Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 18 June 2025
Joint Oireachtas Committee on Arts, Media, Communications, Culture and Sport
General Scheme of the Broadcasting (Amendment) Bill: Discussion (Resumed)
2:00 am
Ms Deirdre Ní Choistín:
Sin é go díreach. Ó thaobh na comhpháirtíochta atá ag TG4 le peil na mban ó 2001, tá peil na mban anois lárnach i saol spóirt na hÉireann cé gur spórt mionlaigh a bhí ann go dtí sin. Tugaimid tacaíocht freisin do liathróid láimhe, cispheil na mban, sacar na mban agus rugbaí na mban. Cuirimid na mná go láidir chun cinn ó thaobh cúrsaí spóirt de. Tugaimid clúdach do chluichí club agus spóirt nach mbeadh spéis ag craoltóirí eile iontu. Tagann sé le straitéis TG4 ó thaobh gach áit, is é sin, freastal ar an lucht féachana ar na hardáin ar fad. Tá an-rath ar chainéal spóirt TG4 ar YouTube go háirithe ó thaobh cur le clúdach spóirt TG4.