Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 November 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Soláthar an Oideachais Lán-Ghaeilge: Plé
2:00 am
Ms Clodagh Ní Mhaoilchiaráin:
Tharla an rud céanna inár gceantar blianta ó shin. Nuair nach raibh spás ann dó, dúnadh é mar ní raibh aon áit eile le fáil aige agus ní raibh na tacaíochtaí cuí ná an t-airgeadas ann. Níorbh fhéidir le bainisteoir an naíonra caighdeán maireachtála a bhaint amach agus í ag rith an naíonra in ainneoin na dea-thola agus an éilimh a bhí ann. Bheadh uirthi dul i mbun áit éigin eile a fháil. Ní raibh sé réadúil go mbeadh sí in ann a leithéid a dhéanamh. Tagann sé seo ar ais go dtí an rud atá á éileamh againn, is é sin, go mbeadh polasaí Stáit agus plean soiléir ann agus go n-aithneofaí go bhfuil na naíonraí i gcomhthéacs ar leith. Táimid ag éileamh freisin go mbeadh, mar a luadh ar ball, an cineál wraparound service sin ar fáil chun gur féidir le naíonra ná an réamhscolaíocht a bheith ann. Tá muid féin ar champas lán-Bhéarla, seachas muid féin. Tá seirbhís réamhscoile ar an gcampas istigh ag an meánscoil. Tagann siad chun na scoile leis na páistí agus bailíonn siad iad agus tógann siad ar ais iad. Dá mbeadh a mhacasamhail sin ar fáil i nGaeilge agus dá mbeadh an deis ann, chuirfeadh sé go mór leis. Ritear seirbhís crèche le linn an lae leis na huaireanta ECCE. Dá mbeadh a macasamhail ann trí mheán na Gaeilge, chuirfeadh sé go mór leis. Tagann sé ar ais go dtí an cheist seo: an féidir le daoine páistí a chur chuig naíonra ar feadh trí huaire a chloig agus ansin go gcaithfidh daoine éigin eile iad a bhailiú? Tá géarghá ann. Is ceann de na héilimh atá againn ná go dtabharfaí aghaidh air seo ar bhonn práinneach. Mar a luadh, tá líon na naíonraí ag titim in aghaidh na bliana. Nuair atá siad imithe, tá sé deacair iad a fháil ar ais.