Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 24 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Clár Oibre agus Tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta: Plé

2:00 am

Mr. Tomás Ó Síocháin:

Gabhaim buíochas as an deis a fháil teacht i láthair an chomhchoiste agus cur síos a dhéanamh ar chlár oibre agus tosaíochtaí Údarás na Gaeltachta. Tá sé de phribhléid agam a bheith mar phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta. Is áisíneacht Stáit í Údarás na Gaeltachta a bunaíodh in 1980. Tá éabhlóid déanta ar chúramaí an údaráis agus, mar atá a fhios ag comhaltaí, tá reachtaíocht os comhair na Dála seo a mbeidh tionchar aici air chomh maith céanna. É sin ráite, is iad caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo, le cois í a thabhairt mar oidhreacht don gcéad ghlúin eile, an bunchuspóir atá ag Údarás na Gaeltachta. Is féidir obair na heagraíochta a chuimsiú faoi thrí philéir: fiontraíocht agus fostaíocht, forbairt pobail agus pleanáil teanga. Mar atá curtha i láthair ag an gCathaoirleach, tá an triúr stiúrthóir, Rónán, Dearbháil agus Ruairí, i láthair. Déanfaidh mé cur síos gonta ar an gclár oibre reatha faoi na stiúrthóireachtaí sin.

Maidir le forbairt réigiúnach, forbairt pobail agus pleanáil teanga, tá 28 plean teanga in áit, le 33 oifigeach pleanála teanga fostaithe. Is cabhair é an ráiteas a bhí déanta ag an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, nuair a bhí cúram na Gaeilge is na Gaeltachta faoi, go mbeidh na pleananna sin ag leanúint ar aghaidh ar feadh seacht mbliana eile. Is léir don údarás ó aiseolas an phobail go bhfuil ag éirí leis na pleananna sin. Tá anailísí polasaí teanga fostaithe ag an údarás a bheidh ag tosú an mhí seo chugainn chun cur le táscairí feidhmíochta na hoibre sin.

Trasna na nGaeltachtaí ar fad, bhí 2,214 páiste ag freastal ar 135 seirbhís luathbhlianta ag deireadh 2024. Bhí 104 duine fostaithe faoi scéim na gcúntóirí teanga agus bhí 36 club óige faoi chúram Mhuintearas, fo-chomhlacht de chuid an údaráis. Tá 88 teagascóir fostaithe ag fo-chomhlacht eile, Ealaíon na Gaeltachta, atá ag tacú le díreach faoi bhun 5,000 duine óg atá ag foghlaim ceol dúchasach trí Ghaeilge.

Tá tionchar ollmhór ag an 33 eagraíocht forbartha pobail atá á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta ar shaol laethúil mhuintir na Gaeltachta. Trí sheirbhísí a chur ar fáil agus deiseanna nuálaíochta agus glasa a thapú, agus le cabhair ón 287 duine atá fostaithe sna heagrais sin, is eiseamláir náisiúnta iad i leith na forbartha pobail agus úsáid na Gaeilge. Lena chois sin, tá díreach faoi bhun 1,000 duine ar scéimeanna fostaíochta pobail. Tá rian a gcuid oibre le feiceáil ar bhonn laethúil fud fad na nGaeltachtaí.

I gcomhthéacs na fiontraíochta, fostaíochta agus inbhuanaitheachta, bhí díreach faoi bhun 10,000 duine – 9,743 - fostaithe i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2024. Chruthaigh na comhlachtaí sin 217 post sa bhreis anuraidh. Baineadh amach díolacháin iomlán ar luach breis is €1 billiún é sa bhliain 2024, an figiúr is airde riamh i stair Údarás na Gaeltachta. Rinne na comhlachtaí sin easpórtáil de luach €658 milliún agus íocadh párolla de luach €222 milliún le fostaithe na gcomhlachtaí sin ina iomláine. Is toradh suntasach é seo ar infheistíocht an cháiníocóra.

Tá borradh ar leith faoi fhiontraíocht na mban. Tá 41 rannpháirtí ar an gclár CUMASÚ faoi láthair agus bhí 150 rannpháirtí ina iomláine go dtí seo. Tá céim 1, TÚS, agus céim 2, FÁS, ar fáil anois ó Dhún na nGall go Port Láirge.

