinn leanaí faoi seo. Maidir leis an gcás i gCill Dara a d'ardaigh an Teachta, is é an rud is fearr ná dul i dteagmháil linn. Déanfaimid tréaniarracht an cás a dhéanamh ar a son.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé an-tábhachtach. Táthar ag tógáil seomra sa Ghaelscoil ar cíos. Chabhraigh sé sin linn agus muid ag fás ach tá an naíonra lán anois agus ní bheadh spás aige a thuilleadh. Bhí an naíonra ar fheabhas agus muid ag fás. D'fhásamar agus níl an spás againn anois.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Is rud eile é sin. Tá méadú mór ag teacht ar líon na ranganna speisialta atá ag oscailt sna scoileanna. Fáiltímid roimhe seo go hiomlán ach, faraor, is é an toradh air sin ná go bhfuil naíonraí atá suite leis na Gaelscoileanna á mbrú amach. Caithfimid teacht ar réiteach air sin.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhiste linn iarraidh ar an Aire leanaí teacht os comhair an choiste chun é seo a phlé? An rud é sin gur féidir linn a dhéanamh? Táim ag lorg cruinnithe léi.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir linn breathnú ar an gclár oibre tar éis na Nollag agus cé atá le teacht isteach chugainn. Tá an cás mar an gcéanna i Maigh Nuad. Bhí naíonra i nGaelscoil Uí Fhiaich. Bhí seomra ranga sa bhreis ag teastáil ón scoil agus bhí ar Naíonra Ghearóidín dúnadh toisc nach raibh áit éigin eile aige.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tharla sé seo i Nás na Ríogh-----

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé feicthe againn.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

-----deich mbliana ó shin agus níl sé oscailte arís go fóill.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is é sin a tharla dúinn.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déileálfaimid leis na finnéithe atá anseo faoi láthair na huaire. Is féidir linn teacht ar ais go dtí an cheist sin.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil cead agam ceist amháin tapa a chur? Chuala mé faoin scéim phíolótach maidir leis na satellite schools coicís ó shin. Bhíomar ag plé le haonaid. Cad iad tuairimí na bhfinnéithe faoi satellite schools? An bhfuil aon mhaitheas iontu nó an bhfuil siad mar an gcéanna leis na haonaid? Is rud nua domsa iad. Níor chuala mé fúthu go dtí coicís ó shin.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is ceist leochaileach í sin chomh maith. Mar a tharlaíonn sé, táim féin mar chathaoirleach ar an máthairscoil ansin. Tá dúshláin ollmhóra ag baint leis. Tá an coincheap go maith. Tá siad cosúil leis na haonaid ach amháin go bhfuil an máthairscoil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Táimid ag caint ar scoil atá lonnaithe i bhfad ón máthairscoil. Maidir le ceann de na dúshláin is mó atá ann, tá éileamh á dhéanamh go mbeadh uimhir rolla bronnta ar na scoileanna satailíte mar tá siad ag brath go mór ar thacaíochtaí ón máthairscoil. Ansin, tá tú ag caint ar chúrsaí earcaíochta agus cúrsaí líon foirne. Tá sé deacair. Tá tú ag caint ar dhuine go leith nó rud éigin den sórt sin, rud atá an-deacair ar fad. Arís tá tú ag dul i muinín tuismitheoirí a gcuid páistí a chur chuig an scoil. Tosódh an rud le triúr. Ansin, méadaíodh é go cúigear nó ochtar. Tá na huimhreacha íseal. Mar a luaigh mé, ar cheann de na dúshláin is mó atá ann ná an uimhir rolla. Níl siad in ann feidhmiú mar scoileanna iontu féin. Tá an-chuid le reáchtáil ag an máthairscoil, go háirithe nuair nach bhfuil sé in aice láimhe. Tá sé fada. Tá dúshláin ar leith ag baint leis sin.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Le teacht isteach air sin, feicfimid go bhféadfadh sé a bheith ina réiteach ar oideachas lán-Ghaeilge. Tá roinnt teething problems i gceist faoi láthair ach níl tástáil déanta air. Tógfaidh sé blianta sular féidir linn breathnú ar an gcaighdeán atá le baint amach, cáilíocht an oideachais agus na ceisteanna sin ar fad. Mar a dúirt Clodagh Ní Mhaoilchiaráin ansin, má tá siad cóngarach dá chéile, tá sé i bhfad Éireann níos éasca é sin a bhaint amach. Tá ceisteanna móra le cur ach-----

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Arís is ceist na lonnaíochta ceann de na ceisteanna atá ann. Tá an-éileamh ó na scoileanna ó Thuaidh ar an scoil sin ach, toisc go gcríochnaíonn siad bliain roimh ár gcuid - bíonn siad 11 nuair a chríochnaíonn siad le dul ag an meánscoil - tá an rogha sin gearrtha amach ar fad dóibh. Ní dóigh liom gur ceist í seo don chomhchoiste ach is rud é nár thóg muid faoi deara nó nár thuig muid ag an am a chuireann bac ar fhás na háite.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo. Seasann rud amháin amach domsa. Luadh gur thug Gaeloideachas comhairle don Roinn an cheist maidir leis an éileamh ar Ghaelscolaíocht a leasú. Phléamar é seo sa choiste. Cuireadh airgead agus am amú sa Roinn oideachais agus san CNCM, is é sin, an NCCA. In 2021, mar chuid de phróiseas comhairliúcháin, cuireadh ceistneoir amach ar mhúinteoirí agus ar phobal na Gaeilge maidir leis an nGaeilge mar ábhar scoile sa mheánscoil. Chuir mé aighneacht isteach agus mhol mé do mo dhaltaí aighneachtaí a chuir isteach freisin. Chuir siad isteach iad mar bhí siad bréan den Ghaeilge ar scoil cé go raibh grá acu don teanga. In 2021, rinneadh an comhairliúchán sin. Ag an am, moladh laghdú a chur ar mhéid na marcanna don scrúdú béil san ardteist. In 2025, tá siad ag tosú amach arís ó chearnóg a haon leis an bpróiseas ar fad. Is sampla amháin é sin. Anois, táthar ag déanamh comhairliúcháin arís chun a fháil amach ó thuismitheoirí an t-éileamh ar Ghaelscolaíocht atá ann ach tá siad ag cur na ceiste míchirte. Níl a fhios agam cén chomhairle atá ag Gaeloideachas maidir leis seo ach, i mo thuairim, bheadh sé i bhfad níos oiriúnaí dul chuig tuismitheoirí a bhfuil páistí acu atá dhá nó trí bliana d'aois atá dhá bhliain ó bhogadh isteach sa bhunscoil agus an t-éileamh ansin a mheas. Bheadh sé sin i bhfad níos oiriúnaí mar, gach uair a théann comhairliúchán, circular nó cibé rud, cosnaíonn sé airgead. Is airgead cánach agus airgead poiblí é sin agus, mar pholaiteoirí, caithfidh muid a bheith freagrach as sin agus a chinntiú go bhfuil luach le gach euro a chaitear. Níl sa chás seo. Is cur amú ama é maidir leis an nGaeilge. An gceapann na finnéithe go bhfuil na hoifigigh ag an leibhéal is airde sa Roinn oideachais dáiríre maidir le todhchaí na Gaeilge?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tiocfaidh mé ar ais go dtí ceist an tsuirbhé arís agus rud nár luaigh mé níos túisce. Tá an suirbhé maidir le héileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge beo ó inniu. Tá sé imithe chuig na bunscoileanna ar fad. Tá sé imithe chuig tuismitheoirí sna réamhscoileanna freisin. Bhíomar ag iarraidh le fada a fháil amach cén chaoi go mbeadh an t-eolas sin á lorg. Ní bhfuair muid aon fhreagra air sin. Tá tionchar ag na modhanna agus na bealaí ina lorgaítear eolas ar an gcineál eolais a fhaightear ar ais.

Táthar ag iarraidh ar na tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí i réamhscoileanna a rá cén scoil a mbeidh siad ag cur a bpáistí ann agus an mian leo go mbeadh an scoil sin ag feidhmiú trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Cé go bhfuiltear ag breith ar thuairimí na dtuismitheoirí atá fós óg sa phróiseas, tá an chastacht chéanna fós ann. Tá siad ag vótáil ar son St. Mary's síos an bóthar a bheith iompaithe ina scoil lán-Ghaeilge seachas Gaelscoil atá ann ar féidir leo áit a fháil ann go héasca gan dua seachas próiseas fada, casta, deighilteach agus dúshlánach mar a bhaineann le haistriú sainmheon teanga.

Maidir leis an gceist eile ó thaobh meoin ag an leibhéal is airde sa Roinn, luaigh mé easpa físe. B'fhéidir go mbeidh deis ag an Roinn é sin a phlé nuair atá an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge foilsithe ar an Déardaoin. Inseoidh sé sin an-chuid faoin meon atá ann. Anuas air sin, tá go leor mór-rudaí eile. Luaigh an Teachta an comhairliúchán ar an nGaeilge ag leibhéal na hardteiste. Tá an próiseas sin tar éis a bheith an-deighilteach go deo. Táimid go tréan mar earnáil agus mar eagraíochtaí ag iarraidh an rud is fearr is féidir a bhaint amach don teanga.

