Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Bhí sé de cheart agam Data2Sustain a lua. Is togra eile trasréigiún é seo atá ag díriú isteach go sonrach ar na scileanna atá in easnamh ó thaobh chúrsaí digiteach, bíodh sé sin ag cabhrú le daoine nach bhfuil in ann Gmail a úsáid, an bealach ar fad go dtí rudaí atá go sonrach ag forbairt deiseanna nua. Ó thaobh na dtáscairí maidir le cúrsaí tithíochta, ar an gcéad dul síos is léir go bhfuil éileamh tithíochta ann bunaithe ar na figiúirí go náisiúnta agus ar roinnt den obair a rinne an Teachta Ó Snodaigh é féin. Anuas air sin, mar dara chéim, tá sé i gceist againn - bhí sé seo mar chuid den phlé a bhí againn leis na comhairlí áitiúla - féachaint ar obair shuirbhéireachta le measúnú cuí a dhéanamh ar cé mhéid duine go sonrach a bhfuil Gaeilge acu atá ag lorg tithíocht. An bunchuspóir atá againn ná go mbeimid ag cur tithíocht ar fáil do dhaoine le Gaeilge ag forbairt pobal tithíochta nó roinnt tithe le chéile a chuirfeadh go mór le pobal labhartha na teanga sna háiteanna seo. I gcomhthéacs Mhaigh Eo go sonrach, tá ós cionn 100 nó 110 deontas faoi scéim na ndeontas tithíochta tréigthe tugtha amach ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Tá sé i measc na gcontaetha - ach an oiread le Contae na Gaillimhe - is mó go bhfuil éileamh air sin trasna na tíre. Chomh luath is a bheidh an duine sin ceaptha, beimid ag iarraidh cur leis an líon sin. Ar thaobh amháin, beimid ag féachaint ar an éileamh atá ann ó thaobh an obair shuirbhéireachta leis na comhairlí áitiúla nuair a bheidh sé sin in áit. Tá leisce orainn tabhairt faoi sin go dtí go bhfuilimid sásta go bhfuil píblíne sholáthair ar an dtaobh eile agus go mbeimid in ann tithíocht a chur ar fáil do na daoine áit a bhfuil an t-éileamh ann. Is léir dúinn go bhfuil an t-éileamh ann. Go han-gonta agus go han-simplí, beimid ag iarraidh cur le líon na dtithe tréigthe go mbeidh daoine le Gaeilge ag cur fúthu iontu. Is é sin an bunchuspóir atá leis an táscaire sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.