Tá 465 duine ag obair sna 29 Gteic, nó mol digiteach, atá forbartha fud fad na Gaeltachta. Osclófar Gteiceanna i mBaile na Finne agus in Oileán Thóraigh i gContae Dhún na nGall, chomh maith le ceann i mBaile an Sceilg, i mbliana. Osclófar Gteic eile i gCampas Íosagáin in 2026. Tá ról fógartha mar cheannasaí an ghréasáin agus beidh cúram forbartha an ghréasáin ar an duine sin. Tá imeachtaí agus deiseanna oiliúna ag tarlú sna Gteiceanna ar bhonn leanúnach, agus tagann ardú ar líon na n-úsáideoirí i rith an tsamhraidh a thugann deis do dhaoine tréimhse níos faide a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Maidir le seirbhísí corparáideacha agus maoin, tá 500 áitreabh tráchtála chomh maith le díreach faoi bhun 1,000 ha talún faoi chúram an údaráis. Imríonn an punann mhaoine sin ról suntasach i bhforbairt agus buanú obair an údaráis. Tá tograí suntasacha idir lámha faoi láthair chomh maith, lena n-airítear Campas Íosagáin; Ionad Oideachais agus Óige, Indreabhán; Ionad Mhaigh Cuilinn; uasghrádú ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair; agus togra don gcliantchomhlacht, Kelsius, ar An bhFál Carrach. Tá an obair sin agus obair eile leanúnach ar bun in iarracht cur le hinbhuanaitheacht an phunainn trí chéile. Tá tograí suntasacha ar bun in Árainn agus ar Oileán Cléire i gcomhpháirt le Fáilte Ireland, mar aon le togra turasóireachta chomhmhaoinithe le Roinn na Gaeltachta in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.

Tá uasghrádú déanta ar chórais inmheánacha an údaráis. Tá córas nua airgeadais in áit le bliain anuas agus tá feabhas tagtha ar na próisis a bhaineann le híocaíochtaí, deontais agus bainistiú léasanna mar thoradh air sin. Tá obair mhór déanta ar chíbearshlándáil agus tá córais uasdátaithe theicneolaíocht na faisnéise in áit. Tá obair mhór á déanamh ar sheirbhís do chliaint an údaráis in iarracht freastal pras cuimsitheach a dhéanamh ar an bpobal.

Is tráthúil an deis é seo an clár oibre a chur os comhair an choiste. Tá an straitéis reatha ag teacht chun deiridh i mbliana agus tá tús curtha leis an obair ar straitéis nua a ullmhú don gcúig bliana amach romhainn. Sa chomhthéacs sin, roinnfidh mé cuid de na deiseanna agus na dúshláin atá ábhartha don phlé sin agus obair an údaráis as seo go 2030. Tá cur síos déanta ar an obair atá ar bun i leith na pleanála teanga. Is fiú go mór an deis agus an dúshlán a bhaineann le forbairt na hintleachta saorga don teanga. Tá ré na hintleachta saorga linn, rud a fhágfaidh go mbeidh sí fréamhaithe i mórán chuile ghné den saol oibre sna blianta beaga atá amach romhainn. Tá uirlisí uile na teicneolaíochta sin á bhforbairt agus faoi thionchar oiliúna an Bhéarla i láthair na huaire. Tá deis stairiúil anois ann bunchloch láidir a leagan síos don Ghaeilge sa ré sin do phobal na Gaeilge, na Gaeltachta agus, thar aon dream eile, d’aos óg na Gaeltachta agus na glúine atá le teacht. Gan an obair seo, tá baol suntasach ann nach mbeidh an Ghaeilge ábhartha mar theanga in earnálacha oibre éagsúla amach anseo. Tá obair ar bun ag Údarás na Gaeltachta le hos cionn bliana anuas ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ollmhóra seo. Cuireadh dréachtcháipéis ar obair an údaráis os comhair bhord an údaráis ar an Aoine seo caite. Tá áthas orm an cháipéis sin a roinnt le comhaltaí an chomhchoiste inniu, má tá suim acu inti, le cur síos a dhéanamh ar an obair atá ar bun agus ionchur agus aiseolais na gcomhaltaí a fháil i leith na forbartha suntasaí seo.

Tá trí mhórghníomh i gceist. Is é an chéad ghníomh ná an t-ábhar nó corpas poiblí a chruthú i nGaeilge chun innill intleachta saorga a thraenáil. Ciallaíonn sé sin go mbeidh tacar sonraí ar fáil d'aon fhorbróir teicneolaíochta ionas go mbeidh rogha Gaeilge ar fáil ar gach uirlis. Is é an dara gníomh ná go mbeidh áiseanna digiteacha ann don earnáil phoiblí. Tá an t-údarás ag obair le Roinn na Gaeltachta agus an Roinn caiteachais phoiblí chun uirlisí Gaeilge a fhorbairt i dtreo seirbhísí poiblí dátheangacha agus deiseanna fiontraíochta agus fostaíochta a thapú dá réir.

Is é an tríú mórghníomh ná feasacht ar chás na Gaeilge a mhéadú i measc na n-ollchomhlachtaí intleachta saorga mar chéad chéim agus mar chuid do chomhghuaillíocht do theangacha na hEorpa tacú le LLM Eorpach a fhorbairt amach anseo.

