Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 27 May 2025

Joint Oireachtas Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish-Speaking Community

Gnó an Chomhchoiste

2:00 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tá fáilte romhaibh go léir. Is iontach an tinreamh atá againn anseo. Tá súil agam go leanfaimid ar aghaidh mar sin. Ní bheidh an cruinniú seo rófhada inniu. Beidh sé gearr go leor. Mar sin tosóimid.

Faoi Bhuan-Ordú 118(4), is é ceathrar an córam i leith an chomhchoiste. Chomh maith leis sin, tá gá go mbeadh Comhalta amháin de Dháil Éireann agus Comhalta amháin de Sheanad Éireann i láthair. Sin beirt atá ag teastáil - duine ón Dáil agus duine ón Seanad. Feicim go bhfuil an líon sin de Chomhaltaí i láthair agus mar sin gur féidir linn an cruinniú seo a thosú. Dá réir, glaoim an cruinniú chun oird. Tá sé seo beagáinín foirmiúil; mar sin, iarraim oraibh fanacht liom más é bhur dtoil é. Mar a dúirt mé, táimid i seisiún poiblí ach rachaimid isteach i seisiún príobháideach níos déanaí. Tá leithscéal amháin faighte againn ón Teachta Naoise Ó Cearúil.

Is mian liom fáilte a fhearadh romhaibh chuig Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge sa 34ú Dáil agus sa 27ú Seanad. Tá mé ag súil go mór a bheith ag obair libh sna blianta amach romhainn agus tá súil agam go mbeidh blianta i gceist. Táim an-bhuíoch as an deis seo a fháil a bheith i mo Chathaoirleach ar an gcomhchoiste don dara huair. Mar thús ar mo chuid oibre, agus de réir na mBuan-Orduithe, is mian liom an dearbhú seo a leanas a dhéanamh:

Dearbhaím go sollúnta go ndéanfaidh mé, go cuí agus go dílis agus a mhéid is eol agus is cumas dom, oifig Chathaoirleach ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a fheidhmiú gan scáth gan fabhar, na rialacha mar atá siad leagtha síos ag na Tithe seo a chur i bhfeidhm go cothrom, neamhchlaonta, ord a choimeád agus cearta agus pribhléidí na gcomhaltaí a chaomhnú de réir an Bhunreachta agus na mBuan-Orduithe Dáil Éireann agus Seanad Éireann.

É sin déanta agus sula leanfaimid ar aghaidh, tá orm roinnt sonraí a roinnt leis na mball maidir le himeachtaí an chruinnithe seo. Is mian liom na riachtanais bhunreachtúla seo a leanas a mheabhrú do chomhaltaí. Agus páirt á glacadh againn i gcruinnithe poiblí, caithfimid a bheith i láthair go fisiciúil laistigh de teorannacha suímh Theach Laighean. Agus muid ag freastal ar chruinnithe ó chian, caithfimid - é sin a dhéanamh laistigh de phurláin Theach Laighean. Is é an chúis leis seo ná gur riachtanas bunreachtúil é go gcaithfidh comhaltaí a bheith i láthair go fisiciúil laistigh de shuíomh na háite atá roghnaithe ag an bParlaimint i leith a suíonna agus páirt á glacadh acu i gcruinnithe poiblí. Maidir leis seo, iarraim oraibh a dheimhniú go bhfuil sibh i láthair laistigh de phurláin Theach Laighean sula ndéanann sibh aon ionchur sa chruinniú ar MS Teams.

Iarrtar ar chomhaltaí cleachtadh parlaiminte a urramú, nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidís leis an ordú sin láithreach.

Mar is eol daoibh, is féidir leis an gcomhchoiste Leas-Chathaoirleach a thoghadh más mian libh é sin a dhéanamh. Ceapaim féin go bhfuil sé tábhachtach. Is féidir leis an Leas-Chathaoirleach údarás an Chathaoirligh a chur i bhfeidhm nuair nach bhfuil an Cathaoirleach i láthair. Mar sin, molaim go dtoghfaimid Leas-Chathaoirleach. An bhfuil na baill aontaithe faoi sin, go mbeadh Leas-Chathaoirleach ann? Tá. Iontach. Molaim nach n-iarrfainn aon ainmniúcháin i gcás phost an Leas-Chathaoirligh ag an gcruinniú seo inniu. In ionad sin, iarraim ar na baill dul i gcomhairle lena chéile agus, ina dhiaidh sin, go seolfaidís aon ainmniúchán atá acu ar aghaidh chuig an gcléireach roimh an gcéad chruinniú eile. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Tá súil agam go mbeidh sé sin ar siúl i gceann coicíse ar an 10 Meitheamh 2025 agus molaim go dtoghfaimid ár Leas-Chathaoirleach ag an gcruinniú sin. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.