Má bhreathnaímid ar cheist na ndíolúintí, d'fhéadfadh muid a bheith anseo thar uair a chloig ag plé na ceiste seo. Táimid thar a bheith buartha faoin gcóras seo. Rinne an comhchoiste tuarascáil a chur le chéile. Tá sé tar éis plé domhain a dhéanamh ar an gceist seo. Níl na moltaí sin á dtógáil san áireamh. Tá neamhaird iomlán á déanamh ar an gceist seo. Tá gníomh práinneach de dhíth air seo. Ag an bpointe seo, ní dóigh liom gur aon áibhéil é a rá gurb é córas na ndíolúintí an bata is mó chun an teanga a bhualadh chun báis. Fuaimníonn sé sin láidir agus drámatúil ach creidim é. Mar aisfhreagra air sin, déarfaidh an Roinn go bhfuil plean gníomhaíochta don Ghaeilge sna scoileanna Béarla le foilsiú ar an Déardaoin ach níl sé sin chun réiteach a aimsiú ar na fadhbanna suntasacha, sistéamacha agus córasacha atá ann. Bheadh sé iontach dá mbeadh cúpla scéim ann a thacaíonn leis an nGaeilge agus a dhéanann í níos tarraingtí do pháistí ach, má táimid ag déanamh tairiscint ghníomhach ar dhíolúintí do pháistí ar feadh an ama ag ráta dochreidte, táimid i bponc ceart leis an teanga seo.

Bíodh is go mbaineann sé seo go príomha leis na scoileanna meán-Bhéarla, tá tionchar ollmhór aige ar an earnáil ina bhfuilimid féin. Ní féidir leis na Gaelscoileanna díolúintí a bhronnadh. Is é an rud atá ag tarlú ná, má tá tacaíocht de dhíth ar pháiste sa Bhéarla, sa mhata nó in aon rud mar sin agus iad ag pleanáil don mheánscoil, toisc nach féidir leo an díolúine a fháil sa Ghaelscoil, tá siad ag aistriú isteach i scoileanna Béarla i rang a ceathair nó rang a cúig chun gur féidir leo díolúine a lorg agus a bheith acu nuair a théann siad ar aghaidh go dtí an mheánscoil. Cé gur dochreidte agus craiceáilte é go bhfuil sé seo ag tarlú agus go bhfuil an Roinn á cheadú, tá ranganna tacaíochta á gcur ar fáil ag an am céanna leis an nGaeilge in go leor meánscoileanna.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ar an bpointe seo faoi cheist na ndíolúintí, cé nár mhaith liom dul síos bóthar na ndíolúintí anseo, tá sé de chead ag na meánscoileanna iad féin díolúine a thabhairt ach tá níos mó oibre i gceist leis. Tá ceist eile ansin. Ba cheart breathnú ar chéatadán na ndíolúintí atá á ofráil. Tógadh isteach an córas chun go mbeadh díolúine ag an 2% atá ag streachailt is mó agus go mbeadh díolúine ag an gcéatadán is ísle agus tugtha amach ar an mbonn is práinní. Má bhreathnaíonn muid ar an gcéatadán atá á fháil anois, níl sé ag teacht leis an gcomhaireamh náisiúnta. Tá ceisteanna ann faoi na coinníollacha. Mar a luadh, tá an-chuid brú ag teacht ag leibhéal na meánscoile maidir le tacaíochtaí. Tá a lámha ceangailte ag tuismitheoirí mar tá brú orthu díolúine a lorg ag leibhéal na bunscoile mar tá na meánscoileanna ag rá gurb iad sin na hamanna a bhfuil tacaíochtaí á gcur ar fáil so, má tá tacaíochtaí ag teastáil, caithfidh tú an díolúine a bheith agat. Níl sé sin ag teacht leis an gclár Rialtais, an dea-chleachtas ná an rud ar leagadh an córas sin síos lena haghaidh. Braithim féin go bhfuil gá ann ach is ceist eile í sin.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin ar fad. Phléigh painéal ar a raibh mé féin agus an Teachta Ó Snodaigh na díolúintí ag Oireachtas na Samhna ar an Aoine. Bhí Eoghan Ó Cruadhlaioch ann freisin. Téann gach rud ar ais go dtí an curaclam. Tá an siollabas nó an curaclam á chur i bhfeidhm ag múinteoirí sa seomra ranga. Níl orthu atá an locht. Ba chóir go mbeadh an curaclam i gceart, go mbeadh taitneamh á bhaint ag daltaí as an gcuraclam agus nach mbeadh brú na bpointí ar dhaltaí maidir leis an nGaeilge. Is ceist agus comhrá thar a bheith leathan é sin. Mura n-athrófar chuile rud gur cheart a athrú, beidh an comhrá maidir le díolúintí againn go deo. Is ceist do lá eile é sin.

Tá ceist amháin eile agam. Sa mheánscoil ina raibh mise ag múineadh le blianta, d'fhreastail go leor de na daltaí ar an nGaelscoil sa bhaile sin agus ansin bhog siad isteach go scoil lán-Bhéarla. Bhí mé ag plé é seo leis na tuismitheoirí agus na daltaí iad féin. Ba cheann de na fáthanna is mó a spreag iad chun dul go scoil lán-Bhéarla ná easpa acmhainní sa scoil lán-Ghaeilge. Tá an locht ar an Roinn. Níl an Roinn dáiríre faoin nGaeilge muna bhfuil sí chun acmhainní, páirceanna spraoi agus chuile rud mar sin a sholáthar do Ghaelcholáistí. Tóg baile Átha an Rí mar shampla. Is áit tuaithe iargúlta é sin ina bhfuil an-tionchar ag an gCumann Lúthchleas Gael agus na spóirt ar fad ar an tsochaí sa scoil. Muna bhfuil soláthar acmhainní ar fáil, níltear chun scoil lán-Ghaeilge a roghnú. An gceapann na finnéithe go bhfuil sé go hiomlán mícheart aon aonad nua a chruthú má tá spás ar an gcampas i scoil lán-Bhéarla ina bhfuil na hacmhainní ar fad ar ardchaighdeán? Bhí mé féin agus Clodagh Ní Mhaoilchiaráin ag obair le Spleodar ar feadh na mblianta, áit a bhfuil an tumoideachas ar fáil. D'fhoghlaim mise níos mó Gaeilge i dtrí chúrsa Spleodar ná mar a d'fhoghlaim mé i sé bliana sa mheánscoil. Má tá tumoideachas dáiríre i bhfeidhm san aonad, an bhfuil sé go hiomlán mícheart aon aonad nua a chruthú ar chor ar bith? Is é sin an cheist atá agam.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Is é an rud ceart ná na hacmhainní a rinne an Teachta cur síos orthu a chur ar fáil i suíomh tumoideachais neamhspleách. Ba cheart gur féidir leis na páistí na deiseanna cothroma céanna a bheith acu agus atá ag aon pháiste eile. Tá an Teachta tar éis a mhéar a chur air. Táimid ag cur ar thuismitheoirí aonad a roghnú atá ceangailte le scoil Bhéarla a bhfuil acmhainní maithe aici. Níl sé sin ag cur an tumoideachais ná riachtanais an pháiste ó thaobh ceisteanna teanga chun tosaigh.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leat ach táim ag caint air mar chineál droichid idir an dá linn. Ní bheidh gach Gaelcholáiste gur mhaith linn a fheiceáil tógtha thar oíche. An gceapann na finnéithe go bhfuil sé mícheart na haonaid sin a chur ar fáil idir inniu agus an lá atá an soláthar Gaelcholáistí foirfe ar fáil sa tír seo?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Is é sin an chúis a thosaigh na haonaid. Ba é an coincheap ná go mbeadh siad ina gcineál droichid, mar a luaigh an Teachta. Tá na droichid sin fós ann agus iad ag titim as a chéile na blianta fada ar aghaidh agus níl aon radharc ar an scoil neamhspleách.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ba rud eile é dá mbeadh siad mar dhroichead le cúpla bliain chun an rochtain sin a chur ar fáil ach, mar a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, tá na droichid ag titim as a chéile.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Is é an dúshlán atá ann ná go bhfuil an iliomad pátrúin éagsúla i gceannas ar na scoileanna. Mura bhfuil fís shoiléir agus tuiscint ar cad is tumoideachas ann agus mura dtuigeann an Roinn go huile agus go hiomlán an chaoi ina bhfeidhmíonn sé agus na riachtanais atá aige, ní éireoidh leis na haonaid riamh mar gheall ar an neamhspleáchas atá ann idir na pátrúin ar fad. Ar an mbonn sin, is cuma cé na hacmhainní álainne a chuireann muid isteach, níl sé riamh chun a bheith ceart má tá scoil Bhéarla ag bainistiú suíomh tumoideachais.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaigí mo leithscéal más rud é go gcuirim ceist atá curtha ag duine éigin eile romham. Tá imní orm faoin mheon anseo agus gur thug an Roinn oideachais neamhaird do Ghaeloideachas sa phróiseas agus í ag ullmhú an tsuirbhé. Tá mé ag iarraidh é sin a phlé ar feadh píosa beag. Dúirt Bláthnaid Ní Gréacháin níos luaithe gur mhol Gaeloideachas don Roinn frása nó ceist dhifriúil a chur sa suirbhé, ach dúirt sí leis go raibh sé ródhéanach. An bhfuil sé sin i gceart?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Is é an rud ná gur sheas an Roinn leis an bpointe go gceapann sí go gcabhróidh an cheist léi éileamh a mheas sa todhchaí. Ní hé go dúirt sí go raibh sé ródhéanach ach go gcreideann sí gur ceist luachmhar a bheidh anseo dúinn chun éileamh a mheas. B’fhéidir go mbaineann sé le míthuiscint, go gcreideann an Roinn go mbeidh sí úsáideach agus go léireoidh sí an t-éileamh. Tuigeann muid, mar eagraíocht agus mar earnáil atá ag plé leis an gceist seo le blianta fada, áfach, nach mbeidh an toradh ag léiriú an éilimh i mbealach cruinn is eolaíoch.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinne mo chomhghleacaí an pointe go mbeadh sé níos fearr do thuismitheoirí a bhfuil páistí acu ag leibhéal na réamhscolaíochta, cosúil leis na naíonraí agus an earnáil sin, an suirbhé a líonadh chun an t-éileamh a mheas. An nglacann na finnéithe leis go bhfaigheadh muid éileamh as na tuismitheoirí sin?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

