Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Mr. Pádraig Mac Brádaigh:
Gabhaim buíochas le comhaltaí agus le foireann an chomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn a bheith ina gcuideachta inniu. Is mise leas-uachtarán don Ghaeilge ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn, an comhlacht ionadaíochta do bhreis agus 300,000 mac léinn tríú leibhéal ar fud na hÉireann. Is maith go bhfuil an deis seo againn stádas na Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal a phlé i ndeireadh na dála. Is é an t-oideachas tríú leibhéal an lúb is mó ar lár i soláthar an oideachais trí Ghaeilge faoi láthair. Ní mór a rá áfach gur ar éigean is féidir é sin a rá i bhfianaise chomh beag agus chomh heasnamhach agus atá soláthar reatha na Gaelscolaíochta ag gach leibhéal den chóras oideachais faoi láthair.
Mar a chualamar cheana, ní dhéanann ach níos lú ná 1% de mhic léinn tríú leibhéal cúrsa a mhúintear trí mheán na Gaeilge, agus an chuid is mó díobh ag déanamh staidéir ar an teanga féin. Tá neamhréir iomlán idir an céatadán sin agus an sprioc earcaíochta atá luaite in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Ar an iomlán, is i mbosca beag bídeach a mhaireann an Ghaeilge sa saol acadúil, ní mar mheán cumarsáide, fiú, ach mar ábhar léi féin nach bhfuil ceangailte le rud ar bith eile. Is fíor gur féidir staidéar a dhéanamh uirthi le hábhar eile, ach is trí Bhéarla a bhíonn an t-ábhar eile i gcónaí. Fágann sé sin go bhfuil iallach ar mhic léinn ar as an nGaeltacht dóibh, a d’fhreastail ar scoil trí Ghaeilge ar feadh a saoil ar fad agus a tógadh le Gaeilge gach rud a dhéanamh trí Bhéarla agus iad ar an ollscoil. Tá sé de nós ag an Stát brath an iomarca ar obair dheonach na nGael le gach rud a chur ar fáil dúinn féin leis na pinginí suaracha a thugtar dúinn, ach ní féidir le cumann Gaelach ar bith cúrsa dlí nó innealtóireachta trí Ghaeilge a chur ar fáil.
Mar sin féin, nílimid speisialta in Éirinn ó thaobh teanga mhionlaithe a bheith againn. Tá an t-ádh linn gur féidir linn fasach láidir na Breataine Bige a leanúint. Chuir Rialtas na Breataine Bige Coleg Cymraeg Cenedlaethol, an coláiste Breatnaise náisiúnta, ar bun in 2011. Is creatlach náisiúnta oideachais tríú leibhéal trí mheán na Breatnaise é sin ina n-oibríonn léachtóirí agus ollscoileanna ar fud na tíre le chéile chun cúrsaí i réimse leathan ábhar a chur ar fáil. Mar thoradh ar an éacht stairiúil seo, tá líon na mac léinn i mbun cúrsa go páirteach nó go hiomlán trí mheán na Breatnaise tar éis dúbailt sna chéad deich mbliana agus an coleg ar an bhfód. Tá sé cruthaithe acu gurb amhlaidh is féidir linn múnla náisiúnta Gael-ollscolaíochta a bhunú anseo.
Chomh maith leis sin, caithfidh cáilíochtaí teastais sa Ghaeilge a bheith ar fáil mar chuid bhreise de chúrsaí a mhúintear trí Bhéarla. Má theipeann ar an Stát an sprioc earcaíochta a bhaint amach in 2030, bíodh sé soiléir gur de dheasca easpa iomlán pleanála a bhí sé.
Ní bhéarfar na mílte cainteoirí Gaeilge líofa thar oíche agus is gá don Roinn cúrsaí atá ceangailte leis an gCreat Comhchoiteann Eorpach um Theangacha agus TEG a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i ngach institiúid ardoideachais timpeall na tíre. Teastaíonn beart dáiríre chun torthaí a bhaint amach. Taobh amuigh de chúrsaí acadúla, soláthraíonn ollscoileanna seirbhísí eile cosúil le lóistín, comhairleoireacht, seirbhísí sláinte agus go leor eile san áireamh. Nuair a dhéanann mac léinn iarracht na seirbhísí seo a úsáid trí Ghaeilge, is minic a dhiúltaítear go borb dóibh. Deirtear linn go bhfuilimid ag cruthú trioblóide agus go bhfuilimid ag iarraidh bheith polaitiúil mar dhea, as gan ach ár gcearta sibhialta a fheidhmiú. Samhlaigí go ndúradh le Maeve, iníon léinn Ollscoil na Gaillimhe gurb as Conamara di agus Gaeilge mar chéad teanga aici, nach mór di Béarla labhairt leis na seirbhísí mhíchumais agus leis an gcúntóir ar tugadh di, mar dhuine le uathachas agus atá beagnach dall. Ollscoil dhátheangach muise.
Is cuimhin liom féin go raibh mé uair amháin i leabharlann Choláiste na Tríonóide agus comhartha díreach os mo chomhair a thug le fios go raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil. Chuir mé ceist ar an bhfear taobh thiar den deasc faoin bprintéir thíos staighre agus d'fhéach sé orm le déistin agus dúirt sé, "I do not speak that." Bhí an deasc céanna sa leabharlann clúdaithe mar chuid de scéim teanga Choláiste na Tríonóide. Cá bhfios an bhfuil sí fós i bhfeidhm fiú toisc nach bhfuil na caighdeáin teanga foilsithe do chomhlachtaí poiblí? Tá ollscoileanna ríthábhachtach mar shaotharlann chun sochaí níos fearr a shamhlú, ach ní chaitear leis an nGaeilge amhail is go mbeidh sí páirteach, agus is cinneadh polasaí é sin. Má tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeidh todhchaí phraiticiúil nó ghairmiúil ar bith ann don teanga, caithfidh sé an reachtaíocht chuí a rith agus tabhairt faoi na hathruithe a theastaíonn láithreach bonn. Bíodh deireadh leis an mbéalghrá agus tús le beart a chur de réir briathair.