Maidir le fuinneamh glas, infreastruchtúr, pleanáil agus teacht aniar aeráide, ag 9 a.m. ar an 24 Eanáir na bliana seo, chruthaigh Stoirm Éowyn tonn os cionn 20 m ar airde, arb ionann é sin agus fad cúirt leadóige nach mór. Rinne an stoirm damáiste forleathan ach rinne sí damáiste a d’fhéadfadh a bheith marfach i gConamara. Fágadh na mílte gan chumhacht, gan uisce agus gan aon mhodh cumarsáide. Ar an taobh eile, is léiriú é cumhacht na farraige agus cumhacht na stoirme ar na hacmhainní nádúrtha fuinnimh atá ar leac an dorais ag ceantair Ghaeltachta. Ní mór, mar thús, buntáiste na n-acmhainní nádúrtha a chur i dtreo an phobail mar fhuinneamh pobail nó le hé a úsáid ar mhaithe le fostaíocht agus fiontraíocht a mhealladh chuig ceantair imeallacha. Ní mór an deis a thapú ceantair Gaeltachta a bheith mar limistéir nuálaíochta ina bhfuil buntáiste an fhuinnimh ag cruthú ioncaim d'fhorbairt pobail, rud a chuirfeadh fáilte abhaile rompu siúd atá ar imirce agus iad siúd a bhfuil fonn orthu bogadh chun na Gaeltachta, a gcruthódh deiseanna dóibh agus a chuirfeadh oiliúint ar aos óg na Gaeltachta ar na hacmhainní nádúrtha agus na deiseanna atá ann mar oidhreacht dóibh.

Tá tacaíocht an phobail ríthábhachtach d'Údarás na Gaeltachta. In ainneoin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus forbairt ag tarlú, tá dúshlán de shíor ann cead pleanála a fháil. Tá tograí suntasacha i ngreim ag an dúshlán pleanála, mar shampla, Páirc na Mara i gCill Chiaráin. In ainneoin go bhfuil fostaíocht cruthaithe agus forbairt ag tarlú ar an gCrompán i gCarna, tá €1.2 milliún caite go dáta ag iarraidh an togra uaillmhianach sin a thabhairt go ceann scríbe. Cuireann an easpa cinnteachta faoin bpleanáil, agus an costas a bhaineann léi, go mór leis an dúshlán maoinithe don togra ina iomláine, agus tá obair ar bun ar chás gnó agus gealltanas tacaíochta á lorg ó chomhlachtaí príobháideacha mar chéad chéim in iarracht infheistíochta an Stáit a mhealladh sna sála air sin chun an fhorbairt a dhéanamh. Anuas air sin, cuireadh i gcoinne na forbartha ag calafort Ros an Mhíl agus an limistéir nuálaíochta Smart Bay i gCuan na Gaillimhe, dhá thogra a chuirfeadh go mór le deiseanna forbartha mara sa réigiún. Diúltaíodh cead pleanála d'fhorbairt uaillmhianach i mBaile an Fheirtéirigh i gContae Chiarraí. Ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair, tá cead pleanála in áit do pháirc fótavoltach pobail ach tá gá le huasghrádú ar an ghréasán leictreachais chun an pháirc sin a thógáil. Léiríonn na cásanna seo an ghéarghá le cur chuige comhtháite ó thaobh na pleanála agus an dúshlán géar atá ann do thograí forbartha ceal infreastruchtúr cuí, bunchloch atá in easnamh go mór i gceantair Ghaeltachta.

Maidir le ceist na tithíochta, cheadaigh bord Údarás na Gaeltachta €250,000 in airgead caipitil ag cruinniú mhí na Nollag 2023 chun plean tithíochta a fhorbairt i gcomhpháirt le geallshealbhóirí leasmhara. Tá ceist na tithíochta mar ábhar seasta ar chlár oibre bhord Údarás na Gaeltachta ó shin. Tá sé aontaithe ag an mbord go mbeidh aon bheartas ag tacú leis an Ghaeilge agus ag tógáil ar scéimeanna reatha an Rialtais. Tá an obair ó shin bunaithe ar thaighde a choimisiúnaigh an t-údarás ón eacnamaí an Dr. Séin Ó Muineacháin, atá tofa mar Theachta Dála ó shin agus atá anois mar bhall de comhchoiste na Gaeilge. Léiríonn an taighde sin go bhfuil daonra na Gaeltachta ag dul in aois, go bhfuil líon na ndaoine faoi 18 ag titim agus líon na ndaoine os cionn 55 bliain d’aois ag fás. Tá an céatadán de thithe folmha sa Ghaeltacht, ag 11%, níos airde ná an meán náisiúnta, ag 8%, agus tá líon na dtithe saoire chúig uaire níos airde sa Ghaeltacht ná an meán náisiúnta.

