Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Bíonn. Mar a luaigh mé i mo fhreagra don Teachta Ó Snodaigh, tá imscrúdú an-tábhachtach ar siúl againn faoi láthair. Má breathnaítear ar na figiúirí ginearálta taobh amuigh den Ghaeltacht i láthair na huaire, tá isteach is amach ar 7% ag freastal ar an mbunscolaíocht lán-Ghaeilge. Tá an figiúr sin thart ar 3% ag leibhéal na hiarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge. Tá titim ollmhór ansin go dtí thart ar 1% ag leibhéal na hollscolaíochta Gaeilge. Mar sin, cén chaoi a bhforbrófar acmhainneacht sa chóras tríd an Roinn oideachais agus an Roinn ardoideachais agus breisoideachais le déanamh cinnte de go bhfuil tuilleadh oiliúnaithe, foghlaimeoirí agus céimithe ag teacht amach as an gcóras? Is é sin an fáth gur leag muid an-bhéim ar na fearainn nó na domains éagsúla a caithfidh teacht le chéile le déanamh cinnte go mbainfear amach an sprioc 20%. Is é an ról cinniúnach a bheidh ag an aonad ná comhordú a dhéanamh air. Tá ról ag an Aire, Roinn na Gaeltachta agus go háirithe an coiste comhairleach chun stiúradh a dhéanamh ar fheidhmiú an phlean náisiúnta, ach is cinneadh an-mhaith a bhí ann taighdeoirí a thabhairt isteach leis an bplean náisiúnta a chur le chéile mar tá bunús eolaíoch leis.
Ar bhealach, tá an cuid is crua den obair le teacht, is é sin, an cur i bhfeidhm, lena n-áirítear na caighdeáin teanga, dóthain foirne le Gaeilge mhaith a bheidh á bhfostú agus earnáil na Gaelscolaíochta agus na hollscolaíochta Gaeilge ag cothú na sruthanna a theastaíonn le cinntiú go mbeidh na daoine sin ann. Ní dóigh liom gur féidir breathnú ar aon cheann de na fearainn nó domains sin ina aonar. Tá siad uilig fite fuaite ina chéile. Tá muid ag pointe tábhachtach le breithiúnas a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an acmhainneacht ann i láthair na huaire le déanamh cinnte go dtógfar an droichead sin idir an plean náisiúnta agus an cur i bhfeidhm. Ní féidir liom réamhbhreithiúnas a thabhairt ar an bplean gníomhaíochta a bheidh á fhoilsiú ag an Roinn agus an tAire san fhómhar, ach beidh sé sin an-tábhachtach.
Ó ghéaráin atá muid ag fáil, feiceann muid go dteastaíonn straitéis chomhtháite atá fite fuaite ina chéile sna hearnálacha sin uilig le dul i ngleic leis na gearáin. Ag teacht ar ais chuig an dhá chrann taca, is córas na gcaighdeán teanga a leagfaidh an dualgas chun na seirbhísí nua a chur i bhfeidhm, cosúil leis na seirbhísí idirghníomhaíochta sa chóras sláinte a luaigh an Seanadóir, mar shampla. Chomh maith leis sin, caithfear a chinntiú go bhfuil dóthain foirne le Gaeilge ar fáil, go háirithe i gcásanna nuair atá duine ag déanamh iarratas ar líne agus teastaíonn ón duine sin labhairt le duine le Gaeilge. Le comhthéacs a thabhairt air, in go leor cásanna, bíonn na hoifigigh Ghaeilge ag obair mar chadhain aonair. In go leor comhlachtaí poiblí, níl iontu ach duine amháin agus tugtar cúraimí éagsúla dóibh. I mo thuairim, ba cheart go mbeadh socruithe mar sin mar chuid den stair. Caithfear breathnú ar raon foirne le Gaeilge. Is é seo an ról criticiúil a bheidh ag an cineál seo aonaid. Beidh air tagarmharcáil nó slat tomhais a dhéanamh.
Má fhorordaítear do chomhlacht poiblí go gcaithfidh sí seirbhísí tacaíochta faisnéise a chur ar fáil cúig lá sa tseachtain, i láthair na huaire, d’fhéadfadh comhlacht poiblí amháin a rá go dteastaíonn cúigear uaithi lena dhéanamh agus d’fhéadfadh comhlacht poiblí eile a rá gur féidir le duine amháin é a dhéanamh. Mar sin, teastaíonn an tacaíocht sin. Ní mór an pleanáil straitéiseach a leagan amach céard is dóthain foirne ann leis na seirbhísí a bheidh leagtha síos sna caighdeáin teanga a chur i bhfeidhm. Muna dtarlaíonn sé sin go luath - tá sé seo á fheiceáil againn sna gearáin - tá sé deacair a fheiceáil go mbeidh ráta earcaíochta suntasaí ná méadú ar an ráta earcaíocht d’fhostaithe le Gaeilge. Sin an fáth go bhfuil an tSeirbhís um Ceapacháin Phoiblí chomh tábhachtach, publicjobs.ie, mar aonad le breathnú ar an gcaoi ar féidir cur go mór le líon na gcomórtas d’fhostaithe le Gaeilge atá á reáchtáil agus an áit a mbeidh na fostaithe sin ag dul. Ní mór an obair sin ar fad a thabhairt le chéile in aonad, i mo thuairim.
Dar ndóigh, tá an cúram sin ar an gcoiste comhairleach agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta chun an plean a stiúradh, ach caithfidh muid bhreathnú ar ualach na hoibre a bhaineann leis an bplean náisiúnta, anois agus na réimsí seo ann, lena n-áirítear an pleanáil fórsa saothair, réimse na hollscolaíochta agus rud nár luaigh mé fós, is é sin, an bonneagair seirbhísí poiblí sa Ghaeltacht agus na molchampais.
Le teacht ar ais chuig an gceist a bhí ag an Teachta ar ball faoi líon na ngearán, is dóigh liom go bhfuil creimeadh á dhéanamh ar mhuinín an phobail i seirbhísí poiblí i nGaeilge le roinnt mhaith blianta. Nuair a théann daoine ag tóraíocht na seirbhísí, bíonn an taithí atá acu go dona nó lag i go leor cásanna.