Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 24 June 2025
Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community
Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé
2:00 am
Shane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Sin iontach agus thar a bheith dearfach. Tá cúpla ceist eile agam. Baineann ceann dóibh le cúrsaí scileanna. Ceann de na spriocanna a léim amach dom ón méid a luaigh lucht an údaráis ar maidin agus ón obair nuálach atá idir lámha acu ná go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh daoine a bhfuil Gaeilge acu atá in ann fostaíocht ardscile a dhéanamh a mhealladh chun na Gaeltachta. Cén sórt léimh atá ag lucht an údaráis ar na scileanna atá sa Ghaeltacht? Cá bhfuil na bearnaí? Cad iad na háiteanna gur féidir na scileanna sin a fhorbairt? An fáth ar chuir mé an cheist sin ná ó thaobh cúrsaí fiontraíochta. Más rud é go bhfuil an t-údarás ag cur an mhéid seo infheistíochta isteach i rudaí mar an intleacht shaorga, an bhfuil an bunús ann ó thaobh scileanna agus chaipiteal daonna go spreagfaí an fhiontraíocht ag teacht as sin agus go leanfaidh daoine orthu a bhfuil ardscileanna acu ag cur fúthu sa Ghaeltacht agus a leithéid?
Baineann an cheist dheireanach le cúrsaí tithíochta. Cuirim fáilte roimh fhorbairt an róil sin a bheidh ag suí ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo maidir leis na tithe tréigthe, an ceantar ina bhfuil an líon is airde tithe tréigthe. Cén táscairí rathúnais nó KPIs a bheas ag an ról sin? Conas a bheidh an t-údarás agus an chomhairle contae in ann an ról sin a mheas?
No comments