Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 18 June 2025

Joint Oireachtas Committee on Arts, Media, Communications, Culture and Sport

General Scheme of the Broadcasting (Amendment) Bill: Discussion (Resumed)

2:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas le Deirdre Ní Choistín. Bhí mé ag caint léi ag ócáid dhíreach sular fhuair sí an t-ardú céime. Leanfaidh mé ar aghaidh ón gceist dheireanach. Bhí mé ag féachaint ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Bhí mé in ann féachaint ar m'iníon ag imirt. Fuair sí buille sa chloigeann so bhí uirthi imeacht ón bpáirc go luath. Déanaim comhghairdeas le TG4 as an obair ar fad atá á dhéanamh aige ó thaobh spórt nach raibh RTÉ nó aon dream eile sásta díriú isteach orthu. Is rud tábhachtach an sampla atá TG4 tar éis a thabhairt dúinn ar fad thar na blianta gur féidir díriú isteach ar spóirt mhionlaigh. Is é sin an teideal a bhíodh orthu ach tá súil agam nach spóirt mhionlaigh iad roinnt acu a thuilleadh toisc gur féidir le daoine teacht orthu anois.