D’fhéadfadh muid ach tá sé deacair fios a bheith againn. Mar a luaigh mé níos túisce, níor tugadh le fios dúinn cén modh nó bailiúchán eolais a bhí ann. Ní raibh aon deis againn fiú eolas cruinn a chur ar fáil do thuismitheoirí faoin tumoideachas agus an rud atá i gceist leis sin agus gach rud. Níl aon eolas á roinnt le tuismitheoirí faoin phróiseas a bhainfeadh le scoil a aistriú ó scoil Bhéarla go Gaeilge. Is iad sin na cineálacha ceisteanna a bheadh ag tuismitheoirí. Dá mbeinn ag cur mo pháiste isteach i scoil a bhíonn ag feidhmiú trí Bhéarla faoi láthair, theastódh uaim tuiscint a bheith agam ar cheisteanna áirithe, lena n-áirítear: an méid blianta a bheadh i gceist leis an aistriú agus na himpleachtaí a bhaineann leis sin; cumas na múinteoirí le bheith ag plé lena gcuid oibre trí Ghaeilge; agus an mbeadh tumoideachas ann agus cad ba bhrí leis sin? Tá eolas in easnamh sa chomhthéacs seo. Níor éirigh linn dul i bhfeidhm ar an bpobal faoin suirbhé mar níor thuig muid an chaoi a ndéanadh é.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé suimiúil go leor. Le linn an chruinnithe seo, fuair muid ríomhphost ón Aire ag rá linn go raibh an suirbhé beo. Bhí deis agamsa é a líonadh. Níl aon pháistí agamsa fágtha ar an aois sin mar tá mo chailín is óige sa mheánscoil faoi láthair. Bhí mé in ann an suirbhé a líonadh, a rá go raibh mé ag iarraidh oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil le haghaidh mo pháistí agus ceantar, in áit scoile, a roghnú ar an gceist chéanna. Bhí mé in ann a rá go raibh mé ag iarraidh mo pháiste a chur go scoil i gceantar i gcathair na Gaillimhe, ach ní raibh orm scoil a lua. Tá sé suimiúil. Glacaim leis sin chomh maith nach mbeidh sé chomh héasca faisnéis iomlán chruinn a fháil ón suirbhé.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Sin díreach é. Tá rud eile ar bun faoi láthair le haghaidh éileamh ar iarbhunscoileanna a mheas. Tá scéim phíolótach ar bun i gcúig cheantar éagsúil sa tír faoi láthair. Mar shampla, tá Baile Locha Riach ar cheann de na ceantair sin. Rachaidh tuismitheoirí, a bhfuil páistí acu sna bunscoileanna, isteach ar an gcóras seo. Is córas lárnach iontrála atá ann. Táthar ag iarraidh an próiseas a shimpliú do thuismitheoirí ionas nach mbeidh orthu iarratais a dhéanamh ar scoileanna éagsúla. Is córas lárnach atá ann. Téann siad isteach ar an gcóras sin agus brúnn siad cnaipí ar na hiarbhunscoileanna ar mian leo go bhfreastalaíonn a gcuid páistí orthu. Ní féidir leo tosaíocht a thabhairt, áfach. Mar shampla, má tá tuismitheoirí ag iarraidh an Ghaelcholáiste, ní féidir leo a rá gurb é sin an chéad rogha. D’iarr mé ar an Roinn an bhfuil i gceist na tosaíochtaí a chur isteach sa chóras nuair a dhéanann sí roll-out náisiúnta air seo. Dúirt an Roinn go bhfuil sé casta plé le rogha na dtuismitheoirí ar na rudaí seo ach go mbreathnófar air. Sin rud eile is gá dúinn, mar earnáil agus le tacaíocht, dul i bhfeidhm air ionas go ndéanfaidh an córas tosaíochtaí a aithint. Ní fiú domsa fáil amach go bhfuil mo chéad rogha chun a bheith mar fíor-rogha a trí. Más Gaelcholáiste atá uaim mar thuismitheoir, is é sin ba chóir a bheith mar thosaíocht ar an gcóras. Is rud eile é sin atá ag tarlú go comhthreomhar agus gur gá dúinn súil a choinneáil air.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin eile maidir le hearnáil na naíonraí. Luaigh na finnéithe níos luaithe go bhfuil deacrachtaí foirne ann agus go bhfuil sé deacair daoine a fháil a bhfuil na cáilíochtaí cearta acu. An fadhb theanga amháin í?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ní dóigh liom é, cé gur fadhb í sin go cinnte. Tá muid ag caint ar chaighdeán maireachtála na ndaoine a bheas ag oibriú iontu mar níl siad ag fáil luach ar a gcuid oibre. Is dócha gurb é sin an bac is mó atá rompu.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil sé níos measa san earnáil naíonraí ná mar atá sé sa-----

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is dócha é.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé níos measa.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Níl aon riachtanais nó critéir per se ann faoi láthair ach tá muid, mar eagraíocht, ag déanamh cláir éagsúla sealbhaithe teanga a chur ar fáil do na múinteoirí naíonraí. Tá rudaí ag dul i bhfeabhas. Tá muid ag fáil na gclár sin aitheanta ag leibhéal na Roinne. Beidh deiseanna ag na múinteoirí an tacaíocht cheart teanga a fháil is atá ag teastáil. Is cinnte go bhfuil tacaíocht de dhíth orthu. Is cinnte go bhfuil an-chuid múinteoirí sna naíonraí nach bhfuil an mhuinín acu. Cé go bhfuil muinín acu plé leis na páistí, nuair a thagann sé go plé leis na próisis seo agus na córais, tá muid ag súil le han-chuid uathu gan tacaíocht ná an stádas ceart a thabhairt daoibh. Mar a deirim, is gá é sin chur ina cheart.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin eile agam. Is ceist ollmhór í seo anois. Ag dul ar ais go dtí an suirbhé agus an fhadhb, is sách fadhb legacy atá inti. Is scoileanna trí mheán an Bhéarla iad na bunscoileanna seo ar fad sa tír agus tá muid ag iarraidh an rogha a thabhairt do thuismitheoirí i ngach baile nó sráidbhaile deis a bheith acu oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil dá gcuid gasúr. Fós, beidh orainn scoileanna a athrú ó scoileanna Béarla go cinn Ghaeilge. Cad é an bealach is éasca lena dhéanamh sin?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Níl aon bhealach éasca lena dhéanamh ach tá gá le próiseas. Níl aon phróiseas ann. Tá roinnt scoileanna tar éis é a dhéanamh le cúpla scoil. Tá Sráid Synge ann faoi láthair. Tá-----

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An meánscoil í sin?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Is í. Ó thaobh na mbunscoileanna, tá cúpla ceann acu atá Gaeloideachas, mar eagraíocht, tar éis a thabhairt tríd an bpróiseas. Ní raibh aon phróiseas ag an Roinn oideachais. Is muid a thóg tríd an bpróiseas iad. Ba iad scoileanna-----

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Tháinig sé ó na scoileanna.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tháinig sé ó na scoileanna agus ó phobail na scoileanna. Le bheith fírinneach faoi, is bealach a bhí acu le fanacht beo. Is scoileanna tuaithe a bhí iontu agus bhí na huimhreacha thar a bheith íseal. Má bhí siad ag iarraidh leanúint ar aghaidh, bhí orthu teacht ar straitéis-----

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Rogha dhifriúil a chur ar fáil do thuismitheoirí.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin an-suimiúil go bhfuil sé sin déanta i scoileanna. An bhfuil aon athbhreithniú déanta ar an bpróiseas?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Leis an gcúpla ceann a chabhraigh muid leo, d’éirigh leo agus bhí siad rathúil. Ní gan dua a bhí sé, áfach. Mar a deirim, rinneadh na haistrithe sin le pobail thar a bheith beag faoin tuath. Tá difríocht shuntasach idir sin agus scoil mhór cathrach uirbí. Níl muid ag rá nach féidir é sin a dhéanamh. Caithfidh muid breathnú ar bhealaigh straitéiseacha agus cruthaitheacha chun líon na bpáistí atá ag fáil oideachais lán-Ghaeilge a mhéadú. Níl aon cheist faoi sin. Tá an Roinn ag iarraidh breathnú ar bhealaigh éagsúla chun é sin a bhaint amach, ach ní dóigh liom go bhfuil an réiteach chomh simplí is a shamhlaítear. Tá leibhéil éagsúla le tabhairt san áireamh. Mar a deir Clodagh Ní Mhaoilchiaráin, caithfidh sé teacht ón phobal. Caithfidh an pobal a bheith comhaontaithe. Ní féidir linn a bheith ag moladh córais atá chun deighilt mhór a chothú i bpobal bunaithe ar chúrsaí teanga. Tá obair mhór romhainn ar na ceisteanna seo ar fad.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús, ó thaobh cheist an éilimh de, is ceist bhunúsach í ó thaobh an t-éileamh straitéisigh don Ghaelscolaíocht.

