Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

2:00 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá fáilte romhaibh go léir. Is iontach an tinreamh atá againn anseo. Tá súil agam go leanfaimid ar aghaidh mar sin. Ní bheidh an cruinniú seo rófhada inniu. Beidh sé gearr go leor. Mar sin tosóimid.

Faoi Bhuan-Ordú 118(4), is é ceathrar an córam i leith an chomhchoiste. Chomh maith leis sin, tá gá go mbeadh Comhalta amháin de Dháil Éireann agus Comhalta amháin de Sheanad Éireann i láthair. Sin beirt atá ag teastáil - duine ón Dáil agus duine ón Seanad. Feicim go bhfuil an líon sin de Chomhaltaí i láthair agus mar sin gur féidir linn an cruinniú seo a thosú. Dá réir, glaoim an cruinniú chun oird. Tá sé seo beagáinín foirmiúil; mar sin, iarraim oraibh fanacht liom más é bhur dtoil é. Mar a dúirt mé, táimid i seisiún poiblí ach rachaimid isteach i seisiún príobháideach níos déanaí. Tá leithscéal amháin faighte againn ón Teachta Naoise Ó Cearúil.

Is mian liom fáilte a fhearadh romhaibh chuig Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sa 34ú Dáil agus sa 27ú Seanad. Tá mé ag súil go mór a bheith ag obair libh sna blianta amach romhainn agus tá súil agam go mbeidh blianta i gceist. Táim an-bhuíoch as an deis seo a fháil a bheith i mo Chathaoirleach ar an gcomhchoiste don dara huair. Mar thús ar mo chuid oibre, agus de réir na mBuan-Orduithe, is mian liom an dearbhú seo a leanas a dhéanamh:

Dearbhaím go sollúnta go ndéanfaidh mé, go cuí agus go dílis agus a mhéid is eol agus is cumas dom, oifig Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a fheidhmiú gan scáth gan fabhar, na rialacha mar atá siad leagtha síos ag na Tithe seo a chur i bhfeidhm go cothrom, neamhchlaonta, ord a choimeád agus cearta agus pribhléidí na gcomhaltaí a chaomhnú de réir an Bhunreachta agus na mBuan-Orduithe Dáil Éireann agus Seanad Éireann.

É sin déanta agus sula leanfaimid ar aghaidh, tá orm roinnt sonraí a roinnt leis na mball maidir le himeachtaí an chruinnithe seo. Is mian liom na riachtanais bhunreachtúla seo a leanas a mheabhrú do chomhaltaí. Agus páirt á glacadh againn i gcruinnithe poiblí, caithfimid a bheith i láthair go fisiciúil laistigh de teorannacha suímh Theach Laighean. Agus muid ag freastal ar chruinnithe ó chian, caithfimid - é sin a dhéanamh laistigh de phurláin Theach Laighean. Is é an chúis leis seo ná gur riachtanas bunreachtúil é go gcaithfidh comhaltaí a bheith i láthair go fisiciúil laistigh de shuíomh na háite atá roghnaithe ag an bParlaimint i leith a suíonna agus páirt á glacadh acu i gcruinnithe poiblí. Maidir leis seo, iarraim oraibh a dheimhniú go bhfuil sibh i láthair laistigh de phurláin Theach Laighean sula ndéanann sibh aon ionchur sa chruinniú ar MS Teams.

Iarrtar ar chomhaltaí cleachtadh parlaiminte a urramú, nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidís leis an ordú sin láithreach.

Mar is eol daoibh, is féidir leis an gcomhchoiste Leas-Chathaoirleach a thoghadh más mian libh é sin a dhéanamh. Ceapaim féin go bhfuil sé tábhachtach. Is féidir leis an Leas-Chathaoirleach údarás an Chathaoirligh a chur i bhfeidhm nuair nach bhfuil an Cathaoirleach i láthair. Mar sin, molaim go dtoghfaimid Leas-Chathaoirleach. An bhfuil na baill aontaithe faoi sin, go mbeadh Leas-Chathaoirleach ann? Tá. Iontach. Molaim nach n-iarrfainn aon ainmniúcháin i gcás phost an Leas-Chathaoirligh ag an gcruinniú seo inniu. In ionad sin, iarraim ar na baill dul i gcomhairle lena chéile agus, ina dhiaidh sin, go seolfaidís aon ainmniúchán atá acu ar aghaidh chuig an gcléireach roimh an gcéad chruinniú eile. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Tá súil agam go mbeidh sé sin ar siúl i gceann coicíse ar an 10 Meitheamh 2025 agus molaim go dtoghfaimid ár Leas-Chathaoirleach ag an gcruinniú sin. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Roimh dhul isteach i seisiún príobháideach, cuirim mo bhuíochas in iúl don iarChathaoirleach, an Teachta Aengus Ó Snodaigh. Rinne tú sár-jab. Cheap mé go mbeifeá sa Chathaoir arís agus bhí mé ag tnúth agus ag súil leis sin ach sin é an saol. Rinne tú sár-jab in éineacht le baill eile an choiste. Ní raibh sé éasca. Thug tú ceannaireacht dúinn a bhí ag teastáil go géar ach, níos mó ná sin, chuir tú béim ar na rudaí cearta agus chuir tú brú ar ionadaithe ó na heagraíochtaí agus na heintitis phoiblí teacht os ár gcomhair. Ní mór dom a rá go raibh sé suimiúil. B’fhéidir gur leor é sin. Ar mhaith leat aon rud a rá?