Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Téann sé seo ar ais go dtí an sampla in earnáil na meán roimhe seo. Aithnímid, má tá bearnaí ann, go bhfuil ról againn mar eagraíocht dul isteach sa bhearna sin ó thaobh an ghné oiliúna agus an ghné cumasaithe. Luadh Cumasú mar shampla. Sampla sonrach eile ná cúrsaí turasóireachta. Táimid ag forbairt, i gcomhar le heagrais forbartha pobail den chuid is mó agus le Fáilte Éireann go n-infheisteofar i dtograí caipitil ó thaobh ionaid turasóireachta. An rud a thugamar faoi deara nuair a chuireamar tús leis an obair seo ná go raibh easpa scileanna ann ó thaobh bainistíocht shonrach turasóireachta agus daoine le Gaeilge. Tá clár curtha in áit againn ó thaobh scéim bainistíochta turasóireachta. Tá daoine á maoiniú le cur ag obair sna tograí seo. Táimid ag tabhairt faoi deara an leas atá ann, chomh maith leis an gcumas oibre, go bhfuil cultúr Gaeilge nó cultúr teanga láidir agus go bhfuil na tograí ansin á bhfeidhmiú trí Ghaeilge.

An rud a thugamar faoi deara nuair a bhíomar ag déileáil le scéimeanna fiontraíochta nó entrepreneurship ná nach rabhamar ag fáil mórán iarratas nó rannpháirtíochta ó mhná. Bunaithe ar an taighde sin, thugamar faoi deara go mbeadh deis i bhfad níos fearr ann dá mbeadh cláir oiriúnacha fiontraíochta dírithe go sonrach ar fhiontraithe mná. Chuige sin, chuireamar an clár Cumasú in áit. Táimid ag dul isteach ar an tríú bliain de sin i láthair na huaire. Mar a dúirt Tomás Ó Síocháin, bhí 44 bean páirteach sa togra anuraidh agus bhí 110 iarratas. Tá 26 gnó tagtha amach as an togra sin anois. Tá 26 gnó ina bhfuil duine, beirt nó triúr fostaithe. Is fostaíocht inbhuanaithe í sa mhéid is go bhfuil sí lonnaithe sa Ghaeltacht, go bhfuil an oiliúint curtha ar fáil agus go bhfuilimid in áit le tacú leis na fiontraithe ban sin an gnó sin a mhéadú agus a fhorbairt de réir a chéile.

Mar a dúirt Tomás Ó Síocháin, feicimid san fhostaíocht atá againn go bhfuil réimse tógála agus déantúsaíochta ann. Tóg an earnáil teicstíle i ndeisceart Dhún na nGall mar shampla. Ar bhealach, is earnáil í sin atá an-seanfhaiseanta sa mhéid is go bhfuil sé dírithe go mór ar obair láimhe. Tá go leor oibre á dhéanamh ar an ngné digitiú ach ag iarraidh gné na hearnála féin a choinneáil. Tagann an t-éadach a chuirtear ar 60% d’eitleáin Airbus ar fud na cruinne ó iardheisceart Dhún na nGall agus an earnáil sin. Is ag tógáil ar earnáil traidisiúnta atáimid aguis muid ag cur na scileanna ar fáil ó thaobh díolacháin agus digitiú le gur féidir teacht ar mhargaí nua.