Ón méid atá cloiste agam mar bhall den choiste seo, níl aon mhuinín agam fós go bhfuil muid ag dul i ngleic i gceart leis an gceist sin. Inseoidh mé cén fáth. Fiú bunaithe ar an méid atá ráite ag na finnéithe, uimhir a haon, ó thaobh Sráid Synge de, tá faitíos orm go mbeidh an próiseas sin diúltach agus go n-úsáidfidh an Roinn é le rá nach féidir seo a dhéanamh agus nach n-oibríonn an próiseas seo. Tá faitíos orm go n-úsáidfidh an Roinn an sampla sin má tharlaíonn sé.

Labhair na finnéithe faoi thuismitheoir a bhfuil gasúr dhá bhliain d’aois aige nó aici agus ceisteanna, suirbhéanna agus an sórt sin a chur air nó uirthi. Tá tuismitheoirí a bhfuil gasúir dhá bhliain d’aois acu faoi bhrú leis na gasúir sin agus na rudaí ar fad a chaithfidh siad déanamh leo. Tá seans ann go roghnóidh siad an rud nó rogha is éasca dóibh féin. Ó thaobh suirbhé a dhéanamh agus mar sin de, tá fadhbanna bunúsacha leis an tsuirbhé sin. Is í an chéad cheist atá agamsa, ó thaobh an éilimh straitéisigh seo a mheas don Ghaelscolaíocht, ná seo: cad é an bealach ceart leis seo a dhéanamh go cuimsitheach, dar leis na finnéithe?

Is rud amháin é an t-éileamh. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh i gcruinniú eile, ar bhealach, ba cheart go gcuirfeadh na Rialtas polasaí i bhfeidhm as a dtiocfadh an t-éileamh. Ba chóir go mbeadh sé mar pholasaí an Rialtais an t-éileamh sin a chothú. Is féidir linn suirbhéanna agus rudaí mar sin a dhéanamh ach ní chreidim go bhfuil siad ag dul go bhuncheist an éilimh. Cad a cheapann na finnéithe ina leith sin? Cad é an bealach ceart leis seo a dhéanamh?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is ceist mhaith í sin.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tá obair le déanamh againn le teacht ar mholadh faoin mbealach is éifeachtaí, cothroime agus cruinne faoi sin ar fad. Níl an freagra agam díreach anois. Is é an t-aon freagra atá agam ná nach bhfaighidh muid é tríd an suirbhé sin, ná tríd an suirbhé a luaigh mé maidir leis na hiarbhunscoileanna atá beo freisin. Is é ceann de na cuspóirí atá ag an tascfhórsa ná conas éileamh a mheas. Tá obair bliana romhainn chun teacht suas le córas agus meicníocht cheart chuige sin.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Gaeloideachas chun obair a dhéanamh ó thaobh sin de.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tá ionadaíocht ag Gaeloideachas ar an tascfhórsa. Beidh sé le fógairt ar an Déardaoin.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an-suim ag an gcoiste cloisteáil faoin obair sin agus an dul chun cinn.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Cinnte. Bheadh muid fíorbhuíoch as tacaíocht an choiste mar tá fuinneog chriticiúil bliana romhainn anois. Tá obair an tascfhórsa ag tosú seachtain ón Luan seo chugainn agus mairfidh sí bliain. Tá réimse ollmhór ceisteanna le réiteach. Is í ceann acu siúd ná conas éileamh a mheas. D’fhéadfadh muid bliain a chaitheamh díreach ag plé na ceiste sin.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B’fhéidir gur fiú é sin a dhéanamh.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is tábhachtach a lua ag an bpointe sin go mbraitheann muid agus go gcreideann Gaeloideachas go bhfuil an scóip i bhfad Éireann róleathan in obair an tascfhórsa. Ní féidir aghaidh cuimsitheach a thabhairt ar na ceisteanna ar fad atá le sórtáil agus réiteach, agus moltaí oiriúnacha tomhaiste a chur os comhair an phobail, taobh istigh de thréimhse bliana toisc líon na gceisteanna atá thar a bheith tábhachtach. Tá chuile cheann acu thar a bheith tábhachtach. Má tá muid ag caint ar obair bliana leis an méid is mó ceisteanna a fhreagairt, críochnóidh muid suas ag déanamh faillí ar an obair atá le déanamh.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Is é an seasamh atá ag Gaeloideachas ná gur cheart go mbeadh éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ar fáil mar bhuncheart agus prionsabal. Cén chaoi go mbainfear sin amach? Tá muid ag obair le grúpa, IMEASC, agus tá eagraíochtaí éagsúla mar chuid den ghrúpa sin. Tá sé mar sprioc againn reachtaíocht a mholadh chun go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge cearta-bhunaithe. Arís, tá sé tráthúil go bhfuil sé ag teacht ag an am céanna leis seo.

Sa Bhreatain Bheag agus áiteanna eile, tá spriocanna intomhaiste acu agus, ag an am céanna, tá prionsabal mar bhunchloch den rud ar fad. Tá an dá rud sin is easnamh orainn ag an bpointe seo.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí oifigeach ón Roinn i láthair an tseachtain seo chaite. Bhí sé ina shuí trasna uaim agus is é an rud a bhí sé ag rá an t-am ar fad ná “demographic decline”. Go bunúsach, bhí an t-oifigeach ag rá go raibh an demographic decline ag tarlú agus nach mbeidh an Roinn ag tógáil aon scoil nua. It is just repurposing a bheas ann, ar nós Sráid Synge. Go bunúsach, ní aontaím leis sin mar pholasaí. Tá poll mór anseo ó thaobh polasaithe de.

Ó thaobh na naíonraí de, níl cáilíochtaí ar leith ó thaobh na Gaeilge i gceist faoi láthair. Níl curaclam nó aon rud mar sin i gceist faoi láthair. Is é sin an sórt ruda atá Gaeloideachas ag cuardach gan dabht. An bhfuil an ceart agam?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tá.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá Gaeloideachas ag caint ó thaobh liúntais de ionas go mbeadh liúntas breise ar fáil dóibh siúd atá ag oibriú i naíonraí de bharr go bhfuil an fhreagracht seo orthu. Go bunúsach, an é sin é?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Go bunúsach, chun go mbeidh coinníollacha oibre cearta acu. Tá siad ag tuilleadh fíorbheagán faoi láthair. Is ar éigean go bhfuil aon airgead ar fáil dóibh lasmuigh de na huaireanta teagmhála atá acu leis na páistí. Bíonn an obair riaracháin, pleanála agus ullmhúcháin ar fad ag teacht as a gcuid acmhainní agus foinsí féin.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil sé sin difriúil ó thaobh na hearnála sin go ginearálta, nó an bhfuil an fhadhb sin-----

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tá sé mar a chéile. Is ionann na coinníollacha oibre ó thaobh tuarastail agus gach rud de sna naíonraí is atá sna seirbhísí Béarla, ach tá dhá oiread an méid oibre i gceist ag múinteoirí atá sna naíonraí agus iad ag plé le dhá theanga. Tuigeann an Teachta an obair ar fad a théann isteach le timpeallacht shaibhir thumoideachais a chruthú do pháistí.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dúirt Teachta Dála gur cheart an Roinn Leanaí, Míchumais agus Chomhionannais a thabhairt isteach anseo. Tá caint ar pholasaí a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana ó thaobh na ceiste seo de. Ar bhealach, tá sé tábhachtach go mbeidh sí os ár gcomhair níos luaithe, nó a luaithe agus is féidir, má tá sí sásta oibriú linn ó thaobh an pholasaithe sin de. Labhair muid ó thaobh an tsuirbhé an tseachtain seo chaite agus níor tháinig aon athrú, is cosúil. Aontaím leis an moladh sin. Dá luaithe a dhéanann muid é sin, is ea is fearr mar beidh seans againn, b’fhéidir, píosa oibre a dhéanamh léi ó thaobh an pholasaithe de.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim é sin. Tar éis an seisiúin seo, beidh seisiún príobháideach againn agus labhróidh muid faoi sin. Beidh muid ag labhairt le Conradh na Gaeilge chomh maith leis sin ach sula labhróidh mé leis, b’fhéidir go labhróidh muid faoi sin agus an litir chomh maith a raibh an Teachta Tóibín ag labhairt faoi. Déanfaidh muid cinneadh air sa seisiún sin. Iarraim ar an Teachta Ó Muirí a bheith sciobtha mar tá mé ag breathnú ar an am anois.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an múnla agus an aonad iarbunscolaíochta de, an bhfuil áit ar bith go hidirnáisiúnta feicthe ag na finnéithe inar oibrigh an múnla seo nuair a chuirtear aonad teanga taobh istigh de scoil nó aonad eile?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Níl aon fhianaise go bhfuil aon rud eiseamláireach ar fáil ina bhfuil mionteanga ag feidhmiú laistigh de chóras le teanga móramh.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Maithigí dom go raibh mé déanach do chur i láthair na bhfinnéithe; bhí cruinniú comhchoiste eile agam. Ceapaim go bhfuil an-chuid de na ceisteanna a cuireadh orthu cheana féin clúdaithe sna freagraí a thug siad. Ar an gcead dul síos, díreach ag teacht ar ais go dtí na riachtanais oideachais speisialta, níl orm a rá leis na finnéithe go bhfuil meon amuigh ansin nach bhfuil Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna in ann tacaíocht a chur ar fáil do dhaltaí a bhfuil na riachtanais bhreise sin acu. Glacaim leis go bhfuil taighde déanta ag Gaeloideachas ina leith seo mar tá taighde feicthe agam ón earnáil acadúil ina léirítear gur féidir tacaíochtaí a chur ar fáil go dátheangach agus chomh feidhmeach céanna as Gaeilge is atá siad as Béarla.