Roimh dhul isteach i seisiún príobháideach, cuirim mo bhuíochas in iúl don iarChathaoirleach, an Teachta Aengus Ó Snodaigh. Rinne tú sár-jab. Cheap mé go mbeifeá sa Chathaoir arís agus bhí mé ag tnúth agus ag súil leis sin ach sin é an saol. Rinne tú sár-jab in éineacht le baill eile an choiste. Ní raibh sé éasca. Thug tú ceannaireacht dúinn a bhí ag teastáil go géar ach, níos mó ná sin, chuir tú béim ar na rudaí cearta agus chuir tú brú ar ionadaithe ó na heagraíochtaí agus na heintitis phoiblí teacht os ár gcomhair. Ní mór dom a rá go raibh sé suimiúil. B’fhéidir gur leor é sin. Ar mhaith leat aon rud a rá?

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Níl an buíochas ag dul domsa. Bhí coiste maith againn an uair dheireanach agus tá súil agam go mbeidh an sórt fuinnimh chéanna agus an cur chuige céanna ag baill an choiste seo. Ag féachaint timpeall orm ar na daoine atá anseo, tá a lán díograiseoirí ó thaobh na Gaeilge de inár measc. Measaim go mbeidh seisiún maith againn mar choiste, an Cathaoirleach féin san áireamh. Chuir tú a lán oibre agus fuinneamh isteach sa chruinniú agus tú ag cuidiú linn nuair a bhí na tuairiscí ar fad á bhfoilsiú againn anuraidh. Is é sin ceann de na rudaí a bhaineamar amach.

Rinneamar go leor tuairiscí. Níl a fhios agam cad iad na torthaí a tháinig astu sin. B’fhéidir gur féidir linn breathnú air sin ag am éigin féachaint an fiú dul ar ais chuig na ceisteanna móra sin a d’ardaigh muid le linn na mblianta deiridh. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an bhfoireann ach go háirithe. Bhí foireann mhaith againn a chuidigh linn agus a bhí in ann obair as a stuaim féin. Bhídís ag fanacht orainne teacht suas leo uaireanta. Tá mé bródúil as an tréimhse a bhí agam mar Chathaoirleach ach tá mé bródúil gur tharraing gach duine le chéile sa tréimhse sin.

Photo of Barry WardBarry Ward (Dún Laoghaire, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba phléisiúr dom a bheith mar bhall don choiste seo ó 2020 go dtí anuraidh faoi stiúir an iarChathaoirligh, an Teachta Aengus Ó Snodaigh. Aontaím leis an Teachta ar an ábhar sin agus maidir leis an méid oibre a dhein sé sa choiste. Gabhaim buíochas leis. Déanaim comhghairdeas freisin leis an gCathaoirleach ar a post nua. Guím gach ádh uirthi sa jab atá roimpi. Beidh sé deacair, go háirithe anois le 28 coiste. Beidh brú ar gach éinne an obair sin a dhéanamh agus a bheith ann agus páirteach san obair sin. Tá mé cinnte go mbeimid ag obair le chéile chun an obair sin a dhéanamh.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ar dtús, cuirim mo chomhghairdeas a chur in iúl don Chathaoirleach as a ceapachán. Ní ball don choiste áirithe seo mé ach tá mé ag súil go mór le bheith i dteannta na mball chomh minic agus is féidir agus páirt a ghlacadh ann. Teastaíonn uaim chomh maith mo bhuíochas a chur in iúl don iarChathaoirleach, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, as an méid a dhein sé sa Dáil dheireanach ar an gcoiste seo. Agus mé mar chomhairleoir, bhí sé an-úsáideach bheith ag féachaint ar na díospóireachtaí agus an chaint sa choiste agus na pleananna forbartha á gcur le chéile againn. Sa mhéid is go bhfuil Bille Údaráis na Gaeltachta ag dul tríd na Dála faoi láthair, bhí sé an-úsáideach a bheith in ann braith ar an méid a rinne na baill go léir sa choiste i dtaobh na moltaí agus na leasuithe ag bhí á gcur chun cinn, go háirithe ón bhFreasúra. Is mian liom é sin a chur in iúl.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a bheith anseo. Tá a fhios agam nach bhfuil sé ina bhall den choiste ach tá an-suim aige agus is dócha go mbeidh sé anseo i gcónaí.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context

