Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Téann ceist na scileanna go croílár na hoibre atá ar bun againn faoi láthair. San áit a bhfuil sé sin ag obair go maith, tá sampla an-mhaith againn sa disruptive innovation technology fund, DTIF. Mar a sheasann sé sin faoi láthair, ó 2021 go 2025, níl allúntas iomlán na bliana seo tugtha amach go fóill, ach tá díreach faoi bhun €45 milliún tugtha do chomhlachtaí Gaeltachta faoin gciste sin. Is léiriú é sin go bhfuil siad an-láidir. Tá siad sin ar fad i gConamara. Tá buntáiste agus míbhuntáiste ansin. Léiríonn sé go bhfuil láidreacht in earnálacha faoi leith atá in ann daoine a mhealladh. In áiteanna eile, níl sé chomh láidir céanna. Athraíonn earnálacha na Gaeltachta ó cheantar Gaeltachta go ceantar Gaeltachta eile. Mar shampla, is déantúsaíocht atá chun cinn i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair nó i nDún na nGall trí chéile.

Ceann de na dúshláin atá romhainn, go háirithe i gcomhthéacs na hoibre atá ar siúl againn ó thaobh intleachta saorga, ná a chinntiú go bhfuilimid ag cur na hoiliúna cuí ar fáil ag gach réimse, bíodh sé sin scileanna tógála go scileanna ardintleachta nó scileanna intleachta saorga. Chuige sin, táimid tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim scoláireachtaí atá againn. Beidh Rónán Mac Con Iomaire in ann cur síos a dhéanamh ar an obair atá déanta againn leis na comhlachtaí ó thaobh na Gaeilge de. Léiríonn sé sin go bhfuil Gaeilge ag 58% de na daoine atá ag obair sna cliantchomhlachtaí, díreach faoi bhun 10,000 duine, rud atá thar a bheith dearfach ach a léiríonn go bhfuil obair le déanamh againn i gcónaí. In áiteanna bíonn sé deacair teacht ar dhaoine le scileanna i nGaeilge, fiú dúinn mar eagraíocht.

Feictear dúinn go bhfuil dhá cheist ann. Ar an gcéad dul síos, táimid ag iarraidh tuilleadh scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge ina rogha réimse a bheadh ag teacht leis na spriocanna sin. Bheadh sé sin ag leibhéal céimithe nó iardhochtúra agus mar sin de le cinntiú go bhfuil speisialtóirí ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Anuas air sin, mar a luaigh Rónán Mac Con Iomaire, táimid ag iarraidh ardú a dhéanamh ar an méid atá ar eolas ag lucht na scoile agus na meánscoile faoi na comhlachtaí seo agus cad atá ar siúl ag na comhlachtaí sin. Léiríonn roinnt taighde atá déanta againn i gcuid de na ceantair go bhfuil cur amach ag daoine ag na comhlachtaí ach nach dtuigeann siad cad go díreach atá á dhéanamh. Is léiriú maith an obair atá ar siúl sna haonaid Gteic é sin mar tá na moil dhigiteacha sin feiceálach. Is trí na haonaid Gteic gur féidir linn na scileanna sin a chruthú. Idir eatarthu, táimid sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh.

Déanfaidh Rónán Mac Con Iomaire cur síos ar an sampla maidir le fiontraíocht na mban, Cumasú, a bhfuil dul chun cinn suntasach déanta aige ó thaobh daoine a mhealladh.