Cén sórt tacaíocht atá urraithe ag na finnéithe agus curtha faoi bhráid na Roinne ina leith seo? Tá baol ann anois go gceapfaidh daoine má tá riachtanais speisialta oideachais ar a bpáiste, nach bhfuil siad chun iad a chur i nGaelcholáiste, mar nach mbeidh na tacaíochtaí sin ann dóibh, agus ar bhealach tugann sé sin éalú don Roinn nach bhfuil air dul i ngleic le hinfheistíocht a dhéanamh sna tacaíochtaí atá de dhíth i nGaelcholáistí agus i nGaelscoileanna. Ar an gceist sin, cén sórt taighde atá curtha ag na finnéithe faoi bhráid na Roinne ina leith seo leis an gcomhrá seo a thosú agus a mhúscailt?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Rinne Gaeloideachas roinnt taighde a choimisiúnú ar an gceist seo faoi na hacmhainní agus oiriúnacht an córas le haghaidh páistí le riachtanais bhreise. Is dóigh go bhfuil an teachtaireacht ríshoiléir ann. Léiríonn sé freisin go bhfuil tacaíochtaí de dhíth agus go bhfuil tacaíochtaí leantacha ann.

Is fíor go bhfuil an meon nó peirspictíocht phoiblí ann nach bhfeileann an córas do pháistí le riachtanais bhreise agus arís, gan filleadh ró-mhion ar cheist na díolúintí, sin an cineál dochar a dhéanann sé sin, go bhfuil an Stáit ag tabhairt teachtaireachta an-soiléir do pháistí, má tá riachtanais bhreise acu, nár cheart dóibh, nach gá dóibh, nó gurbh fhearr dóibh rud éigin eile a dhéanamh lena gcuid ama seachas a bheith ag foghlaim na Gaeilge agus ag fáil na buntáistí ar fad a bhaineann le bheith dátheangach. Sin ceann de na mórdúshláin atá ann.

Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn ag déanamh infheistíocht trí COGG, ag cur leis na hacmhainní a bhaineann le riachtanais speisialta, agus fáiltímid go mór roimhe sin. Táimid go leanúnach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an Roinn go bhfuil gá le tacaíochtaí a aithníonn gur rud sa bhreis é agus nach ionann díreach aistriúchán go Gaeilge ar roinnt treoirleabhair i mBéarla é chun múinteoirí agus tuismitheoirí a chumasú le tuiscint a fháil ar na ceisteanna seo.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is dócha go bhfuil sé tábhachtach a aithint le blianta beaga anuas go bhfuil muid féin mar eagraíocht tar éis a bheith thar a bheith réamhghníomhach ar an gceist seo agus feachtas feasachta a rith. Táimid tar éis comhdhálacha ag díriú ar riachtanais speisialta amháin a rith dár gcuid scoileanna chun cumasú a dhéanamh ar ár gcuid múinteoirí chun saineolas a roinnt, agus taighde a chur os comhair ár gcuid. Feicimid an toradh ar an obair sin. Tá méadú suntasach tar éis teacht ar líon na ranganna speisialta sa chóras lán-Ghaeilge. Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil sé tábhachtach feasacht a ardú ag leibhéal na forais Stáit ina leith sin, mar tá a fhios againn go bhfuil scoileanna ag streachailt go fóill le treoir atá á chur orthu go bhfeidhmeodh na ranganna speisialta trí mheán an Bhéarla agus iad i scoileanna lán-Ghaeilge, cé go bhfuil sé aontaithe ag an leibhéal is airde, ag feidhmeannas an CNOS mar shampla, nach bhfuil sé sin ag sileadh síos. Tá sé tábhachtach go bhfuil muid ar fad ag aithint agus ag bunú gach cinneadh atá déanta ar bhunús eolaíoch. Go hidirnáisiúnta, feicimid go bhfuil ag éirí le páistí atá dátheangach, is cuma cén leibhéal riachtanais. Tá páistí againn féin atá gan labhairt agus iad i rang a sé ag dul isteach go dtí leibhéal na meánscoile, ach go bhfuil siad ar an mbóthar in san áit ina mbeadh siad sa chóras lán-Ghaeilge le hais mar a bheadh siad sa chóras lán-Bhéarla.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta ag dul i ngleic leis an taighde atá léirithe ag na finnéithe? An bhfuil siad ag éisteacht leo? Sin í an cheist atá agamsa.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Tá dul chun cinn suntasach déanta le roinnt blianta anuas. Tá meitheal oibre curtha ar bun idir an CNOS - an NCSE - agus muid féin, le AsIAm agus leis na forais éagsúla. Bhraith muid ón tús gurb é an rud is tábhachtaí ná feasacht a ardú, mar bhí an scéal sin amuigh i gcónaí nach raibh sé oiriúnach cé gur aithin muid go raibh. Bhí an gá sin le comhoibriú idir na hearnálacha agus, mar a luadh ansin, acmhainní a oiriúnú seachas a aistriú, agus oiliúint ar leith le saincheist riachtanais teanga a bheith mar chuid den traenáil. Táimid ag éileamh anois go mbeidh an oiliúint seo ar fáil agus tá tús curtha ag an NCSE leis seo agus tá sé go hiontach. Fáiltímid go láidir go bhfuil oifigeach Gaeilge aige a d'oibrigh sa chóras é féin agus a thuigeann na riachtanais maidir le cúrsaí oiliúna agus ceist na teanga a bheith mar chroílár na hoibre agus atá in ann dul i ngleic leo.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tréaslaím le Clodagh Ní Mhaoilchiaráin as ucht an méid sin. Ar cheist na ndíolúintí - nílim ag iarraidh an cheist sin a oscailt arís - chuir sé iontas agus scanradh orm dhá sheachtain ó shin nuair a chuir mé an cheist ceannann céanna ar oifigeach ón Roinn oideachais agus dúirt sí nach raibh aon mhaoirseacht á dhéanamh ag an Roinn ar bhronnadh na ndíolúintí, rud nach ndéanann ciall dom. Fillfimid air sin, táim cinnte.

Más féidir liom tiontú go dtí rud éigin eile gaolta leis seo ach nach bhfuil díreach faoi bhráid na bhfinnéithe, is é sin ceist an breisoideachas. Ceann de na múnlaí is mó atá againn in Éirinn a oibríonn go maith ó thaobh oideachas a chur ar dhaoine fásta agus ar dhaoine atá ag filleadh ar an mbreisoideachas de ná go n-úsáidtear meánscoileanna mar ionaid oideachais dóibh siúd. Bhí oifigí ón Roinn breisoideachas anseo linn cúpla seachtain ó shin agus tá siad anois ag teacht timpeall go dtí an dearcadh go gcaithfear oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine ag an tríú leibhéal, bíodh sé sin ardoideachas, breisoideachas nó cibé rud, agus go gcaithfear idirdhealú a dhéanamh idir oideachas trí mheán na Gaeilge agus cáilíocht Gaeilge a fháil. Tá an Roinn anois ag tabhairt aird air sin. Cén sórt idirghabháil atá ann idir bhuneagraíocht agus na ETBs i leith breisoideachas a chur ar fáil as Gaeilge sna Gaelcholáistí? Is é seo an áit gur féidir linn deis a thapú leis na deiseanna agus na féidearthachtaí a chur ar fáil do na daltaí sin atá ag dul tríd an gcóras oideachais bunscoile agus meánscoile trí mheán na Gaeilge an turas sin a leanúint. Tá easpa cáilíochtaí trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na n-ollscoileanna. Tá deis iontach againn ag leibhéal an bhreisoideachais i leith na ETBs. Tá saineolas de chineál ag na finnéithe le tabhairt faoin gceist sin. An bhfuil an comhrá sin ag tarlú? An bhfuil fonn ar na finnéithe an comhrá sin a thosú? B'fhéidir go bhfuil an iomad rudaí ar an bpláta acu agus glacaim leis sin. Airím go bhfuil deis ann i leith an mbreisoideachais agus an Ghaeilge.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is ceist an-mhaith í sin agus faraor, faoi láthair, níl an t-ábhar plé sin againn. Tá sé taobh amuigh den réimse atá againn mar go bhfuil muid ag díriú anseo ar an tríú leibhéal. Mar a luaim, níl an plé sin ar siúl againn faoi láthair ach ní fheictear dom go mbeadh drogall ina dhiaidh. Tá pointe an-tábhachtach déanta ag an Teachta ansin.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Le cur leis sin, go hindíreach táimid ag plé leis ar feadh an ama sa mhéid is go bhfuil muid ag iarraidh cinntiú go bhfuil an caighdeán is fearr agus is féidir ar fáil sna meánscoileanna ó thaobh na Gaeilge de. Bíodh is nach bhfuil muid ag plé go díreach leis na scoileanna meán-Bhéarla, tá an córas meán-Bhéarla agus an córas lán-Ghaeilge idirspleách ar a chéile. Tá fuinneog ghearr agus criticiúil againn anois, go háirithe ó thaobh Gaeilge na hardteiste, na dúshláin atá aitheanta ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus iad sin ar fad, a chinntiú go bhfuilimid ag cumasú daoine mar is ceart le go mbeidh spéis acu cáilíocht trí Ghaeilge nó cáilíochtaí cineálacha nó múnlaí éagsúla trí mheán na Gaeilge á dhéanamh ag an tríú leibhéal. Caithfimid daoine a chumasú ag an meánleibhéal agus go deimhin roimhe sin, agus níor thosaigh muid ag caint fiú maidir leis an ngearradh ama don Ghaeilge sa churaclam bunscoile agus an tionchar a bheidh aige sin agus atá aige sin ar an meánscoil agus ar aghaidh. Tá gá leis na comhráite sin go cinnte, agus mar thosaíocht is gá dúinn a chinntiú go bhfuil curaclam mar is ceart chun daoine a ullmhú ag na staideanna sin.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam ar deireadh. Is léir ón méid cruinnithe a bhí againn ó mhí Mheán Fómhair go dtí seo gurb é an téama atá cloiste agus feicthe agamsa ná an tábhacht a bhaineann le béim a chur ar éileamh seachas cearta teanga. Tá sé sin cloiste againn inniu go háirithe ó thaobh an Ghaelscolaíocht. Bhuail mé féin agus roinnt de mo chomhghleacaí leis an ngrúpa Measc chomh maith, agus is léir go bhfuil reachtaíocht éigin ag teastáil ó thaobh oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus go mbeadh sé ar fáil fud fad na tíre, go háirithe ó thaobh an iarbhunscoil sna Gaelcholáistí. Ba cheart go mbeadh ceann ar fáil i ngach contae agus nach mbeadh daltaí ag taisteal dhá uair a chloig nó uair a chloig nó pé rud le haghaidh Gaelcholáiste. An dara rud atá cloiste agam inniu ná easpa próiseas ó thaobh athrú scoileanna ó Bhéarla go Gaeilge, aonad a bhunú agus Gaelcholáiste a bhunú.

