Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 September 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé
2:00 am
Ms Róisín Ní Chinnéide:
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach, na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí agus le foireann an chomhchoiste as an gcuireadh a thabhairt dúinn cur i láthair a dhéanamh os a gcomhair inniu maidir le teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Tagann an cruinniú seo sna sála ar agóid stairiúil dár dteanga agus don nGaeltacht Dé Sathairn seo a d’imigh tharainn. Chuaigh 25,000 duine chun sráide anseo i mBaile Átha Cliath agus cothrom na Féinne á éileamh againn. Shiúlamar ó Chearnóg Pharnell chomh fada leis na Tithe seo mar a chualamar ó scoth na gcainteoirí a labhair ar na héilimh ba mhó a bhain leis an lá: maoiniú, cearta teanga, tithíocht sa Ghaeltacht agus oideachas. Tá comhrá an lae inniu an-tráthúil sa chomhthéacs seo. Ní hamháin go bhfuil teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal lárnach sa phlé faoin gcóras oideachais, ach tá sé fite fuaite le ceisteanna maoinithe agus cearta teanga leis.
Tuigeann an coiste go maith go bhfuil sé mar sprioc ag an Stát gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh na seirbhíse poiblí faoi 2030. Ach cad as a dtiocfaidh na hearcaigh seo mura ndéanfar freastal ar a riachtanais agus iad ar scoil ná ag an tríú leibhéal? Tá an t-oideachas lán-Ghaeilge sa chóras oideachais i gcoitinne in áit thar a bheith leochaileach. Níl ach 8% de dhaltaí bunscoile sna Fiche-sé Contae ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Ag an iar-bhunleibhéal, níl ach 3.8% acu ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus is measa i bhfad an scéal ag an tríú leibhéal. Tugadh le fios i gcáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2024 go raibh 59 cúrsa á gcur ar fáil ag institiúidí ardoideachais in 2021-22 a bhí á dteagasc go hiomlán nó i bpáirt trí Ghaelainn. Bhí cúrsaí ina raibh daltaí in ann an Ghaelainn a roghnú mar ábhar agus na cúrsaí oiliúna d’ábhar oidí san áireamh ansin. Bhí 1,779 mac léinn i mbun staidéir ar na cúrsaí sin ag an am as 261,010 mac léinn a bhí cláraithe sna hinstitiúidí tríú leibhéal in 2021-22. Is ionann é seo agus 0.68% de na mic léinn ar fad a bhí sa chóras tríú leibhéal ag an am. Tuairiscíodh anuraidh go bhfuil na rátaí oideachas tríú leibhéal is airde san Aontas Eorpach againn in Éirinn agus cáilíocht thríú leibhéal ag 56% de dhaoine idir 25 agus 64 bliain d’aois i gcomparáid le 33% ar an meán i measc thíortha an Aontais Eorpaigh. Tá daonra léannta agus ardcháilithe againn ach, don chuid is mó, tá an t-oideachas seo á chur ar fáil trí mheán an Bhéarla amháin ag an tríú leibhéal.
Leis seo a réiteach, caithfear féachaint ar an mórphictiúr agus caithfear an fáinne fí a aithint. Tá 30 nóiméad sa tseachtain bainte ó mhúineadh na Gaeilge sna bunscoileanna ó rang 1 go rang 6 faoin gcuraclam nua atá i bhfeidhm anois ón mí seo ar aghaidh. Níl scrúdú na sraithe sóisearaí in oiriúint do chumas na ndaltaí. Tá córas na ndíolúintí ag an iar-bhunleibhéal iomlán as smacht agus leithcheal á dhéanamh ar bhreis is 55,000 dalta ó fhoghlaim na Gaeilge dá bharr. Tá lúb ar lár ó thaobh na Gaelainne de ag gach leibhéal den chóras oideachais agus, le dul i ngleic leis an soláthar suarach ag an tríú leibhéal, caithfear aghaidh a thabhairt ar an gcóras ina iomláine. Tá géarghá le polasaí don Ghaelainn sa chóras oideachais ón luathoideachas go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt láithreach bonn agus an córas ar fad a ailíniú leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach.
Agus é sin ráite, tá gníomhartha sonracha ar leith gur cheart a thógáil ag an tríú leibhéal. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá ar bun ag ranna agus baill fhoirne in institiúidí éagsúla ar fud na tíre chun teagasc trí Ghaeilge a sholáthar as a stuaim féin in éagmais tacaíochta agus iarracht chomhordaithe ón Rialtas. Bhí sé de phribhléid agam freastal ar cheardlann in Ollscoil na Gaillimhe i mí an Mheithimh na bliana seo caite, eagraithe ag an Dr. Fintan Hegarty agus an tOllamh Cathal Seoighe, ar theagasc trí mheán na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Chruinnigh léachtóirí ó institiúidí in Éirinn, in Albain agus sa Bhreatain Bheag le chéile le plé a dhéanamh ar sholáthar oideachais tríú leibhéal i dteangacha mionlach agus dea-chleachtas a roinnt. Ar cheann de na príomh-mholtaí a tháinig ón lá ná go mbunófaí gníomhaireacht náisiúnta chun ardoideachas, scoláireacht agus taighde trí mheán na Gaelainne a chur chun cinn, bunaithe ar mhúnla Coleg Cymraeg Cenedlaethol.
