Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 15 July 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Tuarascáil Bhliantúil 2024 agus Caighdeán na Seirbhísí Poiblí Dátheangacha: Oifig an Choimisinéara Teanga
2:00 am
Mr. Séamas Ó Concheanainn:
Faigheann. Ó thaobh céatadáin de, d'fhéadfadh gearán maidir le húsáid córais ríomhaireachta a bheith isteach faoi bhun 10% chuile bhliain. Tá sé an-leathan. Baineann 40% de ghearáin le córas na scéimeanna teanga go heisiach. Tógann sé sin san áireamh úsáid chruinn d'ainm. Léiríonn sé sin an tábhacht a bhaineann le córas na gcaighdeán teanga a thabhairt i bhfeidhm. Le go leor de na córais nua seo atá á bhfeiceáil againn, MyGovID agus araile, tá sé leagtha amach go soiléir ag an Rialtas go bhfuiltear ag súil go mbeidh suas le 80% de shaoránaigh ag úsáid tairsí ar nós MyGovID faoin mbliain 2030 agus gur féidir le suas le 90% de sheirbhísí poiblí a bheith ar líne ach cá bhfuil an soláthar den tseirbhís i nGaeilge? Mar sin, tá sé an-tábhachtach go dtógfar an ré dhigiteach san áireamh. Tá tagairt láidir déanta dó sin sa bplean náisiúnta. Caithfidh na straitéisí atá an Stát ag feidhmiú do sheirbhísí poiblí i gcoitinne a bheith ag caint leis an bplean náisiúnta lena dhéanamh cinnte go bhfuil na seirbhísí idirghníomhacha seo ar fáil i nGaeilge freisin. Tá soláthar maith sa reachtaíocht idir an fhoráil maidir le do cheart d'ainm, do shloinne, do theideal agus do sheoladh poist a bheith á n-úsáid agus taifeadta go cruinn agus córas na gcaighdeán teanga. Táim ag glaoch crann taca ar an gcóras sin. Is gné chriticiúil den bhunchloch é mar is ansin a leagfar síos na seirbhísí nua-aimseartha nach bhfuil leagtha síos san Acht féin.
Is ansin a leagfar an dualgas ar na comhlachtaí poiblí.