Chuaigh mise go dtí sruth lán-Ghaeilge i Maigh Nuad. Ní raibh sé ar fáil go dtí an tríú bliain. Rinne mé an teastas sóisearach trí mheán na Gaeilge agus bhí orm athrú ansin go dtí Béarla don ardteist. Bhí sé sin deacair. Lean mé ar aghaidh go dtí an ollscoil agus pé rud i ndiaidh sin. Bhí suirbhé i Maigh Nuad thart ar ocht mbliana ó shin chun iarbhunscoil nua a bhunú. Bhain an cheist a cuireadh faoi sin leis an ETB, le Loreto agus le Gaelcholáiste. Tháinig an ETB ar bharr ach tháinig an Ghaelcholáiste beagáinín taobh thiar, agus bhí mise bainteach leis an bhfeachtas sin. Mar chuid den scoil nua a bhí le bunú, bhí aonad ann seachas sruth. Bhí muid in ann éileamh a thaispeáint tar éis trí bliana go mbeadh 20 dalta chuile bhliain ionas go mbunófar Gaelcholáiste ina dhiaidh. Ar a laghad, tá sampla ann de cad a rinneamar, agus tá Gaelcholáiste Mhaigh Nuad againn. Bhí sé deacair go dtí an pointe sin a shroichint, ach táimid ag an bpointe sin anois agus tá an Ghaelcholáiste ina séú bliain anois. Táimid fós ar bharr ionad siopadóireachta, ach is scéal eile é sin.

Tá sé soiléir, go háirithe ón méid atá ráite ag an Seanadóir Curley, go bhfuil sé deacair do pháistí i rang a sé an cinneadh a dhéanamh dul go dtí Gaelcholáiste nuair atá easpa acmhainní i gceist i gcomparáid le scoileanna eile. Is mian le páistí ag an aois sin dul go dtí an scoil mór leis an halla spóirt nua, na foirne móra spóirt agus deiseanna níos fearr ó thaobh spórt, ealaín, ceol agus a leithéid. Is fadhb mhór í sin.

Is fuath liom an rud seo faoi béim agus éileamh an t-am ar fad i gcás lucht labhartha na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta, ach dá mbeadh próiseas nó bealach ann ina mbeimid in ann a rá go bhfuilimid sásta aonad a bhunú agus, mar thoradh air sin, a thaispeáint go bhfuilimid in ann ar a laghad 15 dalta a mhealladh in aghaidh na bliana i gcomhair trí nó ceithre bliain, tabharfar an deis dúinn Gaelcholáiste a bhunú. An oibreodh a leithéid de chur chuige i súile na finnéithe? Tuigim go bhfuil siad i gcoinne aonaid. B'fhearr liom go mbeadh Gaelcholáiste ann ón tús, ach an oibreodh rud éigin mar sin? Táim ag smaoineamh faoin Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí, nach bhfuil Gaelcholáiste ann. An oibreodh rud éigin mar sin i gcásanna mar sin?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Más féidir liom an sampla a luaigh an Teachta i Maigh Nuad a úsáid, bhí an t-ádh leis an bhfeachtas Gaelcholáiste a bhaint amach. I gcás aonad eile, i nGaelcholáiste an Chláir, tá feachtasóirí ag streachailt ar feadh deich mbliana ag an bpointe seo. Cé go bhfuil feachtas thar a bheith láidir ar bun acu - tá sé eagraithe agus comhordaithe - níl aon radharc ar an nGaelcholáiste in ainneoin éileamh an-mhór ansin. Ag breathnú ar cheist an Teachta, bhí mé ag smaoineamh ar Choláiste Lú i nDún Dealgan. Go bunúsach, thit sé as a chéile. Is dócha go raibh ionadaithe ón gceantar sin os comhair an chomhchoiste. Bhí príomhoide na máthairscoile tacúil don aonad nuair a chuaigh sé isteach. Nuair a d'athraigh pearsantachtaí, d'athraigh an meon agus an seasamh. Taispeánann sé sin chomh leochaileach is atá sé nuair atáimid ag brath ar mháthairscoil atá ag leanúint éiteas atá iomlán éagsúil ó éiteas lán-Ghaeilge. Tá sé ró-leochaileach mar choincheap - tá iomarca fachtóirí agus rioscaí ann - go mbeadh sé mar pholasaí faoin am a shroichtear 100 páiste go n-iompóidh sé isteach ina scoil neamhspleách. Níl sé sin tar éis tarlú in ainneoin éilimh ollmhór air sin thar na blianta.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Le bheith oscailte, nuair a bunaíodh an scoil nua sin sheas mise istigh mar chathaoirleach ar an mbord bainistíochta ionas go n-oibreodh an aonad. Nuair a bunaíodh an Gaelcholáiste, bhog mé agus bhíos mar chathaoirleach ar bhord bainistíochta an Ghaelcholáiste. Ní féidir le daoine cosúil liom féin a bheith i ngach áit.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Sin é.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Tá pointe tábhachtach ardaithe ag an Leas-Chathaoirleach: táimid ag brath ar phearsantachtaí, ar láidreacht agus ceannaireacht na ndaoine, agus ar an gcumas sin a bheith ag daoine. I gcás an Leas-Chathaoirligh, bhí an cumas sin ann, ach b'fhéidir nach bhfuil an cumas nó an saineolas sin conas rudaí a bhrú chun cinn agus tabhairt faoin gcóras sin i gceantair eile. Is ceist leochaileachta é sin.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag teacht ar ais go dtí an próiseas, an bhfuil aon rud curtha le chéile ag na finnéithe le tabhairt chuig an Roinn le taispeáint céard é an próiseas ina dtuairim gur chóir go mbeadh in úsáid ó thaobh Gaelcholáiste a bhunú?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

In 2016, rinneamar polasaí a fhorbairt agus a bhronnadh ar an Roinn maidir leis an bpróiseas a bhaineann le hiompar ó aonad go Gaelcholáiste, ach níor éirigh linn in ainneoin go raibh sé comhaontaithe ag lear mór eagraíochtaí. Táimid tar éis moltaí a dhéanamh go leanúnach le blianta anuas maidir leis na critéir a shílimid ar cheart go mbeadh ann le haghaidh scoileanna a bhunú. Le tamall anuas, níl an Roinn sásta breathnú ar aon réiteach eile go dtí go mbeidh obair an tascfhórsa i gcrích. Tá sé sin chun a bheith dúshlánach nuair atá go leor dúshlán reatha ag na haonaid atá ag feidhmiú. Más féidir liom sampla an-sciobtha a thabhairt, a bhaineann leis an bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge, d'fhógair an Roinn cheana féin go bhfuil na Gaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht ag fáil uaireanta tacaíochta don Ghaeilge le cabhrú leo an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna sin, ach tá na haonaid fágtha ar lár. Nuair a d'fhiosraigh mé sin, dúradh liom nach bhfuil an Roinn chun breathnú ar réiteach do na haonaid go dtí go bhfuil obair an tascfhórsa i gcrích. Conas a bhfuil sé sin ceart nó cothrom ar na daltaí ar fad atá sna haonaid agus a bheidh gan an tacaíocht atá ar fáil sna Gaelcholáistí eile? Sin sampla de.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Bac eile atá á chur os ár gcomhair atá ansin.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó mo thaithí, bhí sé deacair a bheith i scoil lán-Bhéarla, scoil ollmhór le díreach rang amháin a rinne gach rud trí mheán na Gaeilge. Ní dhearnadh gach rud trí mheán na Gaeilge. Bhí cuid mhaith de na leabhair trí Bhéarla agus rinne na múinteoirí iarracht iad a mhúineadh trí Ghaeilge. Táim fíorbhuíoch do na múinteoirí sin. Ó thaobh polasaí de, an bhfuil sé mar pholasaí ag Gaeloideachas go mbeidh gach scoil nua atá le bunú as seo amach ina Ghaelscoil?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Níl.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén fáth sin?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Bheadh sé ag brath ar éileamh ach ní shamhlóinn é. Tá an-chuid ceantair - Maigh Nuad, mar shampla - le dhá Gaelscoileanna cheana féin agus seans nach mbeidís ar thóir an tríú ceann. Caithfear is dóigh-----