Bunaíodh an ghníomhaireacht straitéiseach neamhspleách Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa bhliain 2011 agus, ó shin, tá dúbailt na mac léinn fochéime ann anois a bhfuil cuid dá chéim á sholáthar dóibh sa Bhreatnais. Bronnann an coleg deontais ar ranna ollscoile a chomhlíonann critéir maidir le soláthar Breatnaise chomh maith le scéimeanna scoláireachta do mhic léinn a thugann faoi líon áirithe dá gcéim a dhéanamh trí mheán na Breatnaise. Déanann an coleg maoirsiú agus comhordú ar sholáthar Breatnaise ar fud na hearnála tríú leibhéal. Le buiséad dóthanach, d’fhéadfadh a leithéid de ghníomhaireacht in Éirinn a chinntiú go mbeadh raon leathan cúrsaí ar fáil, go spreagfar mic léinn le tabhairt fúthu agus go dtabharfar an uasoiliúint cuí don fhoireann teagaisc chun na cúrsaí a chur ar fáil. Tá ar a laghad cuid dá gcéim á soláthar i nGaeilge do 0.68% dár mic léinn faoi láthair. Bíodh sé mar sprioc againn é sin a mhéadú go 5% sna 20 bliain romhainn.
Lasmuigh de theagasc na Gaelainne agus den teagasc trí mheán na Gaelainne mar chuid de chúrsaí fochéime agus iarchéime, caithfear an deis a thabhairt do mhic léinn an teanga a fhoghlaim agus a shealbhú neamhspleách óna gcéim chomh maith. Beag beann ar spriocanna earcaíochta, tá deis uathúil ag na hinstitiúidí tríú leibhéal eispéireas foghlama Gaeilge a chur ar fáil ní hamháin do dhaoine a tháinig tríd an gcóras oideachais in Éirinn ach dár bpobail nua chomh maith. I mí Eanáir na bliana seo, tuairiscíodh go raibh 40,400 mac léinn idirnáisiúnta ag staidéar in institiúidí ardoideachais in Éirinn, méadú 15% ón mbliain acadúil 2022-23. Tá innealtóirí, dochtúirí, ailtirí, soláthróirí luathoideachais agus tuilleadh nach iad á gcur faoi oiliúint sna hinstitiúidí seo. Má theastaíonn uainn sochaí atá in ann feidhmiú trí Ghaelainn a bhaint amach agus go mbeidh seirbhísí as Gaelainn ar fáil don tsochaí sin, ba cheart ranganna TEG saor in aisce a bheith ar fáil do mhic léinn uile na n-institiúidí tríú leibhéal.
Ní hamháin go bhfuil ról nach beag ag na hinstitiúidí tríú leibhéal le baint amach na sprice earcaíochta 20%, ach tá dualgas orthu mar chomhlachtaí poiblí forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm leis. In ainneoin dul chun cinn le blianta beaga anuas, is baolach go bhfuil an Ghaelainn fós in áit thánaisteach ar fud na hearnála agus bíonn deacrachtaí bunúsacha go fóill ag pobail na n-institiúidí atá ag iarraidh saol trí Ghaeilge a bheith acu. Caithfear rochtain ar sheirbhísí na n-institiúidí trí mheán na Gaeilge do mhic léinn agus do bhaill fhoirne a fheabhsú, agus ba cheart go mbeadh oifig Ghaeilge i ngach institiúid ardoideachais chun comhlíonadh Acht na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú. Chuige seo, ní hamháin gur cheart modúl oiliúna a chur ar fáil do na baill fhoirne chun iad a chur ar an eolas faoi na dualgais atá orthu de réir an Achta, ach ní mór cúrsaí TEG a sholáthar saor in aisce dóibh chomh maith ionas go mbeadh sé de chumas acu na dualgais chéanna sin a chomhlíonadh.
I measc na mílte a bhí ag léirsiú an deireadh seachtaine seo, bhí daltaí bunscoile agus meánscoile agus mic léinn tríú leibhéal. Bhí tuismitheoirí, múinteoirí agus léachtóirí ann. Tá teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal ag croílár éiceachóras na teanga, agus mura ndéanfar na fadhbanna a leigheas, cuirfear an córas ar fad i mbaol.