Guím gach rath ar an gCathaoirleach agus déanaim comhghairdeas léi ar a post. Tá an t-ádh uirthi go bhfuil foireann mhaith aici taobh thiar di freisin. Rinne Aengus Ó Snodaigh jab iontach sa choiste an uair dheireanach. Tá go leor deiseanna chun rudaí praiticiúla a dhéanamh ar son na Gaeilge agus ar son na Gaeltachtaí freisin sa choiste seo. Le cúnamh Dé, beimid in ann tionchar a bheith againn ar pholasaí an Stáit.

Mar gheall ar am an choiste seo, an bhfuil sé sin diongbháilte anois? An bogtar am an choiste nó an bhfuil an cinneadh sin fós le déanamh againn?

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tiocfaimid ar ais chuig an gceist seo sa seisiún príobháideach. Bhí sé deacair. Bhí na hamanna go léir imithe mar is é seo an t-aon am a bhí ar fáil i ndáiríre, seachas déanach sa tráthnóna.

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Aontú)
Link to this: Individually | In context

Tá a fhios agam.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Tiocfaimid ar ais go dtí an pointe seo.

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Déanaim comhghairdeas leis an gCathaoirleach as ucht an post a fháil. Mar iar-bhall den chomhchoiste seo freisin, gabhaim buíochas le hAengus Ó Snodaigh as an sár-jab a rinne sé ar feadh tréimhse ceithre nó cúig bliana. Rinne muid a lán oibre agus d’fhoilsigh muid a lán tuairiscí le linn an ama sin. Tá mé ag súil go mór leis an tréimhse atá le teacht. Tá a lán Teachtaí Dála agus Seanadóirí nua ar an gcoiste seo; mar sin, tá súil agam go mbeidh slua chomh mór is atá againn inniu ag chuile chruinniú as seo amach.

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ar dtús, guím gach rath ar an Teachta Connolly agus déanaim chomhghairdeachas léi as ucht a bheith tofa mar Chathaoirleach ar an gcoiste seo. Más seo é mo chéad uair mar Theachta, ní hé seo an chéad uair go raibh mé féin agus í féin ar choiste lena chéile. Guím gach rath uirthi agus go n-éirí léi sa ról. Tá go leor rudaí tábhachtacha ó thaobh na Gaeltachta agus ó thaobh na Gaeilge a bhfuil orainn breathnú orthu agus plé a dhéanamh orthu. Tá mé ag tnúth go mór le mo ról pearsanta agus le bheith ag obair leis na baill eile ar an gcoiste chomh maith. Fágfaidh mé mar sin é. Gabhaim buíochas libh ar fad.

Joe Conway (Independent)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom gabháil leis na rudaí atá ráite ag na baill anseo agus déanaim comhghairdeas leis an gCathaoirleach ar a ceapachán ar an gcoiste. Go n-éirí go geal léi. Beidh sí ag treabhadh ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá idir lámha againn. Fuair mé m’ainmniúchán ó Údarás na Gaeltachta agus is cinnte go mbeidh mé ag obair ar son leas na Gaeltachtaí, ar chás an teanga agus ar phleanáil teanga chomh maith. Go n-éirí go geal libh.

Photo of Naoise Ó MuiríNaoise Ó Muirí (Dublin Bay North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Déanaim féin comhghairdeachas leis an gCathaoirleach as a bheith tofa. Guím gach rath uirthi. Tá a fhios agam go bhfuil suim faoi leith aici sa Ghaeilge agus i gceantracha Gaeltachta agus tá sé sin an-tábhachtach. Táim ríméad orm go bhfuil sí tofa mar Chathaoirleach. Is Teachta Dála nua-thofa mise agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le mo chuid chomhghleacaithe ar an gcoiste ar an gclár oibre. Tá súil agam go mbeimid in ann dul chun cinn a dhéanamh ar na ceisteanna tábhachtacha a mbeimid ag dul i ngleic leo.