Tá roinnt céimeanna tógtha ag Údarás na Gaeltachta ó shin, ag tógáil ar an taighde sin. Tá plé leanúnach ar bun le hos cionn bliain anuas le comhairlí áitiúla ina bhfuil ceantar Gaeltachta ann faoi shuíomhanna ar thalamh an údaráis. Rinne an t-údarás scrúdú ar phunann do nach mór 1,000 ha in iarracht teacht ar shuíomhanna a aimsiú do thithíocht inacmhainne do dhaoine le Gaeilge. Rinneadh an obair sin i gcomhar le rannóg mhaoine an údaráis agus comhairleoirí seachtracha tithíochta.

Tá coiste na n-údarás áitiúil Gaeilge agus Gaeltachta, faoi chathaoirleacht phríomhfheidhmeannach Chontae na Mí, Kieran Kehoe, ar bun ina mbíonn tithíocht ar an gclár oibre. Tá sé ag iarraidh cur chuige na n-údarás a chaighdeánú i leith na Gaeilge agus forbairt sa Ghaeltacht. Bhuail an tAire, an Teachta Dara Calleary, leis an gcoiste sin an tseachtain seo caite agus leis na príomhfheidhmeannaigh sna contaetha éagsúla.

Tá ról fógartha ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, maoinithe ag Údarás na Gaeltachta ar feadh trí bliana, ina mbeidh comhordaitheoir ag plé le scéim na dtithe tréigthe thar ceann na gceantar Gaeltachta sna contaetha ar fad. Tá an ról sin aontaithe leis an Roinn tithíochta, agus beidh an duine sin ag freastal ar mhuintir na Gaeltachta i nGaeilge in iarracht cur le líon na n-iarratas faoi scéim reatha an Rialtais.

Tá an t-údarás ag obair le pobail fud fad na Gaeltachta atá ag iarraidh cur le líon na dtithe ina gceantar. Tá an t-údarás ag tacú le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne chun tithe a thógáil i gCiarraí thiar, agus tá leasú déanta ar ghnáthchoinníollacha scéim deontas caipitil an údaráis d'eagrais forbartha pobail le tacú go sonrach leis an réimse gníomhaíochta seo.

Tá deiseanna fiontraíochta, taighde, nuálaíochta agus forbartha á thapú ag Údarás na Gaeltachta. Tá an t-údarás i ndiaidh tacú le ceithre chomhlacht déantúsaíochta san earnáil tithíochta, ag tacú le fostaíocht do 33 duine i gContae Dhún na nGall, i gContae na Gaillimhe agus i gContae na Mí le roinnt blianta anuas. Tá plé leanúnach ar bun le comhlachtaí déantúsaíochta eile agus deiseanna eile ó thaobh taighde de.

Cuireann an t-údarás fáilte roimh ráiteas an Aire, an Teachta Calleary, go bhfuil sé ag scrúdú ceist na tithíochta sa Ghaeltacht. Tá an t-údarás ag obair as lámh a chéile le Roinn na Gaeltachta ar an gceist seo ó bhí deireadh 2023 ann, agus is léir ag an bpointe seo go bhfuil gá le cur chuige comhtháite ó na húdaráis áitiúla agus na Ranna Stáit chun dul i ngleic leis an dúshlán ollmhór seo. Beidh an t-údarás réidh chun tacú leis an obair sin agus ról a ghlacadh i gcur chuige an Aire agus na Roinne nuair a iarrfar orainn é sin a dhéanamh.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste arís as an gcuireadh seo a fháil. Tá éacht déanta ag Údarás na Gaeltachta le hos cionn dhá scór bliain anuas tacú le forbairt eacnamaíoch, pobail agus teanga i gceantair a bhíodh faoi mhíbhuntáiste. Ní hamhlaidh an scéal a thuilleadh agus, cé go bhfuil dúshláin amach romhainn, is féidir na dúshláin sin a shárú le huaillmhian agus pleanáil agus leis an tacaíocht chuí ó Chomhaltaí Oireachtais, ó Roinn na Gaeltachta agus ó na geallshealbhóirí eile. Táimid ar thairseach athruithe suntasacha teicneolaíochta agus fuinnimh, athruithe teangalárnaithe a chuirfeadh le cumas na bpobal Gaeltachta teacht aniar a fhorbairt agus a bhuanú. Gabhaim buíochas leis na comhaltaí. Ar an tráth seo, cuirim fáilte roimh aon cheisteanna a chuirfidh an Cathaoirleach nó a comhghleacaithe orm ná ar na stiúrthóirí atá anseo le mo thaobh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.