Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 June 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Toghchán Leas-Chathaoirligh

2:00 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rachaimid ar aghaidh anois le toghchán Leas-Chathaoirligh an choiste. Mar a chomhaontaíodh ag ár gcruinniú ar an 27 Bealtaine 2025, dúramar go dtoghfaimis Leas-Chathaoirleach ar an gcoiste. Tá dhá ainmniúchán faighte agam. Fuarthas ainmniúchán i dtaobh an Teachta Aengus Uí Shnodaigh ar an 28 Bealtaine 2025 agus ansin fuarthas ainmniúchán i dtaobh an Teachta Naoise Uí Chearúil ar 29 Bealtaine 2025.

An bhfuil aon ainmniúchán eile ar mhaith le haon comhalta eile a dhéanamh anois? Níl. Go raibh maith agaibh. Anois déanaimid ár mbreathnú ar na hainmniúcháin san ord a fuarthas iad.

Cuireadh an cheist: "Go dtoghtar an Teachta Naoise Ó Cearúil mar Leas-Chathaoirleach ar an gcomhchoiste."

Question put: : "That Naoise Ó Cearúil be elected as Leas-Chathaoirleach of the joint committee."

The Committee divided: Tá, 7; Níl, 5.



Question declared carried.

Faisnéiseadh go rabhthas tar éis glacadh leis an gceist.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom comhghairdeas a chur in iúl don Teachta Naoise Ó Cearúil – in ainneoin mo vóta. Beimid ag obair as lámh a chéile agus é mar Leas-Chathaoirleach ar an gcoiste.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, in ainneoin an vóta. Oibreoidh mé leat agus leis an gcoiste as seo amach. Táim ag súil le hobair an choiste seo. Bhí an oiread sin déanta ag Aengus Ó Snodaigh mar Chathaoirleach sa choiste deireanach agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dó sin. Táim ag súil le bheith ag obair le hAengus agus leis an gcoiste san iomlán as seo amach. Tá an-obair le déanamh againn ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta thart timpeall na tíre. Tá á lán bainte amach againn ach tá níos mó le déanamh agus tá mé ag súil le hobair an choiste seo. Guím gach rath ar an gCathaoirleach ina ról as seo amach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat, a Theachta. An bhfuil éinne eile ag iarraidh labhairt?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanaim comhghairdeas le Naoise, in ainneoin mo vóta. Sin mar a bhíonn. Tá aithne agam ar Naoise le tamall anois agus tá a fhios agam gur díograiseoir é agus go bhfuil an Ghaeilge chun cinn aige. Is é sin an jab atá againn ná cinnte a dhéanamh de go bhfuil an Ghaeilge chun cinn agus gur féidir linn an méid tacaíochta is féidir a thabhairt do na heagrais Ghaeilge, chun an Ghaeilge a shlánú agus a chur chun cinn i ngach uile bhealach. Déanfaidh an coiste seo obair iontach má oibrímid le chéile agus measaim go bhfuil an toil sin inár measc.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agaibh. Níl deis againn aon ghnó eile a dhéanamh, mar sin má tá aon ghnó eile, fanfaimid go dtí an chéad chruinniú eile. Ag an bpointe seo, molaim go gcuirfimid an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad ionas gur féidir lenár bhfinnéithe a gcuid suíocháin a ghlacadh agus go leanfaimid ar aghaidh ansin.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 12.23 p.m. agus cuireadh tús arís leis ar 12.26 p.m.