Nicole Ryan (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá áthas orm a bheith anseo inniu. Cé nach Gaeilgeoir mé go fóill, tá mé ag foghlaim Gaeilge de réir a chéile agus tá súil agam go mbeidh an coiste foighneach liom. Cé nach bhfuil mé iomlán muiníneach Gaeilge a labhairt faoi láthair, geallaim do bhaill an choiste go ndéanfaidh mé iarracht i gcónaí mo chúpla focal a úsáid agus níos mó Gaeilge a úsáid de réir a chéile. Is mór an onóir dom obair in éindí le baill an choiste seo.

Photo of Shane MoynihanShane Moynihan (Dublin Mid West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Déanaim comhghairdeas leis an Teachta Connolly as ucht a roghnúchán mar Chathaoirleach ar an gcoiste seo. Gabhaim buíochas léi freisin as ucht an gcairdeas agus an chúirtéis atá léirithe aici dom mar Theachta nua-tofa ón uair a chasadh muid ar a chéile i stáisiún raidió cúpla mí ó shin. Tá mé ag súil go mór leis an gclár oibre a bhéas ag an gcoiste amach anseo. Tá mé ag súil go mór ach go háirithe labhairt faoin nuálaíocht atá ag baint leis an nGaeilge agus leis na ceantracha Gaeltachta, rud nach gcloisimid mórán tráchta air sna meáin cumarsáide ach áit a bhfuil an-chuid rudaí suntasacha agus nua idir lámha ag pobal labhartha na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta. Ba maith liom moladh a thabhairt d'Aengus Ó Snodaigh freisin a thug próifíl agus stádas don chomhchoiste seo agus é ina Cathaoirleach le linn an téarma Dála deiridh. Tá mé ag súil go mbeidh an rath céanna ar an gcoiste amach anseo. Tá mé thar a bheith tógtha leis an bpobal labhartha Ghaeilge atá anseo i dTeach Laighean agus is maith liom go gcloisim Gaeilge á labhairt sna pasáistí, sna hoifigí agus a leithéid. Tá súil agam gur fada a mhairfidh sé sin agus gur féidir linn treisiú a dhéanamh ar an obair sin freisin. Guím gach rath ar an gcoiste agus ar an gCathaoirleach freisin.

Photo of Shónagh Ní RaghallaighShónagh Ní Raghallaigh (Kildare South, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Déanaim comhghairdeas mór leis an gCathaoirleach, mar atá á rá ag gach duine. Tá a fhios agam go bhfuil obair iontach déanta ag an gcoiste seo go dtí seo. Molaim mo chomrádaí Aengus chomh maith agus an sár-jab atá déanta aige. Tá an-suim agam sa Ghaeilge, go háirithe an Ghaeloideachas, agus mar sin táim ag tnúth go mór le luí isteach ar an obair atá os ár gcomhair.

Evanne Ní Chuilinn (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Déanaim comhghairdeas leis an gCathaoirleach. Tá mé ag tnúth leis an obair. Tá roinnt mhaith rudaí léite agam mar gheall ar an gcoiste leis an Teachta Ó Snodaigh mar Chathaoirleach. Mar sin, tá mé ag súil leis an gclár oibre a bheidh á phlé againn sa choiste seo. Ba mhaith liom níos mó ama a thabhairt d'ábhair mar gheall ar Ghaelscolaíocht agus na Gaelscoileanna ar fad sa tír. Is dóigh liom go bhfuil an-chuid díograis agus an-chuid fuinnimh sa seomra seo leis na daoine nua ar fad atá ar an gcoiste, agus mar sin tá mé ag súil leis an obair. Comhghairdeas leis an gCathaoirleach arís. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le gach éinne ar an gcoiste.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context

Go raibh míle maith agaibh. Leanfaimid ar aghaidh anois i seisiún príobháideach agus beimid in ann an clár oibre agus na hábhair uilig atá tábhachtach a phlé. Sin deireadh leis an seisiún poiblí.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 11.50 a.m. agus cuireadh an suí ar athló ar 12.37 p.m. go dtí 11 a.m., Dé Máirt, an 10 Meitheamh 2025.