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an béim ann i gcomhair an tríú Gaelscoil.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Well, then, ba cheart go mbeadh sé acu. Caithfear a bheith réadúil chomh maith. Bheadh sé go hiontach ar ndóigh, agus bheadh sé go mór chun leasa na Gaeilge agus cúrsaí oideachais, ach ní dóigh liom go mbeadh sé réadúil a shamhlú go mbeidh chuile scoil ina Ghaelscoil. B'fhéidir nach mbeadh sé sin an mian a bheadh ag an bpobal, ach ba chóir go mbeadh an rogha ann i ngach pobal. Sin an t-éileamh atá againn. Sa chás sin, bheadh sé oscailte do thuismitheoirí rogha macánta ionraic atá dílis dóibh mar chlann a dhéanamh. Ní hé go mbeadh chuile scoil mar Ghaelscoil ach go mbeadh an rogha ann do gach duine atá á lorg, faoi mar atá sé faoi láthair go bhfuil rogha ann do chuile dhuine freastal ar scoil trí mheán an Bhéarla. Níl an rogha céanna ann dóibh siúd atá ar thóir oideachas trí mheán na Gaeilge.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Bheadh sé thar a bheith fiúntach ó thaobh tacaíochtaí tumoideachais dá mbeadh deiseanna tríd na scoileanna Bhéarla roinnt ábhar a dhéanamh trí Ghaeilge. Sílim go dtabharfadh sé sin an-chuid buntáistí do na páistí ach gan na scoileanna sin a thiontú ina scoileanna meán-Ghaeilge mura dtagann sé le mian na dtuismitheoirí. Caithfimid meas a léiriú ar rogha na dtuismitheoirí ar na rudaí seo ar an mbonn sin.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ar an ábhar sin, agus an chreatchuraclam nua á thabhairt isteach tá an-bhéim á cur anois ar eispéireas an tríú teanga a chur ar fáil do na daltaí. Beimid ag déanamh iarracht a leithéid a dhéanamh trí mheán teanga eile. Cén fáth nach bhfuil sé sin ar siúl cheana féin trí mheán na Gaeilge dár gcuid daltaí?

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an cheist dheireanach atá agam le leibhéal an Ghaeilge atá ag na múinteoirí nuacháilithe atá ag teacht ó na coláistí múinteoireachta. Nílim ag cur ceist ar na finnéithe na coláistí sin a cháineadh, ach an bhfuil leibhéal Gaeilge maith go leor ag na múinteoirí nuacháilithe atá ag dul isteach go dtí na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is dóigh go bhfuil dhá réimse ann. Tá mé féin, mar phríomhoide Gaelscoile, tar éis buntáiste ollmhór a bhaint as an gcúrsa B. Oid. atá ag tarlú le cúpla bliain anuas in Marino. Tá cohórt le Gaeilge agus saintuiscint acu ar an gcóras. Tá sé dochreidte. Molaim go mór an obair atá ar siúl ansin. Bheinn drogallach a rá go bhfuil an cumas céanna ann go forleathan. Bheinn buartha mar gheall ar chaighdeán na Gaeilge atá ag teacht amach. Níl cumarsáid agam leo siúd a bhíonn i scoileanna Béarla. Ón méid a fheictear dom, áfach, tá an bhearna sin tar éis dul i méid go mór.

Feictear dom go gcuirtear daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge chuig an nGaelscoil. Faoi mar a leanann siad ar aghaidh, freastalaíonn siad ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht. Tá deiseanna á bhfáil acu a cuid Gaeilge a shaibhriú agus a leathnú. Ansin déanann siad a rogha freastal ar a leithéid de B. Oid. Má tá siad ag déanamh an B. Oid., déanann siad sainiarracht Gaelscoileanna a lorg chun a gcuid socrúchán scoile a dhéanamh. An bhfuil na deiseanna céanna á gcur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil an caighdeán Gaeilge sin acu? An bhfuil iachall á chur orthu? Tuigim gur gá dóibh freastal ar chúrsa Gaeltachta agus gur gá dóibh íoc as sin iad féin anois, rud atá an-dian ar fad orthu mar mhic léinn tríú leibhéal. Sin an t-aon eispéireas agus tumadh sa teanga atá acu.

Táimid tar éis a bheith ag labhairt mar gheall ar leibhéal na múinteoireachta ag leibhéal na meánscoile agus na bunscoile. Is fáinne fí atá ann. Tá na daoine seo ag teacht amach. Tá an bhearna ag leathnú. Tá an dream leis an nGaeilge mhaith ag dul i dtreo na scoileanna lán-Ghaeilge; agus ansin fágtar bearna atá ag fás toisc go bhfuil líon na nGaelscoileanna méadaithe le roinnt blianta anuas. Tá an bhearna sin ag fás agus na daoine eile ag dul i dtreo na scoileanna Béarla. Táimid ag cothú comhthéacs agus táimid ag cur leis an suíomh.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Táimid ag tacú leis an bhfeachtas atá ann go mbeadh an fráma coitianta teangacha Eorpacha á úsáid mar mheicníocht chun caighdeáin éagsúla a aithint agus go mbeadh dréimire dul chun cinn ann do na daltaí tríd na leibhéil ar fad. Imreoidh sé sin tionchar ansin. Beidh sé i bhfad níos trédhearcaí ansin cad iad na leibhéil atá ag teacht amach as na meánscoileanna. Anuas air sin, tá deis sna coláistí oiliúna go mbeadh an córas céanna i bhfeidhm. Tuigimid cén cineál caighdeán ar an bhfráma seo atá de dhíth ar mhúinteoirí le dul faoi oiliúint agus ansin cad iad na caighdeáin a bhfuiltear ag súil leo agus iad ag teacht amach as na coláistí oiliúna.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agaibh. Rachaimid timpeall arís. Beidh ceist amháin ag na comhaltaí eile agus ansin cuirfimid deireadh leis an gcruinniú i ndiaidh sin, má tá sin all right.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá mbeadh an soláthar foirfe againn maidir le Gaelcholáistí, an mbeadh múinteoirí againn chun iad a líonadh?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Dá mbeadh sé ann, bheadh a dhóthain tar éis teacht tríd an córas. Dá mbeadh an córas i gceart, bheadh an Ghaeilge ar a dtoil acu le dul i ngleic leis an gcóras.

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An t-aon fháth a chuirim an cheist sin ná go bhfuil cairde agam a bhí san ollscoil liom. Cabhraím leo le haistí nuair atá siad ag déanamh máistreachta agus araile trí Ghaeilge nuair atá siad ag iarraidh uaschéimiú a dhéanamh. An mbeadh muinín ag na finnéithe i gcaighdeán na múinteoireachta a bheadh ar siúl sna scoileanna faoi láthair?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is dóigh nach bhfuil ag éirí leis faoi láthair mar tá na folúntais sna scoileanna. Is dóigh gurb é sin freagra na ceiste.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist shimplí agam ó thaobh tumoideachais. Is é an polasaí atá ag Gaeloideachas gurb é an tumoideachas an bealach is fearr. Ceapaim gurb é, ach an é sin é ó thaobh an taighde agus an taithí atá agaibh? An bhfuil sé sin ceart?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Tá sé sin ceart. Is é sin an córas is éifeachtaí. Tá sé aitheanta go hidirnáisiúnta gurb é an córas is éifeachtaí chun an sealbhú teanga sin a bhaint amach. Nuair atá an teanga sealbhaithe mar is ceart, is féidir leo na hábhair eile ar an gcuraclam a shealbhú i mbealach i bhfad níos éasca freisin.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an méid atá ráite ag Clodagh Ní Mhaoilchiaráin maidir leis an B. Oid. in Marino, an é sin an caighdeán ar mhaith léi a fheiceáil le haghaidh mhúinteoirí atá ag dul i dtreo na múinteoireachta sna bunscoileanna?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ba bhreá liom dá mbeadh sé sin ann. Is iontach an rud é go bhfuil an cohórt sin ann agus go bhfuil siad ag tabhairt faoi na hábhair ar fad leis an gcaighdeán Gaeilge sin. An rud atá ag teastáil ná ní hamháin go mbeadh an caighdeán Gaeilge sin ann ach freisin go mbeidís ag fáil deis an t-eispéireas a bheith acu i dtaobh cén chaoi le tabhairt faoi na hábhair eile, faoi riachtanais speisialta agus faoi shaincheisteanna teanga ionas go bhfuil siad ag teacht amach leis an saintuiscint agus caighdeán sin.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Nuair a bhí oifigigh ón Roinn ardoideachais linn, thit siad ar ais ar an éileamh atá ann agus b'fhéidir an easpa éilimh atá ann. Is mar a chéile a bhí sa bhfreagra a fuair mé ón Aire sa Dáil maidir le cúrsaí a chur ar fáil i nGaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal. An bhfuil dóthain éilimh ann?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is dóigh gur fusa é sin a léiriú. Tá a fhios agam gur méadaíodh líon na spásanna don tríú bliain in Marino agus líonadh é. Ansin, don chéad chohórt eile, chuadar ar ais chuig cohórt níos lú arís agus tá a fhios agam go bhfuil daoine nár bhfuair spás. Má tá an fhéidearthacht agus na folúntais ann, mar a taispeánadh leis an gcohórt sin sa tríú bliain sa B. Oid. in Marino, líontar an cúrsa, ach tá sé laghdaithe arís i ndiaidh sin.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Luaigh na finnéithe na naíonraí agus dúradh go dteastaíonn aitheantas agus scéim. Cén chaoi a n-oibríonn an scéim? An dteastaíonn breis airgid d'Fhoras na Gaeilge? Cén chaoi a n-oibríonn sé? An dteastaíonn córas nua nó próiseas nua?

