Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith os ár gcomhair agus as an gcur i láthair cuimsitheach sin. Léimfidh mé díreach isteach i gceist na tithíochta. Ionas go mbeadh tionsclaíocht agus fiontar ann, teastaíonn tithe. Teastaíonn áit chónaithe ón aos óg na Gaeltachta, rud nach bhfuil ann faoi láthair. Is léir ón gcaint a rinne an príomhfheidhmeannach go bhfuil an t-údarás dáiríre faoin gceist seo ach, ag deireadh an lae, nílimid gar don áit a dteastaíonn uainn a bheith. Cén uair a fheicfimid dul chun cinn maidir le tithíocht Ghaeltachta? Tá sé seo pléite ag mo chomhghleacaithe Shinn Féin cheana. Ba mhaith liom ceist dhíreach a chur ar an údarás. Cén fáth nach bhfuil an t-údarás ag tógáil tithe é féin? Luaigh an príomhfheidhmeannach go bhfuil éabhlóid tagtha ar ról an údaráis leis na blianta. Shílfeá, leis na dúshláin mhóra mhillteacha seo atá amach romhainn, gur chóir dúinn gníomhú go láidir. Tá an talamh ag an údarás. Tá 1,000 ha agus 500 suíomh. Nach bhfuil spás ann don údarás a bheith ceannródaíoch maidir le tithíocht? Mura bhfuil na cumhachtaí ag an údarás tógáil go díreach, cén fáth nach bhfuil sé ag scaoileadh le talamh nó ag díol talún chun ligean d'fhorbróirí eile leanúint ar aghaidh ag tógáil? Cén ról a bheidh ag an oifigeach tithíochta Gaeltachta a bheidh lonnaithe i Maigh Eo? Cén bealach ina bhfuil an ról seo difriúil ó na poist a bhí ann cheana féin chun tithíocht a chinntiú? Céard atá an t-údarás ag iarraidh a fheiceáil sna treoirlínte pleanála don Ghaeltacht? Go háirithe, cén chaoi a dtabharfaí tús áite do chainteoirí Gaeilge maidir le soláthar tithíochta? Cad iad na critéir? Cén ionchur a bhí ag an údarás sa phróiseas? Tá go leor cainte faoi Airbnb faoi láthair. Rinne an príomhfheidhmeannach tagairt don líon mór millteach tithe saoire. An bhfuil aon chéimeanna tógtha ag an údarás maidir leis sin go dtí seo? Tuigim go bhfuil sé ag fanacht ar threoir ón Rialtas go fóill. An bhfeiceann an t-údarás aon fhéidearthachtaí chun an treocht seo a chasadh thart?