Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 November 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Soláthar an Oideachais Lán-Ghaeilge: Plé

2:00 am

Shane Curley (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo. Seasann rud amháin amach domsa. Luadh gur thug Gaeloideachas comhairle don Roinn an cheist maidir leis an éileamh ar Ghaelscolaíocht a leasú. Phléamar é seo sa choiste. Cuireadh airgead agus am amú sa Roinn oideachais agus san CNCM, is é sin, an NCCA. In 2021, mar chuid de phróiseas comhairliúcháin, cuireadh ceistneoir amach ar mhúinteoirí agus ar phobal na Gaeilge maidir leis an nGaeilge mar ábhar scoile sa mheánscoil. Chuir mé aighneacht isteach agus mhol mé do mo dhaltaí aighneachtaí a chuir isteach freisin. Chuir siad isteach iad mar bhí siad bréan den Ghaeilge ar scoil cé go raibh grá acu don teanga. In 2021, rinneadh an comhairliúchán sin. Ag an am, moladh laghdú a chur ar mhéid na marcanna don scrúdú béil san ardteist. In 2025, tá siad ag tosú amach arís ó chearnóg a haon leis an bpróiseas ar fad. Is sampla amháin é sin. Anois, táthar ag déanamh comhairliúcháin arís chun a fháil amach ó thuismitheoirí an t-éileamh ar Ghaelscolaíocht atá ann ach tá siad ag cur na ceiste míchirte. Níl a fhios agam cén chomhairle atá ag Gaeloideachas maidir leis seo ach, i mo thuairim, bheadh sé i bhfad níos oiriúnaí dul chuig tuismitheoirí a bhfuil páistí acu atá dhá nó trí bliana d'aois atá dhá bhliain ó bhogadh isteach sa bhunscoil agus an t-éileamh ansin a mheas. Bheadh sé sin i bhfad níos oiriúnaí mar, gach uair a théann comhairliúchán, circular nó cibé rud, cosnaíonn sé airgead. Is airgead cánach agus airgead poiblí é sin agus, mar pholaiteoirí, caithfidh muid a bheith freagrach as sin agus a chinntiú go bhfuil luach le gach euro a chaitear. Níl sa chás seo. Is cur amú ama é maidir leis an nGaeilge. An gceapann na finnéithe go bhfuil na hoifigigh ag an leibhéal is airde sa Roinn oideachais dáiríre maidir le todhchaí na Gaeilge?