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Bhí scéim fóirdheontais ann blianta ó shin ach fuarthas réidh leis. Bhí sé sin á mhaoiniú trí Fhoras na Gaeilge. An scéim atá á lorg againn anois ná scéim maoinithe tríd an Roinn leanaí a chuireann tacaíocht ar fáil, ina measc liúntas i dtaobh feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus tacaíochtaí i dtreo cíosa, i dtreo cóiríochta, i dtreo troscán agus na rudaí sin ar fad. Tá a fhios againn go bhfuil scéim caipitil atá ag Roinn na Gaeltachta. Caithfear na cineálacha scéimeanna sin a leathnú agus a chur ar fáil ar bhonn níos forleithne.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An mbeidh sé níos simplí infheistíocht a fháil ó Roinn na Gaeltachta? Tá an taithí acu maidir leis an nGaeilge seachas dul tríd an Roinn leanaí.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Is dóigh liom go bhfuil grúpa idir-rannach idir an Roinn leanaí agus an Roinn Gaeltachta ag plé cheist na luathbhlianta. Níl mé iomlán cinnte cad é an t-infreastruchtúr nó an córas nó struchtúr is fearr chuige, fad is go mbeidh sé ann agus ag feidhmiú mar is ceart.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ar an ábhar sin, an t-aon rud a luafaidh mé ná go mbeadh sé an-tábhachtach nach mbeadh stádas íslithe ag na naíonraí nó ag an gcúram réamhscoile más é go dtabharfar é sin ar fad faoi Roinn na Gaeltachta ach go mbeadh an earnáil lán-Bhéarla faoin Roinn leanaí. Tá sé tábhachtach go mbeadh comhstádas i gceist mar táimid ag caint ar chaighdeán, struchtúr, infreastruchtúr, buiséadú, earcaíocht, cúrsaí oiliúna agus mar sin de. Tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil níos mó ná ceist na teanga i gceist agus gur rud breise í an Ghaeilge atá ag dul dóibh siúd ach go bhfuil na hinfreastruchtúir, an buiséadú agus an oiliúint agus na rudaí sin ar fad a bheadh faoi chúram na Roinne leanaí á bhfáil ag an gcohórt trí mheán na Gaeilge chomh maith.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom tuairim Ghaeloideachas a chloisteáil maidir le céard atá ar siúl leis an NCCA leis na hathruithe atá beartaithe aige.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Is dóigh liom gur luaigh mé cheana féin an scéim maidir le tabhairt isteach an tríú teanga, rud a fháilteofar roimhe. Na ceisteanna bunúsacha praiticiúla a bheadh agam faoi sin ná conas a dhéanfar é, agus an mbeadh cúrsaí oiliúna agus tacaíochta ar fáil do na scoileanna.

Braithim go bhfuil sé an-thuas san aer agus nár smaoinigh éinne ar aon rud agus iad ag maíomh go mbeadh sé go maith mar ábhar. Aontaím leis sin ach ní bhraithim go bhfuil cur chuige cinnte ann. Níl ach méid áirithe uaireanta a chloig sa lá scoile. Cá bhfuil an t-am ag teacht dó sin? Tá sé sin ag tarraingt ón liúntas Gaeilge. Cén fáth nach bhfuilimid ag díriú isteach ar mhúineadh na Gaeilge agus scileanna an dátheangachais, gan trácht ar cén teanga atá ann? Ba cheart go mbeadh muid ag díriú isteach ar bhuanna an tumoideachais agus buanna an dara teanga agus sealbhú an dara teanga, agus na buntáistí ar fad a bhaineann leis sin. Sílim go bhfuil deis caillte leis an gcreatchuraclaim nua ar conas díriú orthu sin agus múinteoirí a chumasú, seachas a bheith ag díriú ar cheist na Gaeilge mar a phléitear í; "cén fáth an Ghaeilge?" agus mar sin de. Bhí deis iontach ann breathnú ar na scileanna, na buntáistí agus na buntáistí cognaíoch agus fadsaoil a bhaineann leis an dátheangachas mar a aithníonn muid ar fad iad. Bhí teip i gceist ansin agus níor éirigh linn é sin a bhaint amach. Is é sin an áit as a bhfuil mise ag teacht.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Agus leis an laghdú ó thaobh am teagmhála leis an nGaeilge, beidh sé sin suntasach. Déarfaidh an NCCA go bhfuil am discréideach curtha ar fáil gur féidir le múinteoirí leas a bhaint as don Ghaeilge.

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Ní ann don am discréideach sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl mé chun déileáil ach le ceist amháin. Tá na ceisteanna eile ar fad curtha agus freagartha go maith agus go beacht ag na finnéithe. Tá súil agam go bhfuil na Ranna ag éisteacht agus muid tar éis déileáil leis na ceisteanna. Maidir leis na téacsleabhair agus na háiseanna múinteoireachta agus foghlamtha, is ceist í seo a tháinig suas go minic roimhe seo nach raibh go leor díobh ann. Bhí ganntanas ann. Conas mar atá an staid faoi láthair?

Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:

Bhuel, tá mise ag feidhmiú mar phríomhoide le beagnach 30 bliain agus is mór an difear idir an gcomhthéacs ansin sna 1990idí agus le hais an lae inniu. Tá dul chun cinn déanta a bhuí go mór le COGG agus an obair mhór atá déanta aici le blianta beaga anuas. Ní féidir é sin a shéanadh. An bhfuil muid ar chomhchéim leis an earnáil lán-Bhéarla? Níl, go háirithe nuair a bhreathnaíonn muid ar chúrsaí digiteacha. Ní dóigh liom gur cheart go mbeadh scoileanna ag brath ar théacsleabhair agus mar sin de. Is deis iontach atá ansin leis an gcreatchuraclaim nua go bhfuil muid ag bogadh ó sin agus go bhfuil obair iniúchta, obair láimhe agus obair ghrúpa ar siúl agus go bhfuilimid ag díriú ar scileanna smaointeoireacht chriticiúil, anailísiú agus sintéisiú agus na rudaí sin ar fad. Táimid ag díriú ar na gnéithe sin anois agus ag tabhairt deis do na daltaí na scileanna sin a fhorbairt seachas bheith ag díriú ar leabhair agus mar sin de. Dár ndóigh, tá na meáin shóisialta agus na rudaí digiteacha ar fad againn áfach. Tá na córais dhigiteach go mór ina ábhar plé agus machnaimh ag leibhéal na scoileanna anois ach tá réimse leathan, dochreidte de rudaí atá ar fáil trí mheán an Bhéarla a thacaíonn leis na scoileanna. Tá na múinteoirí faoi uallach oibre uafásach mór. Tá éilimh ollmhóra á gcur ar mhúinteoirí sa lá atá inniu ann agus iad ag díriú ar chúrsaí, an curaclaim uilig a aimsiú agus chomh maith leis sin, iad ag freastal ar na riachtanais bhreise ar fad atá sna scoileanna. Tá uallach oibre dochreidte dian ar mhúinteoirí i láthair na huaire agus tá muid ansin ag iarraidh ar ár mhúinteoirí dul isteach leis na hacmhainní atá ann do na scoileanna lán-Bhéarla agus breis oibre a dhéanamh agus iad sin a aistriú - gan an liúntas a bheith ag formhór acu dar ndóigh. Táimid ag braith ar a dea-thoil chun é sin a dhéanamh agus táthar á dhéanamh ach ní ann do na hacmhainní digiteacha sin. Níl luach ann do na chomhlachtaí sin mar níl an lucht féachana nó an lucht ceannacháin ann agus ní dhéanfaidh na comhlachtaí airgead as. Tá sé sin truamhéalach. Go cinnte, tá bearna mhór ann, go háirithe i réimse na gcúrsaí digiteacha.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Agus le cur leis sin, go han-sciobtha, táimid ag rá - bhí sé ar Tuairisc.ie inniu - go bhfuil 14.3% de scoláirí iarbhunleibhéal ag fáil díolúine agus tá an figiúr sin ag méadú go suntasach. Beidh tionchar aige sin ar an éileamh a bheidh ar ábhair agus go díreach anseo ar na hacmhainní agus gach rud. Mura bhfuil an mais chriticiúil ann, níl na foilsitheoirí chun dul i ngleic leis na rudaí seo.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leis sin, cuirfimid clabhsúr leis an seisiún sin má tá sé sin comhaontaithe? Tá. Cuireann sé sin deireadh lenár mbreathnú inniu. Gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó Ghaeloideachas as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leo inniu. Go raibh míle maith agaibh.

Ms Bláthnaid Ní Ghréacháin:

Gabhaimid buíochas leis na baill ar fad as an éisteacht agus as an tacaíocht ar fad. Go raibh míle maith agaibh.

Cuireadh an comhchoiste ar fionraí ar 1.25 p.m. agus cuireadh tús leis arís i seisiúin príobháideach ar 1.31 p.m.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 1.59 p.m. go dtí 11 a.m., Dé Máirt, an 18 Samhain 2025.